Bhí mo chroí i mo bhéal nuair a chonaic mé ainm duine de chomharsana béal dorais mo mháthar ar scáileán mo ghutháin phóca. An raibh rud éigin tar éis tarlú di?
Níl cúig bliana ann fós ó deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair ach tá rudaí ag dul in olcas go sciobtha. Le deireanas, tá nós aici suí le taobh an bhóthair, an chuma uirthi go bhfuil sí ag fanacht ar dhuine éigin a bhaileodh í. Ina suí ar a tóin a bhíonn sí, a cosa sínte amach roimpi. An raibh carr tar éis tiomáint tharstu sin?
Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh. Bhí an chomharsa ag glaoch orm ar chúis iomlán éagsúil. Bhí ráfla cloiste aige go mbeadh teach mo mháthar le cur ar an margadh ‘an tseachtain seo chugainn’ agus bhí sé ag iarraidh ‘a dheimhniú’ nach raibh an ráfla sin fíor.
Níor cheil an chomharsa chéanna riamh go bhfuil spéis aige teach mo mháthar a cheannach, agus níorbh é seo an chéad ghlaoch a chuir sé orm féin ná ar mo dheartháir óg ina thaobh.
Agus ní hé an t-aon duine amháin a shantaíonn teach mo mham ach oiread.
Ó deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair, níl a fhios agam cá mhéad duine a d’fhiafraigh díom céard a dhéanfaidh mé féin agus mo dheartháir óg le teach mo mham nuair a thiocfaidh an lá go mbeidh uirthi féin an teach a fhágáil, agus a luaigh liom gur bhreá leo féin é a cheannach. Comharsana, cúramóirí agus cairde – mo dhlúthchara féin, an scríbhneoir agus an síceolaí ina measc.
Bhí olc orm leo ar fad.
Nach bhféadfaidís, dáiríre, fanacht go dtí go dtiocfadh an lá nach mbeadh cónaí ar mo mham ina teach féin a thuilleadh lena spéis ina teach a léiriú? I gcásanna áirithe, shílfeá fiú amháin gur le caoinchead uathu siúd a cheannódh an teach a bhí mo mháthair fós ina cónaí ina teach féin.
Agus rud eile de: nár rith sé leis na daoine seo go bhféadfadh sé go dteastódh uaim féin nó ó mo dheartháir óg cónaí sa teach lá éigin?
Tá sé socraithe agam féin agus ag mo dheartháir nach bpléifidh muid an cheist sin go dtí go dtiocfaidh an lá go mbeidh orainn í a phlé.
Idir an dá linn, coinním guaim orm féin nuair a bhíonn daoine fiosracha ag faire an tí sula mbeidh faire sa teach, mar a déarfá. Is faoiseamh dúinn é go gcoinníonn na comharsana leathshúil ar mo mháthair nuair nach mbímid féin nó na cúramóirí thart, agus sa chás go dteastódh uainn teach mo mham a dhíol dáiríre lá éigin amach anseo, ní straitéis mhargaíochta mhaith a bheadh ann an cloigeann a chailleadh leis na daoine a cheannódh é.
Fág freagra ar 'Na comharsana ag faire an tí sula mbeidh ‘faire’ ann…'