Na céadta othar le fágáil gan dochtúir ar an gCeathrú Rua ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh

Ní bheidh an té a bhí le teacht i gcomharbacht ar Mary Feerick mar dhochtúir teaghlaigh ar an gCeathrú Rua ag glacadh leis an bpost

Na céadta othar le fágáil gan dochtúir ar an gCeathrú Rua ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh

Fágfar na céadta othar ar an gCeathrú Rua gan dochtúir teaghlaigh nuair a éireoidh an Dochtúir Mary Feerick as a cúram ag deireadh na seachtaine seo chugainn.

Tá deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach mbeidh an dochtúir a bhí le teacht i gcomharbacht ar an Dochtúir Feerick san ionad leighis ar an gCeathrú Rua ag glacadh leis an bpost anois.

Caithfear ionadaí sealadach a aimsiú le cúraimí an dochtúra teaghlaigh a ghlacadh ar an 5 Lúnasa a fhad is a bheidh próiseas eile earcaíochta ar bun le dochtúir buan a aimsiú don Cheathrú Rua.

Thug an t-ionad leighis ar an gCeathrú Rua le fios do RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil ualach “róthrom oibre” ar na dochtúirí eile teaghlaigh sa cheantar cheana féin agus nach mbeidh siad in ann dá bharr freastal ar na hothair a fhágfar ar an trá fholamh an tseachtain seo chugainn.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trvor Ó Clochartaigh go raibh ceisteanna curtha aige ar HSE faoin scéal.

“Tá freagra iarrtha agam ón FSS mar ábhar práinne, ag iarraidh orthu an scéala is déanaí a roinnt linn maidir le líonadh an fholúntais agus céard atá le déanamh ag na hothair idir an dá linn.

“Níl amhras dá laghad orm, ná go leagann na dochtúirí teaghlaigh áitiúla an fhreagracht iomlán ar an FSS maidir leis an gceist seo agus go háirithe ar na baill foirne a bhfuil sé de chúram orthu an folúntas seo a líonadh, agus tá ceisteanna móra le freagairt faoi cén fáth an bhfuil muid san riocht iomlán doghlactha seo ag an bpointe seo,” a dúirt an Seanadóir Gaeltachta, Trevor Ó Clochartaigh.

Fág freagra ar 'Na céadta othar le fágáil gan dochtúir ar an gCeathrú Rua ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh'

  • Treasa Ni Chonghaile

    Tá othair chomh maith ag an Dochtúir Feerick i gCeantar na nOileáin a bheas fágtha gan Dochtúir agus feicfear dom nach bhfuil caint ar bith a dhéanamh oraibh siúd.