Múinteoirí nach raibh Gaeilge líofa acu fostaithe ag 80% de scoileanna Gaeltachta

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie dúirt 22 as 28 príomhoide iarbhunscoile sa Ghaeltacht go raibh orthu múinteoirí nach raibh Gaeilge acu a earcú le folúntais a líonadh

Múinteoirí nach raibh Gaeilge líofa acu fostaithe ag 80% de scoileanna Gaeltachta

B’éigean do cheithre scoil as gach cúig iarbhunscoil Ghaeltachta múinteoir nach raibh Gaeilge líofa acu a fhostú, de réir suirbhé nua.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie ar phríomhoidí iarbhunscoile Gaeltachta, dúirt 22 duine as 28 díobh go raibh orthu múinteoirí gan Gaeilge líofa a earcú le folúntais a líonadh, ceal malairt rogha a bheith ar fáil.

Tá fadhb mhór le tamall de bhlianta anuas ag scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge teacht ar mhúinteoirí oilte a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Dúirt 19 den 28 príomhoide a ghlac páirt sa suirbhé go raibh deacrachtaí acu le dhá bhliain anuas múinteoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu a earcú le hábhar eile seachas an Ghaeilge a mhúineadh. Le dhá bhliain anuas, bhí deacrachtaí ag ochtar príomhoidí dhá fholúntas nó níos mó a líonadh mar gheall ar easpa múinteoirí le Gaeilge.

Tá folúntas amháin a fógraíodh trí bliana ó shin, do mhúinteoir eacnamaíocht bhaile, fós gan líonadh.

Tá deacrachtaí i láthair na huaire ag 16 iarbhunscoil Ghaeltachta, nó 57% díobh, folúntais a líonadh mar gheall ar easpa múinteoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Dúirt príomhoide amháin go raibh múinteoirí ag múineadh trí Bhéarla ina scoil féin mar nach raibh “aon dul as” aige.

Dúirt príomhoide eile go mbíonn orthu múinteoirí gan Ghaeilge a earcú “go minic”.

“Tá an t-ádh linn más féidir múinteoir leis an ábhar cuí a fháil atá báúil don Ghaeilge – gan trácht ar fhocal Gaeilge a bheith aige,” a dúirt an príomhoide sin.

Dúirt príomhoide eile nach raibh an “dara rogha” aige ach múinteoirí gan Ghaeilge a fháil ach go mbíonn cuid acu sásta a bheith ag foghlaim.

“Ní raibh an dara rogha againn. Ach, bíonn siad siúd lánsásta feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge in ainneoin an easpa liúntais dóibh agus iad ag múineadh i gcoláiste Gaeltachta. Níl an íoróin caillte orm anseo: easpa luach saothair do mhúinteoirí, gan trácht ar scoláirí. Má tá an teanga tábhachtach, ní mór aitheantas a thabhairt dó seo, i dteannta le tacaíochtaí cuí don mhúinteoir atá sásta an dúshlán a ghlacadh,” a dúirt sé.

Dúirt príomhoide eile go raibh air clár ama na scoile a athrú faoi dhó mar gheall ar easpa múinteoirí “don Ghaeilge féin”. 

Ba iad na hábhair is mó a luadh ná ábhair san eolaíocht agus teangacha ach luadh deacrachtaí a bheith le folúntais do mhórán ábhar eile chomh maith.

Bíonn fadhb le “gach ábhar” ó thaobh folúntais a líonadh, a deir príomhoide amháin.

28 den 29 príomhoide iarbhunscoile Gaeltachta a ghlac páirt i suirbhé Tuairisc.ie.

Dúirt príomhoide amháin nach raibh aon deacracht ina scoil folúntais a líonadh le dhá bhliain agus gur cúig fholúntas a líonadh sa tréimhse sin.

Tá rabhadh faighte ag an Roinn Oideachais óna cigirí féin faoin nganntanas múinteoirí atá cáilithe le bheith ag teagasc i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Dúradh i dtuarascáil a foilsíodh i mí Mheán Fómhair gur ghá don Roinn leanúint dá hiarracht réiteach a fháil ar “cheisteanna a bhaineann le soláthar múinteoirí le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge, i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta”.

Tugadh le fios go mbíonn sé deacair múinteoirí iarbhunscoile leis an “cumas cuí sa Ghaeilge” a earcú d’ábhair áirithe agus go mbíonn gá freisin le forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a bhíonn ar bheagán Gaeilge.

Dúirt ceannasaí na heagraíochta Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, gur léirigh an tuarascáil an phráinn a bhaineann leis an bhfadhb.

Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais cúrsa nua lán-Ghaeilge a bhunú do chéimithe atá ag iarraidh dul leis an múinteoireacht.

Tá iarratas déanta ag an Roinn ar eolas ó choláistí tríú leibhéal a mbeadh suim acu an cúrsa nua a chur ar fáil. Cúrsa dhá bhliain a bheadh i gceist agus ina dhiaidh bheadh na mic léinn cáilithe ina múinteoirí iarbhunscoile.

Fág freagra ar 'Múinteoirí nach raibh Gaeilge líofa acu fostaithe ag 80% de scoileanna Gaeltachta'

  • EDR

    Tuige mar sin a raibh ar 3 mhúinteoir nua-cháilithe ar mo bhaile dhul suas faoin tír le haghaidh jabanna? Mar tugadh poist i scoileanna áitiúla do mhúinteoirí nach raibh líofa ach a phós isteach sa gceantair agus a raibh gaol nó cairdeas acu le múinteoirí eile sa scoil. Tá an locht ar phríomhoidí.

  • Caitríona

    Léachtóirí i scoileanna oideachais atá ag cur oiliúint ar mhúinteoirí gan Gaeilge chruinn acu. Cén t-iontas go bhfuil droch chaighdeán Gaeilge ag ábhar múinteoirí?!

  • Seán Ó hAodha

    Ceann des na cúiseanna nach bhfuil múinteoirí iarbhunscoile le Gaeilg ar fáil ná nach bhfuil na cúrsaí ann chun múinteoirí phraiticiúla a thraenáil chun teagasc tré mheán na Gaeilge. Is 20% des na múinteorí in aon scoil a bhíon nag plé le Miotalóireacht, Ealaín, Eacnamaíocht Bhaile, Adhmadóireacht, Innealtóireacht, Foirgneolaíocht, Corpoideachas. srl Níl modúl dírithe ar theagasc tré mheán na Gaeilge ar fáil sna coláistí a ina bhfuil múinteoirí praiticiúla á oiliúint,

  • Peadar

    Seán, an bhfuil téacsleabhar Ealaíne & rl. as Gaeilge ann do na múinteoirí sin?

  • Bríd

    Luíonn an mhilleán ar Phríomhoidí..iad ag tairiscint poist dá gcomrádaithe ar bheagán Gaeilge!

  • CC

    Óna 1920s go dtí na 1940s bhí coláistí oiliúna ag piocadh is ag bailiú daoine óga as an Ghaeltacht agus á scaipeadh faoin dtír iad le haghaidh Éireann a ‘ath-Ghaelú’.

    Faoi 1940 bhí níba mhó ná 30% de na scoileanna lán-Ghaelach (ag teagasc trí Ghaeilg amháin) agus níba mhó ná 20% ag múineadh go dátheangach.

    Anois ní féidir leis an Ghaeltacht múinteoirí le ard-chaighdeán Gaeilg a thógáil is a earcú, gan trácht ar iad a sholáthar don tír ar fad.

    Go simplí, d’úsáid Éire muintir na Gaeltachta le haghaidh an teanga a mhúineadh ach níor tugadh aird do na fadhbanna sóisialta a bhí á marú an teanga… Agus ar ndóigh, ní féidir le scoileanna teanga a athbheochan gan tuismitheoirí ag tógáil clainne le Gaeilg agus á lonnú féin le daoine eile ar aon intinn leo… D’úsáid an sochtheangeolaí Joshua Fishman cás na hÉireann uair le haghaidh é seo a thaispeáint agus conas ‘Irelandisation’ a sheachaint agus tú ag iarraidh teanga a athbheochan.

    Bhí seans deireanach ag Éire dul i ngleic leis seo i 2007 le cabhair Brian Ó Curnáin, Conchúr Ó Giollagáin agus eile, ach shocraigh an Rialtas gan an chabhair sin a ghlacadh.

    Rinneadh ’20 year plan’ gan mhaith ina ionad sin agus gearradh maoiniú cúrsaí Gaeltachta go tubaisteach.

    Anois tá sé ró-dhéanach, cheal gluaiseacht radacach. Níl caighdeán na Gaeilge sna Gaelscoileanna ró-mhaith (Géarla a thug Tomás Mac Síomóin uirthi), bíonn deacrachtaí ag Gaelscoileanna múinteoirí chuí a fháil, ní féidir le scoileanna Gaeltachta múinteoirí chuí a fháil, tá an-éileamh ar Gaelscoileanna mar gheall ar caighdeán an oideachais agus buntáistí an dátheangachais ach ní ar son na Gaeilg atá an t-éileamh seo.

    Bheadh gníomhaíochtaí radacacha de dhíth chun dul i ngleic leis seo ag an bpointe seo, agus ní dóigh liom go bhfuil mórán daoine ann a thuigeann é sin.

    Tá mo dhóchas go léir anois i ngrúpaí ar nós Misneach agus Teacht Aniar. Grúpaí a oibríonn go neamhspleách ón mbun aníos agus a thuigeann na fadhbanna atá ann chomh maith

  • Seán ÓM

    Is uafásach an rud a luaigh Bíd agus EDR – tá súil agam gur eisceachtaí na cásanna seo – is sárú dlí amach is amach é sin gan trácht ar an teanga fiú.

    Tá dul chun cinn maith déanta sna blianta atá thart leis an nGaeilge sna bunscoileanna – ach is fadhb chórasach í seo – fadhb atá níos deacra a réiteach, mar teastaíonn saineolas agus téarmaíocht speisialta ar ábhair éagsúla ó na múinteoirí dara-leibhéil (Níl oideachas ginearálta nó scileanna teanga ginearálta i gceist sa chaoi céanna mar atá sna bunscoileanna).

    Is minic a bhíonn Tuairisc ag insint dúinn faoi na dea-staitisticí agus torthaí maithe a bhíonn bainte amach sa Bhreatain Bheag agus an Tír Bhascach.
    B’aoibheann liom fáil amach cén chaoi a chuaigh/a théann na tíortha sin i ngleic go díreach leis an bhfadhb “saineolas do na hábhair dara-leibhéil” seo??

    Ansin bheadh muin in ann an rud ceart a iarradh ó na dhá rialtas Thuaidh agus Theas.