‘Mór an náire’ páirtithe ag scaipeadh bileoga toghcháin i mBéarla amháin sa Ghaeltacht

Níl focal Gaeilge sna bileoga atá á scaipeadh ag iarrthóirí de chuid Fhine Gael, Fhianna Fáil agus Chomhaontas Glas sa Ghaeltacht

‘Mór an náire’ páirtithe ag scaipeadh bileoga toghcháin i mBéarla amháin sa Ghaeltacht

Tá cáineadh géar déanta ar na mórpháirtithe polaitiúla agus a n-iarrthóirí sna toghcháin Eorpacha as bileoga i mBéarla amháin a scaipeadh ar mhuintir na Gaeltachta.

Níl focal Gaeilge sna bileoga a scaip iarrthóirí de chuid Fhine Gael, Fhianna Fáil agus Chomhaontas Glas sa Ghaeltacht.

Níl focal Gaeilge, mar shampla, san ábhar bolscaireachta a scaip Maria Walsh, atá ag seasamh d’Fhine Gael i dtoghlach Lár Tíre agus an Iarthuaiscirt. Ar chúl na bileoige ag Walsh, tá teachtaireachtaí i mBéarla amháin uaithi féin, óna leathbhádóir sna toghcháin Mairéad McGuinness agus ón Taoiseach Leo Varadkar.

Béarla amháin nach mór a bhí chomh maith ar bhileoga Anne Rabbitte agus Brendan Smith, atá ag seasamh d’Fhianna Fáil sa toghcheantar céanna, agus ag Saoirse McHugh atá san iomaíocht do Chomhaontas Glas.

Bileog dhátheangach a scaip Matt Carthy, atá ag seasamh do Shinn Féin sa cheantar céanna, agus formhór an ábhair ar a bhileog thoghchánaíochta i nGaeilge agus i mBéarla.

Ní hannamh conspóid ann maidir le bileoga i mBéarla a bheith á scaipeadh sa Ghaeltacht aimsir toghchán. Bhain conspóid, mar shampla, lena laghad Gaeilge bhí ar na bileoga a scaip iarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta ar phobal na Gaeltachta anuraidh.

Maidir leis na toghcháin áitiúla tá formhór na mbileog atá á scaipeadh ag iarrthóirí sa Ghaeltacht i nGaeilge amháin.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh an eagraíocht i dteagmháil leis na páirtithe go léir roimh thús na bhfeachtas toghchánaíochta le meabhrú dóibh gur chóir an t-ábhar a scaiptear sa Ghaeltacht a bheith i nGaeilge.

“Is mór an náire é go mbeadh ábhar i mBéarla amháin á scaipeadh sa Ghaeltacht ag na páirtithe. Ba chóir go mbeadh gach bileog a scaiptear sa Ghaeltacht i nGaeilge, nó dátheangach ar a laghad.

“Tarlaíonn sé bliain i ndiaidh bliana, toghcháin i ndiaidh toghcháin agus níl aon leithscéal ann dó. Ba chóir go mbeadh sé mar ghnáthchuid den chur chuige agus den ullmhúchán roimh thoghchán go gcinnteofaí go scaipfí ábhar i nGaeilge sa Ghaeltacht. Ach is léir arís nach in mar atá. Is mór an náire iad nach bhfuil siad ag éisteacht,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Idir an dá linn, tá dhá éileamh toghchánaíochta fógartha ag Sinn Féin maidir le cúrsaí teanga: go mbeadh cead Gaeilge a úsáid ag coistí Pharlaimint na hEorpa agus go mbunófaí Ombudsman Teanga don AE a chosnódh cearta daoine a ndéantar leatrom orthu ar chúinsí teanga.

Fág freagra ar '‘Mór an náire’ páirtithe ag scaipeadh bileoga toghcháin i mBéarla amháin sa Ghaeltacht'

  • Béarla teanga an Stáit

    Cén fáth nach mbeadh Gaeilge sna bileoga ar fud na hÉireann? Tá na milliúin caite ar sn Ghaeilge agus nár chóir do pholaiteoirí í a ùsáid?

  • Léitheoir

    Agus níos measa fós is as Ceantar na nOileán i gConamara muintir Maria Walsh. Is túisce a chuimhneodh sí ar an nGaeilge ná go leor de na hiarrthóirí eile. Bhuel, sin a cheapfá…

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Tá mé féin sa nGaeltacht agus fuair mé na bileoga ar fad atá sa ngrianghraf. Ach níl bhfuair mé aon rud i nGaeilge don toghchán áitiúil—tá siad siúd i mBéarla freisin.

    #1 do Matt Carthy is dócha?

  • Cur i gcéill agus cós cuma liom

    Sampla maith den phleanáil teanga! Tá an cheist seo pléite arís agus arís eile agus is léir gur cuma leo – an t-iomlán dearg acu. Tá póstaeir fud fad Ghaeltacht an iarthuaiscirt mar an gcéanna ag na páirtithe móra ar fad i mBéarla. Is nós le cuid acu póstaeir i nGaeilge a chur suas thall agus abhus le neart rudaí eile i mBéarla istigh idir eatarthu – ar eagla nach dtuigfí dá raibh scríofa orthu! Tá ainmneacha agus sloinnte breátha Gaelacha ar thromlach na n-iarrthóirí seo leis. Níl le déanamh ach gan aon tacaíocht a thabhairt don mhuintir a dhéanann an beag den teanga.

  • Pádraig Ó Murchú

    Dóibh siúd nach bhfuil Gaolaoinn acu ar an doras nó ar na billeoga beidh siad af fáil Níl ón chlann seo

  • Gabriel Rosenstock

    Ba chóir tine chnámh a lasadh, na bileoga gránna sin go léir a dhó, an ócáid a thaifeadadh agus an taifead a sheoladh go dtí na hiarrthóirí – drochrath orthu sna toghcháin.

  • An Teanga Bheo

    Sí teanga cheart na Gaeil i ? ó labhair an teanga Gaeilge liom a chuid mó chroí is a stór !

  • Pól Ó Braoin

    Gach píosa ábhar toghchánaíochta a tháinig chomh fada le mo dhoras is i mbéarla amháin atá sé… níl aon chaint i dteanga ar bith eile ach i mbéarla an pháirtí FFFG…