Dúshlán ‘ar leith’ don pholasaí oideachais Gaeltachta daltaí a chur ag labhairt na Gaeilge lasmuigh den rang – tuarascáil nua

Tá staidéar nua déanta ag Cigireacht na Roinne Oideachais agus an Foras Taighde ar Oideachas ar an scéim aitheantais faoina mbaineann scoileanna stádas mar scoileanna Gaeltachta amach

Dúshlán ‘ar leith’ don pholasaí oideachais Gaeltachta daltaí a chur ag labhairt na Gaeilge lasmuigh den rang – tuarascáil nua

Tá “dúshláin ar leith” ag baint “le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga an tsóisialaithe” i measc dhaltaí iarbhunscoile Gaeltachta, de réir tuarascála nua.

Deirtear sa tuarascáil nua faoin bpolasaí oideachais Gaeltachta gur chóir do gach scoil Ghaeltachta daltaí a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga “a mhinice agus is féidir”.

Deirtear go raibh an Ghaeilge “á labhairt go minic” ag daltaí i “go leor scoileanna”, bídís sa seomra ranga nó sa chlós.

Bhí́ ‘riail na Gaeilge’ agus straitéisí eile á n-úsáid “go héifeachtach” chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn agus deiseanna a sholáthar do dhaltaí́ an Ghaeilge a labhairt lasmuigh den seomra ranga, mar theanga an tsóisialaithe.

Ina ainneoin sin, tuairiscítear “go raibh obair le déanamh fós” ag scoileanna, go háirithe ag an iarbhunleibhéal, chun daltaí “a chumasú́ agus a mhisniú́ chun an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacsanna sóisialta”.

Deirtear gur gá d’iarbhunscoileanna na Gaeltachta ról gníomhach a thabhairt do dhaltaí i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga an tsóisialaithe. Deirtear go bhfuil gá le feachtas cumarsáide agus fógraíochta “ag leibhéal an chórais agus leibhéal na scoile aonair” chun tuismitheoirí́ “a mhisniú agus a chumasú” maidir le húsáid na Gaeilge mar theanga an teaghlaigh.

Cigireacht na Roinne Oideachais agus an Foras Taighde ar Oideachas a rinne an staidéar ar an scéim aitheantais faoina mbaineann scoileanna stádas mar scoileanna Gaeltachta amach.

Mar chuid den taighde rinneadh cigireacht ar 12 bunscoil agus seacht n-iarbhunscoil sa Ghaeltacht agus dúradh go raibh tuairiscí na gcigirí “an-dearfach faoi fhís na mbunscoileanna agus na n-iar-bhunscoileanna araon i leith úsáid na Gaeilge mar theanga na cumarsáide sa scoil”.

Moltar sa tuarascáil gur chóir do gach scoil straitéis a chur i bhfeidhm chun go mbeadh dlúthbhaint ag na daltaí́ féin leis na spriocanna sna pleananna gníomhaíochta a bhíonn le hullmhú ag scoileanna atá ag cur isteach ar stádas Gaeltachta.

Dúradh go raibh scoileanna á “misniú́ agus á gcumasú” ag an Scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta “chun tús áite a thabhairt do cheist na Gaeilge san fhís a bhí́ acu i leith an oideachais”.

Dar le húdair na tuarascála, bhí “tionchar dearfach na físe seo le feiceáil i gcleachtas agus iompar teanga na mbord bainistíochta, na múinteoirí́, na ndaltaí agus na dtuismitheoirí”.

Bhí an chuid is mó den 12 bunscoil “an-mhaith” ó thaobh úsáid na Gaeilge mar theanga chumarsáide na scoile, ach ní raibh an scéal amhlaidh ach i gcás “mionlach suntasach” de na seacht n-iarbhunscoil ar deineadh cigireacht orthu.

Deirtear go raibh ceannaireacht mhaith nó an-mhaith á tabhairt i dtaobh an tumoideachais i bhformhór na scoileanna. “Bhí́ fís shoiléir á comhroinnt agus á daingniú́ ag boird bhainistíochta agus ceannairí́ ionscoile,” a deir údair na tuarascála.

Ach i gcásanna áirithe bhí́ gá le “cumarsáid níos fearr” leis an bpobal maidir le hobair na scoile faoin Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta.

Bhí́ plean gníomhaíochta ag gach scoil faoin scéim agus bhí an plean sin á chur i bhfeidhm go héifeachtach “i mionlach suntasach” de scoileanna.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, ceannasaí Gaeloideachas, go n-aithnítear “mar dhúshlán idirnáisiúnta” ó thaobh an tumoideachais na deacrachtaí a bhaineann le daltaí a spreagadh chun teanga a labhairt lasmuigh den seomra ranga agus nach aon scéal nua a bhí ann i gcás na hÉireann ach oiread.

“Sin ráite, tugann sé fócas dúinn agus sinn ag ceapadh polasaithe agus straitéisí dearfacha le dul i ngleic leis,” arsa Ní Ghreácháin.

Dúirt sí gur cabhair sa mhéid sin a bheadh i ‘Beatha Teanga’, acmhainn nua idirghníomhach atá forbartha ag Gaeloideachas féin ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga an tsóisialaithe i measc daltaí.

Thréaslaigh Gaeloideachas a dtuarascáil nua leis an Roinn Oideachais agus leis an bhForas Taighde.

“Tuarascáil bhreá chuimsitheach atá inti a chuireann ábhar machnaimh agus moltaí faoinár mbráid maidir le feidhmiú éifeachtach na scéime agus cur chun cinn láidir an oideachais Ghaeltachta.”

Fág freagra ar 'Dúshlán ‘ar leith’ don pholasaí oideachais Gaeltachta daltaí a chur ag labhairt na Gaeilge lasmuigh den rang – tuarascáil nua'

  • Eimear

    Ochón tuarascáil eile ag dream lasmuigh den Ghaeltacht faoi Oideachas Gaeltachta. Iorónach gan dabht a gcur i gcéill i leith na teanga! Goidé an caiteachas atá ar na tuarascáil seo agus goidé an t-airgead atá an dream seo ag fáil ón stáit chun tuairim a nochtadh faoin nGaeltacht agus gan tuairim acu faoi shaol na Gaeltachta! Fiosrúchán riachtanach anois!

  • Caitríona

    Go bhfòire Dia ar an teanga: ‘…. ag ceapadh polasaithe agus straitéisí dearfacha….’ Mà cheaptar gur céim dhearfach sin…..aineolas forleathan lasmuigh den Ghaeltacht faoi riachtanais na gceantar Gaeltachta!

  • Iad féin agus a gcuid tuarascálacha!

    Cibé faoin Ghaeilge taobh amuigh den rang, ba cheart do Roinn an Oideachais díriú ar oideachas lánGhaeilge a chur ar fáil istigh sa rang. Níl siad ábalta an méid sin féin a dhéanamh. Sampla: Cá mhéad bliain atá SeeSaw, Aladdin, Wriggle etc. ag feidhmiú agus níl leagan Gaeilge díobh ann go fóill. Cad faoi na i-pad-anna sna scoileanna agus na scórtha aip atá orthu, an t-iomlán faoi chomhéadain Bhéarla. Tá go leor bearta praiticiúla a d’fhéadfadh na húdaráis agus na heagraíochtaí a dhéanamh, ach b’fhearr leo bheith ag gabháil dá gcuid suirbhéanna agus staidéar agus tuarascálacha. Airgead amú.

  • Siobhán

    Easpa físe/easpa tuisceana=aineolas/easpa spéise an Stáit Chórais agus ag Quangos na Gaeilge sa teanga! Náireach an cur amú airgid atá á dhéanamh ag na Quangos ar airgead stáit!