Rabhadh faighte ag an Roinn Oideachais óna gcigirí féin faoi easpa múinteoirí le Gaeilge

Tugtar léargas i dtuarascáil taighde nua ar chuid de na deacrachtaí a bhíonn ag scoileanna Gaeltachta

Rabhadh faighte ag an Roinn Oideachais óna gcigirí féin faoi easpa múinteoirí le Gaeilge

Tá rabhadh faighte ag an Roinn Oideachais óna cigirí féin faoin nganntanas múinteoirí atá cáilithe le bheith ag teagasc i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Deirtear i dtuarascáil nua ó Chigireacht na Roinne Oideachais agus an Foras Taighde ar Oideachas gur gá don Roinn leanúint dá hiarracht réiteach a fháil ar “cheisteanna a bhaineann le soláthar múinteoirí le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge, i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta”.

Sa tuarascáil nua faoin bpolasaí oideachais Gaeltachta tugtar le fios go mbíonn sé deacair múinteoirí iarbhunscoile le “cumas cuí sa Ghaeilge” a earcú d’ábhair áirithe agus go mbíonn gá freisin le forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a bhíonn ar bheagán Gaeilge.

Dúirt ceannasaí na heagraíochta Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, gur léirigh an tuarascáil an phráinn a bhaineann leis an bhfadhb.

“Aithnítear go bhfuilimid ag staid na géarchéime maidir le soláthar múinteoirí atá sách inniúil ar an nGaeilge le múineadh i suíomh tumoideachais.

“Deimhníonn agus treisíonn an tuarascáil seo an riachtanas atá ann aghaidh ar thabhairt air seo ar bhonn práinne.

“Tá foilsiú na tuarascála seo an-tráthúil agus an Roinn Oideachais anois ag cur tús le forbairt an pholasaí don oideachais lán-Ghaeilge,” a deir Bláthnaid Ní Ghréacháin.

Tugtar léargas sa tuarascáil ar chuid de na deacrachtaí a bhíonn ag scoileanna Gaeltachta.

Thug múinteoirí i roinnt bunscoileanna le fios nach raibh teiripe urlabhra agus teanga nó seirbhís síceolaíochta ar fáil trí Ghaeilge ina gceantair.

Dúshlán ‘ar leith’ don pholasaí oideachais Gaeltachta daltaí a chur ag labhairt na Gaeilge lasmuigh den rang – tuarascáil nua

Mhaígh tuismitheoirí bhunscoile amháin nach bhfuil caighdeán Gaeilge na dtéacsleabhar “sásúil” agus nach dtuigeann na daltaí an Ghaeilge atá iontu. Luadh an téacsleabhar matamaitice go sonrach toisc go n-úsáidtear “canúintí difriúla” ann.

Deirtear sa tuarascáil gur thug tuismitheoirí áirithe le fios nach mbíonn a gcuid páistí ag roghnú leabhar Gaeilge ina gcuid am saor. Deirtear gur measadh nach raibh go leor leabhair Ghaeilge ar fáil agus nach bhfuil caighdeán na leabhar Gaeilge “sách maith” chun spéis na ndaltaí a mhúscailt.

Deirtear gur luadh chomh maith “frustrachas” na ndaltaí nuair nach gcloíonn ‘Gaeilge na leabhar le Gaeilge na háite’.

I gcásanna áirithe bhí gá lena chinntiú go ndíreofaí níos mó ar na foghlaimeoirí ab airde cumas sa Ghaeilge.

Dúradh gur gá freisin “dúshlán níos oiriúnaí” a bheith ann do dhaltaí a bhfuil Gaeilge an-mhaith acu.

Ag leibhéal na hiarbhunscoile tuairiscíodh go raibh méadú ar líon na n-ábhar a bhí ar fáil trí Ghaeilge sna scoileanna ach go raibh gá le tuilleadh deiseanna cainte a thabhairt do dhaltaí le linn na gceachtanna, na scoláirí ba lú Gaeilge san áireamh.

Moltar sa tuarascáil do scoileanna béim níos mó a leagan ar saintéarmaíocht na n-ábhar éagsúla a mhúineadh aisti féin agus an gá a bhíonn le húsáid na téarmaíochta Gaeilge a chruthú do na daltaí.

Tuairiscíodh i gcás na n-iarbhunscoileanna “gur lúb ar lár fheiceálach í” nach raibh “próifíliú” déanta ar chumas na ndaltaí sa teanga go luath san iarbhunscoil.

“Dúshlán” eile a luaitear is ea “an easpa oiliúna” a bhraitheann múinteoirí sa Ghaeltacht a bheith ann ó thaobh litearthacht an Bhéarla a mhúineadh i rang a haon i gcóras an tumoideachas. Tá “comhthéacs” na scoileanna Gaeltachta difriúil agus deirtear gur “mhór an chabhair” é dá mbeadh cúrsa d’fhorbairt ghairmiúil ar fáil arís do mhúinteoirí na Gaeltachta chun tabhairt faoi litearthacht an Bhéarla.

Ag leibhéal na hiarbhunscoile, tuairiscíodh go raibh cúig bhord bainistíochta as seacht gcinn ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge, bord bainistíochta I scoil amháin ag feidhmiú go dátheangach agus bord amháin eile ag feidhmiú trí Bhéarla toisc nach raibh Gaeilge ag na baill ar fad.

Tuairiscíodh go raibh deacrachtaí ann leis na téacsleabhair ag leibhéal na hiarbhunscoile chomh maith.

Dúirt múinteoirí áirithe go mbíonn an téarmaíocht sna hábhair éagsúla “deacair do na scoláirí, bíodh sé i nGaeilge nó i mBéarla”. Bhí siad buartha “go mbíonn trí nó ceithre théarma in úsáid uaireanta sna leabhair don choincheap céanna” agus maíodh go bhféadfadh téarma eile ar fad a bheith in úsáid ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Moltar sa tuarascáil gur chóir don Roinn Oideachais féachaint ar bhealaí chun cúnamh a thabhairt do scoileanna ról níos láidre a thabhairt do thuismitheoirí agus don phobal maidir le cuspóirí na scéime aitheantais Gaeltachta.

Ba chóir don Roinn a chinntiú freisin, a deirtear, go mbíonn an t-ábhar foghlama agus measúnaithe a bhíonn ar fáil do scoileanna Gaeltachta in oiriúint do staid na teanga sna ceantair éagsúla.

Fág freagra ar 'Rabhadh faighte ag an Roinn Oideachais óna gcigirí féin faoi easpa múinteoirí le Gaeilge'

  • Peadar

    Tuairisc eile! Cur amú airgid an cháin íocóra! Náireach…

  • Seán

    Tuairiscí/Tuarascáil/Taighde…a thuilleadh den chur i gcéill ag Quangos na Gaeilge…

  • Colette nì ghallchòir

    Tà an leabhar matamatic go holc sna hàrdranganna.Nuair nach bhfuil mòràn uimhreacha ach mòràn focal.