Na babhtaí cáilithe ag dul i ndéine agus Maigh Eo agus Tír Eoghain i mbaol

Is é an cluiche idir Cill Dara agus Tír Eoghain agus an ceann idir Maigh Eo agus Ard Mhacha is mó a bhfuil caint déanta fúthu ach ba cheart go mbeadh dianiomaíocht sna babhtaí cáilithe go léir

Na babhtaí cáilithe ag dul i ndéine agus Maigh Eo agus Tír Eoghain i mbaol

Cill Dara v Tír Eoghain – An Droichead Nua, 5.00pm (Beo ar Sky Sports)

Tá Cill Dara ar ais ar an Droichead Nua do chluiche mór i mBabhta 3 na gcluichí cáilithe i mbliana agus tar éis dóibh teacht aniar aduaidh ar Mhaigh Eo anuraidh, is iad Tír Eoghain a bheidh ag dul sa bhearna bhaoil i bPáirc Naomh Conlaith tráthnóna.

Is beag rabhadh a bheidh ag teastáil ó fhoireann Mickey Harte faoin turas seo. Tar éis an aighnis uile a bhí ann anuraidh maidir le ‘Newbridge or nowhere’, bíogtha go maith a bhí Cill Dara agus bhí bua stairiúil acu ar Mhaigh Eo.

Níor thug feachtas na bliana seo aon údar mór misnigh d’fhoireann Chian O’Neill, áfach. Cé gur éirigh leo Aontroim a bhualadh go héasca an deireadh seachtaine seo caite, bhuail Áth Cliath greadadh orthu, 0-26 in aghaidh 0-11, i gcluiche leathcheannais Laighean ag tús na míosa seo.

Údar díomá do Thír Eoghain gur chlis siad i mbabhta leathcheannais an chúige i gcoinne Dhún na nGall. Bhí siad níos fearr i gcoinne an Longfoirt an lá cheana ach tá obair mhór fós le déanamh acu más leo an chéad bhabhta eile a bhaint amach.

D’aimsigh Cathal McShane 2-2 i gcoinne an Longfoirt ach theip ar cheathrar de na tosaithe eile a thosaigh do Thír Eoghain oiread agus cúilín amháin a fháil.

D’imir cosantóirí na nUltach go han-mhaith an deireadh seachtaine seo caite ach bheifeá ag súil go mbeadh cluiche níos crua rompu tráthnóna.

D’aimsigh Neil Flynn 1-8 agus fuair Adam Tyrell 0-7 do Chill Dara i gcoinne Aontroma ach is mór an chailliúint fós é Daniel Flynn, a shocraigh gan imirt leis an gcontae i mbliana. Dá mbeadh sé ag imirt inniu, bheadh seans i bhfad níos fearr ag Cill Dara ach dá uireasa, déarfainn go mbeadh an lá le Tír Eoghain.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Gary Brennan (An Clár) ag imirt i gcoinne Chiarraí i 2018. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

An Iarmhí v An Clár – An Muileann gCearr, 6.00pm

Seo é an dara huair riamh ag na foirne seo casadh ar a chéile i gcraobh na hÉireann sa pheil. Bhuaigh an Clár an cluiche eile eatarthu, i mBabhta 2 na gcluichí cáilithe in Inis in 2005, agus beidh siad ag súil leis an toradh céanna tráthnóna i bPáirc Uí Chíosóg sa Mhuileann gCearr.

Chaill an Clár i gcoinne Chiarraí ceithre seachtaine ó shin, ach tabharfaidh an taispeántas a thug siad i gcoinne Liatroma an deireadh seachtaine seo caite an-mhisneach dóibh. D’aimsigh siad 2-12 sa chéad leath agus murach trí shábháil a rinne cúl báire Liatroma, d’fhéadfadh tuilleadh a bheith scóráilte acu.

Gary Brennan, Jamie Malone agus Eimhin Courtney a fuair na cúil don Chlár an lá sin ach rinne an fhoireann an-obair ar fud na páirce agus d’éirigh leo seilbh na liathróide a bhaint d’imreoirí Liatroma arís agus arís eile.

Fuair an Iarmhí an bua i gcoinne Luimnigh chomh héasca céanna agus is dóigh nár cheart dul thar fóir leis an moladh nuair is foirne as Roinn 4 na sraithe amháin atá sáraithe ag an Iarmhí agus ag an gClár go dtí seo.

Ba cheart go mbeadh an-choimhlint i lár páirce sa chluiche seo idir Gary Brennan agus Kieran Martin agus comhrac cinniúnach a beidh eatarthu.

Rogha Tuairisc.ie: An Clár

Aidan O’Shea (Maigh Eo) agus Owen McCabe (Maigh Eo). Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Maigh Eo v Ard Mhacha – Caisleán an Bharraigh, 7.00pm (Beo ar Sky Sports)

Rinne peileadóirí Mhaigh Eo go maith teacht slán as an Iúr an deireadh seachtaine seo caite ach tá coimhlint chrua eile rompu agus Ard Mhacha ag teacht anuas go Caisleán an Bharraigh anocht.

Fógraíodh i rith na seachtaine nach bhfeicfidh muid Diarmuid O’Connor i ngeansaí Mhaigh Eo arís i mbliana tar éis dó a rosta a bhriseadh agus é i mbun traenála agus is mór an buille é sin d’fhoireann James Horan. Is imreoir den scoth é O’Connor. Tá Maigh Eo an-ghann ar imreoirí lár páirce mar atá ó tharla Séamus O’Shea, Matthew Ruane agus Tom Parsons a bheith ar iarraidh chomh maith.

Mar bharr ar an mí-ádh, tá Ard Mhacha láidir go maith lár páirce. Tá ardmholadh faighte ag Jarlath Óg Burns i mbliana agus bhí Niall Grimley ar fheabhas i gcoinne Mhuineacháin nó gur gortaíodh é i dtreo dheireadh na himeartha.

Chomh maith le Burns, tá fear óg cumasach eile tagtha go mór chun cinn i mbliana – Rian O’Neill. Idir O’Neill Jamie Clarke, Stefan Campbell agus Jemar Hall, tá tosaithe an-láidir ag Ard Mhacha faoi láthair agus coisíocht iontach acu freisin. Seans go mbeidh cur chuige Kieran McGeeney bunaithe ar leas a bhaint as an luas sin go háirithe agus Maigh Eo ag brath ar go leor seanfhondúirí i measc na gcosantóirí.

Ach ní go réidh a ghéillfidh na seanfhondúirí sin ná foireann seo Mhaigh Eo. Bhíodar seal i dtrioblóid i gcoinne an Dúin ach d’éirigh leo sa deireadh. Fiú nuair a chaill siad i gcoinne Chill Dara ar an Droichead Nua anuraidh, níorbh aon easpa díchill ba chúis leis.

Ach beidh níos mó ná dúrúch oibre ag teastáil an uair seo.

Rogha Tuairisc.ie: Ard Mhacha

Niall McNamee agus foireann Uíbh Fhailí. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Laois v Uíbh Fhailí – Port Laoise, 7.00pm

Cath na gcomharsan a bheidh againn idir Laois agus Uíbh Fhailí i bPáirc Uí Mhórdha i bPort Laoise.

Aisteach go leor, cé go bhfuil na foirne seo i gcraobh Laighean, níor imir siad a chéile sa chraobh ó 2006. É sin ráite, bhí cúpla cluiche sraithe crua eatarthu le cúpla bliain anuas. Uíbh Fhailí a bhuaigh le cúilín amháin in 2017 agus ba iad Laois a bhuaigh le dhá phointe sa gcluiche a bhí eatarthu níos túisce i mbliana.

Bhí bua maith ag Laois as baile i gcoinne Dhoire an deireadh seachtaine seo caite agus tabharfaidh sé sin misneach dóibh roimh chluiche an lae inniu. Bhuail Uíbh Fhailí greadadh ar Shligeach, 3-17 in aghaidh 0-15, chun áit a bhaint amach i mBabhta 3 agus má éiríonn leo tráthnóna, beidh áit acu i mBabhta 4 na gcluichí cáilithe den chéad uair ó 2006.

Ag breathnú siar ar na cluichí sraithe sin, níor cheart go mbeadh mórán idir na foirne tráthnóna, ach ó tharla iad a bheith ag imirt sa mbaile, is ag Laois atá an buntáiste.

Rogha Tuairisc.ie: Laois

Fág freagra ar 'Na babhtaí cáilithe ag dul i ndéine agus Maigh Eo agus Tír Eoghain i mbaol'