Na contaetha is láidre agus is laige ó thaobh na gaelscolaíochta…

Tá 5% de na daltaí sna córais oideachais ó thuaidh agus ó dheas ag fáil oideachas lán-Ghaeilge 

Na contaetha is láidre agus is laige ó thaobh na gaelscolaíochta…

Tá briseadh síos curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais ar na contaetha is láidre agus na contaetha is laige ó thaobh an oideachais lán-Ghaeilge.

Mar a tuairiscíodh anseo cheana, is beag méadú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.

De réir figiúirí a chuir an Roinn ar fáil do Tuairisc.ie níos túisce i mbliana níor tháinig ach 2.6% d’ardú ar líon na ndaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge  ó 2016 i leith agus 4.8% de mhéadú a tharla ag leibhéal na hiarbhunscoile sa tréimhse chéanna.

6% de dhaltaí an Stáit, idir dhaltaí bunscoile agus dhaltaí iarbhunscoile, atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. 8% de dhaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ach níl oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.5% de dhaltaí iarbhunscoile an Stáit.

Tá níos lú ná 10,000 dalta iarbhunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht.

Líon na ndaltaí sa stát atá ag fáil oideachas Lán-Ghaeilge
Bunscoil 2016 2017 2018
Daltaí Scoileanna Daltaí Scoileanna Daltaí Scoileanna
Sa Ghaeltacht 7,341 102 7,389 101 7,344 100
Lasmuigh den Ghaeltacht 36,784 146 37,234 147 37,934 147
Iomlán 44,125 248 44,623 248 45,278 247
Iarbhunscoil 2016 2017 2018
Daltaí Scoileanna Daltaí Scoileanna Daltaí Scoileanna
Lasmuigh den Ghaeltacht 9,414 28 9,731 28 9,990 28
Sa Ghaeltacht 3,044 20 3,050 20 3,065 21
Iomlán 12,458 48 12,781 48 13,055 49

De réir an eolais nua atá curtha ar fáil ag an Roinn, is i gcathair na Gaillimhe is láidre atá an gaeloideachas agus nach mór 25% de na daltaí bunscoile ansin ag fáil oideachais lán-Ghaeilge. Is i gcontae an Chabháin atá an céatadán is lú daltaí ag fáil oideachais lán-Ghaeilge, 0.7% nó 73 dalta. Seachas na contaetha Gaeltachta is i Muineachán is láidre atá an gaeloideachas agus 11% de na daltaí ansin ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge.

Léiríonn na figiúirí nua go bhfuil maolú le tamall ar an bhfás a bhí ar an ngaeloideachas san am a caitheadh. Tá lucht an ghaeloideachais ag maíomh le fada nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh i measc tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de Ghaeltacht agus nach bhfuil dóthain scoileanna lán-Ghaeilge nua á dtógáil.

De réir figiúirí a chuir na ranna oideachais ó thuaidh agus ó dheas ar fáil do Tuairisc.ie, tá beagán os cionn 5% de dhaltaí uile na hÉireann ag fáil oideachais lán-Ghaeilge.

Bhí os cionn 1.2 milliún dalta ag fáil oideachas bunscoile nó iarbhunscoile in Éirinn in 2018 agus astu siúd, tá 63,594 acu ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge amháin. 

Fuair 5,261 dalta oideachas lán-Ghaeilge ó thuaidh in 2018. 

Ciallaíonn sé sin gur 1.7% de na daltaí uile ó thuaidh atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge.

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh an tseachtain seo caite athrú mór ar an gcóras bunaithe scoileanna ó dheas, athrú a fhágfaidh gur chóir go mbeidh sé níos éasca gaelscoil a bhunú feasta.

Faoin gcur chuige nua, sa chás go mbeidh bunscoil nua le bunú i limistéar pleanála scoile nach bhfuil aon ghaelscoil cheana ann ainmneofar an scoil nua ina Gaelscoil sula gcuirfear an córas pátrúnachta i bhfeidhm.

Lena chois sin, sa chás go mbeidh roinnt bunscoileanna nua le bunú i limistéar pleanála scoile idir 2019-2022, beidh ceann amháin ar a laghad de na scoileanna sin ina Gaelscoil.

ID % Daltaí Líon na
ndaltaí
Líon na
scoileanna
Comhairle Cathrach na Gaillimhe 24.4 1860 4
Comhairle Chontae na Gaillimhe 17.5 4017 40
Comhairle Contae Dhún na nGall 14.7 2770 37
Comhairle Cathrach Chorcaí 12.9 1758 6
Comhairle Chontae Mhuineacháin 11.1 875 4
Comhairle Contae Chorcaí 10.7 5377 22
Comhairle Contae Chiarraí 9.7 1556 18
Comhairle Chontae Chill Mhantáin 9.7 1759 6
Comhairle Chontae na Mí 8.8 2402 10
Comhairle Chontae Chill Dara 8.7 2568 7
Comhairle Contae Átha Cliath Theas 8.4 3040 9
Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae Luimnigh 8.4 1936 6
Cathair agus Comhairle Contae Phort Láirge 8.4 1208 7
Comhairle Contae Mhaigh Eo 8.2 1183 14
Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin 8 1618 6
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 7.1 3362 14
Comhairle Contae Cheatharlach 6.3 482 1
Comhairle Chontae na hIarmhí 5.7 645 3
Comhairle Contae Fhine Gall 5.6 2159 6
Comhairle Chontae Liatroma 5.3 198 2
Comhairle Contae Thiobraid Árann 4.8 889 5
Comhairle Contae an Chláir 4.7 646 4
Comhairle Chontae Chill Chainnigh 4 454 1
Comhairle Contae Loch Garman 3.6 665 3
Comhairle Chontae Uíbh Fhailí 3.6 349 3
Comhairle Chontae Laoise 3.5 404 3
Comhairle Chontae Shligigh 3.2 244 1
Comhairle Chontae an Longfoirt 3.2 176 1
Comhairle Contae Lú 2.6 446 2
Comhairle Chontae Ros Comáin 2 159 1
Comhairle Chontae an Chabháin 0.7 73 1

Fág freagra ar 'Na contaetha is láidre agus is laige ó thaobh na gaelscolaíochta…'