Molta ag Seanadóir de chuid Fhine Gael go reáchtálfaí Cluichí an Chomhlathais in Éirinn

Dúirt Frank Feighan gur mithid ‘díospóireacht leathan’ a thosú faoi fhoireann a chur isteach ar Chluichí an Chomhlathais agus thagair d’éachtaí Michael Conlan agus Paddy Barnes sna Cluichí deireanacha

Molta ag Seanadóir de chuid Fhine Gael go reáchtálfaí Cluichí an Chomhlathais in Éirinn

Tá molta ag an Seanadóir Frank Feighan, ó Fhine Gael, go ndéanfaí plé ar fhoireann as Éirinn a chur isteach ar Cluichí Chomhlathais na Breataine agus go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bheadh ann na Cluichí a chur ar siúl in Éirinn.

Dúirt an Seanadóir, agus iar-urlabhraí  Gaeilge Fhine Gael, go mba cheart breathnú ar spórt in Éirinn ar bhonn uile-oileánda “an oiread agus is féidir” agus gur “comórtas iontach do lúthchleasaithe” atá i gCluichí Chomhlathas na Breataine.

“Mar chuid den díospóireacht seo, creidim go mba cheart dúinn na féidearthachtaí a fhiosrú go n-úsáidfí na háiseanna atá againn anseo do Chluichí an Chomhlathais nó fiú Cluichí Chomhlathas na nÓg in 2021. Tá áiseanna den scoth againn anois, an Campas Náisiúnta Spóirt i mBaile Átha Cliath agus an t-ionad idirnáisiúnta iomraimh i gContae Liatroma.

“Agus éiginnteacht ann de bharr an Bhreatimeachta, feictear dom go bhfuil an caidreamh idir eagraíochtaí spóirt i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann níos láidre anois ná mar a bhí riamh agus gur cheart dúinn breathnú ar na bealaí ar féidir an caidreamh sin a fhorbairt a thuilleadh,” a dúirt sé.

Thagair sé don mhaoiniú uile-oileánda a chuireann Spórt Éireann ar fáil d’fhoirne sa dá dhlínse, agus dúirt go gcaithfí cuid den mhaoiniú sin ar lúthchleasaithe a bheadh ag glacadh páirte sna chéad Chluichí eile.

“Nuair a bhreathnaítear ar leithéidí Michael Conlan agus Paddy Barnes, a rinne gaiscí ar son na hÉireann agus ar son Thuaisceart Éireann ag na Cluichí Oilimpeacha agus ag Cluichí an Chomhlathais, creidim gur mithid díospóireacht leathan a thosú maidir le bheith ag glacadh páirte i gCluichí an Chomhlathais,” a dúirt Feighean.

Reáchtáiltear Cluichí Chomhlathas na Breataine, ar a dtugtaí Cluichí Impireacht na Breataine tráth orthu, gach ceithre bliana. Reáchtáladh na Cluichí den chéad uair sa bhliain 1930 le hImpireacht na Breataine a dhlúthú agus “dúthracht agus tuiscint” a chothú idir na tíortha ar chuid den impireacht iad.

Ó shin i leith, reáchtáladh Cluichí Chomhlathas na Breataine i ndeich thír. Ghlac os cionn 70 tír páirt sna Cluichí deireanacha, a reáchtáladh in Albain in 2014. Is san Astráil a reáchtálfar Cluichí 2018 agus san Afraic Theas a bheidh Cluichí 2022. Níl tír ósta roghnaithe fós do Chluichí na bliana 2026.

Tá ráite cheana féin ag an Seanadóir Feighan go bhfuil sé in am ag Éire cuimhneamh ar dhul isteach i gComhlathas na Breataine arís. Dúirt an Seanadóir anuraidh go raibh sé ag iarraidh “díospóireacht a spreagadh an athuair” faoi na buntáistí a bheadh ann d’Éirinn a bheith ina ball den Chomhlathas arís.

Dúirt sé gur iomaí “cuspóir uasal” atá ag an gComhlathas, ina measc cur chun cinn an daonlathais, cearta daonna, dea-rialú agus forbairt shóisialta agus eacnamaíochta.

“Tá mé ag iarraidh an rud a nglactar leis go forleathan a dhearbhú, go bhfuil ré nua polaitíochta sa tír seo atá tar éis ligean dúinn bogadh ar aghaidh ó scoilteanna an ama atá thart agus a chruthaigh an oiread sin teannais inár n-oileán idir Éirinn agus an Bhreatain,” a dúirt sé i mí Mheithimh anuraidh, go luath i ndiaidh don Bhreatain vótáil i bhfabhar an Bhreatimeachta.

Dúirt Feighan nár mhór a lua go bhfuil 33 de 53 ballstát an Chomhlathais ina bpoblacht agus gur ról teidealach atá i ról na Banríona den chuid is mó. Dúirt sé freisin go bhfuil cuid mhaith de dhiaspóra na hÉireann ina gcónaí i mballstáit an Chomhlathais, an Ríocht Aontaithe, an Astráil, Ceanada agus an Nua-Shéalainn.

D’admhaigh sé go mbeadh “lucht cáinte sna háiteanna is dual dóibh a bheith” nach dtaitneodh an moladh leo ach gur maith a d’fheilfeadh a leithéid de bheart do “ré nua na polaitíochta” “atá anois ann inár n-oileán”.

Dúirt sé go gcuirfeadh ballraíoch sa Chomhlathas  “luachanna na hÉireann chun cinn ar fud na cruinne a fhad is a neartófaí naisc thábhachtacha eacnamaíochta agus chultúir go hidirnáisiúnta”.

Fág freagra ar 'Molta ag Seanadóir de chuid Fhine Gael go reáchtálfaí Cluichí an Chomhlathais in Éirinn'

  • PadaíPhadaíPhadaí

    Cuireann sé díoma orm go nglacann dornalaithe ón tuaisceart a mhaíonn gur Éireannaigh iad, go nglacann siad páirt i gcluichí an chomlathais agus go dtroideann siad do chriosanna na Breataine agus go bhfaigheann siad moladh agus tacaíocht ó pholaiteoirí “náisiúnacha” an tuaiscirt dá bharr. Iarfainn orthu droim láimhe a thabhairt do chomortais na Breataine. Má tá sibh maith go leor, troidigí do chomartais na hÉireann, na hEorpa agus an domhain. Má bhíonn Sasanach os comhair sa chró, bíodh an bua agat air ach lig do aon chrios óna thír féin a choinneáil.