Cúig ghaelscoil nua le bunú i mBaile Átha Cliath agus córas bunaithe scoileanna le hathrú

Tá fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill roimh fhógra an Aire Oideachais faoin gcóras bunaithe gaelscoileanna ‘a rachaidh chun sochar an oideachais lán-Ghaeilge’

Cúig ghaelscoil nua le bunú i mBaile Átha Cliath agus córas bunaithe scoileanna le hathrú

Beidh ar a laghad cúig cinn den 13 bunscoil nua a bhunófar idir 2020-2022 ina scoileanna lán-Ghaeilge.

Fógróidh an tAire Oideachais Joe McHugh inniu, Dé Máirt, athrú mór ar an gcóras bunaithe scoileanna a fhágfaidh gur chóir go mbeidh sé níos éasca gaelscoil a bhunú feasta.

Is iad na ceantair ina mbunófar na gaelscoileanna sa chéad bhabhta pátrúnachta eile ná Domhnach Bat (2020); An Caisleán Nua, Ráth Cúil/Teach Sagard (2020); Domhnach Míde, Binn Éadair BÁC 13 (2021); BÁC 2 agus BÁC 4 (2021); agus An Naigín, Cill Iníon Léinín, Dún Laoghaire, Ráth an Dúin/Coill na Silíní (2020 nó 2022).

Cuirfidh lucht an ghaeloideachais fáilte roimh fhógra an Aire agus an cur chuige nua a d’fhéadfadh cur le líon na ngaelscoileanna sa stát.

Tá fáilte curtha cheana féin ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill roimh fhógra an Aire.

Tá an cheist maidir le bunú gaelscoileanna á plé ag Oifig an Choimisinéara Teanga leis an Roinn Oideachais ó chinn sé go raibh an reachtaíocht oideachais á sárú ag an Roinn i gcás bunú scoile i mBaile Átha Cliath.

“Is dul chun cinn suntasach é fógra an lae inniu, a rachaidh chun sochar an oideachais lán-Ghaeilge. Tá athruithe déanta ar na critéir mheastóireachta a bhaineann leis an bpróiseas pátrúnachta agus ciallaíonn an fógra seo gur chóir go mbeadh rogha an oideachais lán-Ghaeilge ar fáil feasta i gceantair ina bhfuil scoil nua le bunú agus gan an rogha sin ann faoi láthair. 

“Is gá freisin go gcinnteodh beartais na Roinne Oideachais agus Scileanna go bhfreastalaítear ar éileamh breise ar an oideachas lán-Ghaeilge agus is ábhar é sin atáthar a phlé go fóill leis an Roinn,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais an tAcht Oideachais, 1998 nuair nár cuireadh san áireamh a ndualgais reachtúla teanga “go cuí” sa phróiseas a bhain le roghnú pátrúin do bhunscoil nua a bhí le bunú i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/Marino.

Mar thoradh ar an imscrúdú sin, mhol an Roinn go mbunófaí córas nua a d’fhágfadh nár ghá gur ag an bpátrún atá ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise.

Faoi mholadh na Roinne bhunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.

Sin atá ag tarlú anois, mar shampla, i gcás cheantar an Naigín, Chill Iníon Léinín, Dhún Laoghaire, Ráth an Dúin/Coill na Silíní.

D’fhógair an Roinn Oideachais inniu go mbeidh dhá bhunscoil á mbunú sa cheantar sin, ceann in 2020 agus 2022, agus go mbeidh ceann acu sin ina gaelscoil.

Faoin gcur chuige nua, sa chás go mbeidh bunscoil nua le bunú i limistéar pleanála scoile nach bhfuil aon ghaelscoil cheana ann ainmneofar an scoil nua ina Gaelscoil sula gcuirfear an córas pátrúnachta i bhfeidhm.

Tarlóidh sin ach amháin sa chás nach mbeadh sé “cuí déanamh amhlaidh de bharr imthosca áitiúla ar leith”.

Lena chois sin, sa chás go mbeidh roinnt bunscoileanna nua le bunú i limistéar pleanála scoile idir 2019-2022, beidh ceann amháin ar a laghad de na scoileanna sin ina Gaelscoil.

Arís, is sin a tharlóidh ach amháin sa chás go mbeidh cúinsí áirithe ar leith ann.

Is iad na cúinsí “ar leith” atá luaite ag an Roinn Oideachais ná cás ina bhfuil dóthain soláthair gaeloideachais sa limistéar cheana, cás nach bhfuil scoil ilchreidmheach Béarla sa cheantar cheana nó cás ina bhfuil “cúinsí deimeagrafacha ar leith ann” a fhágann go gcinntear gur cheart an cinneadh faoi ghaelscoil a fhágáil go dtí i ndiaidh an phróisis phátrúnachta.

Bhí dhá bhunscoil lán-Ghaeilge i measc an 12 bunscoil nua a d’fhógair an Roinn Oideachais mí Feabhra.

Sa Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath agus i Maigh Nuad i gcontae Chill Dara a bheidh an dá scoil lán-Ghaeilge nua a bheidh faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta.

Scoileanna ocht seomra ranga a bheidh sa scoil nua i Maigh Nuad agus sa scoil nua i mBaile an Bhóthair sa Charraig Dubh i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Fógraíodh roimhe sin go mbeadh gaelscoil nua á bunú chomh maith i mbliana i nDroim Conrach i dtuaisceart na cathrach.

Fág freagra ar 'Cúig ghaelscoil nua le bunú i mBaile Átha Cliath agus córas bunaithe scoileanna le hathrú'

  • Dermot Druhan

    Cé’n fáth go bhfuil peictiúir de’n chomhartha tráchta a úsáidtear sa Ríocht Aontaithe nasctha agaibh leis an scéal seo?
    Níl an comhartha úd dleathach sa tír seo.
    Seo an t-aon comhrá dleathach chuige san, i dteannta le teachtaireacht rabhaidh féna bhun, más ghá.
    https://www.pdsigns.ie/product/safety-road-warning-w-141-school-ahead-sign/

  • Béarla teanga an Stáit

    Is coistí deonacha a bhunaigh na Gaelscoileanna in ainneoin na constaiceanna a leag síos an córas stáit agus eaglasta. Ná déanaimís dearmad ar sin.
    Má tá grúpa daoine ansin atá ag iarraidh Gaelscoil nó meánscoil LánGhaeilge go háirithe ina gceantair fhéin ná bí a braith ar phleananna an Stáit bunaigí coiste Gaelscoile. Sna 26 condae Níl ach 5% des na páistí bunscoile agfreastal ar Ghaelscoil. Is 25% des na tuistí atá ag iarraidh Gaelscoil dá bpáistí. Níl an Roinn Oideachais ag pleanáil chun go mbeidh teacht ar 25% de thuistí ar Gaelscoil.
    Bíodh an diabhal urthu. Tosaimís coistí Gaelscoile neamhspleácha.

  • An Fiach Liath

    Dia leat!