Moladh tuillte ag Seó Spóirt, breall ar Bhrolly agus McGuigan móraigeanta

Tá deireadh seachtaine eile gafa tharainn go bhféadfaimis craos a chur orainn féin le spórt ach tá uisce le fiacla ár léirmheastóra ag Klondike

Seo Spoirt

Deireadh an tsamhraidh ag teannadh linn agus deireadh seachtaine eile gafa tharainn go bhféadfaimis craos a chur orainn féin le spórt. Thosaigh seo ar an Aoine le Seó Spóirt ar TG4 agus Thank GAA It’s Friday ar RTÉ1.

Bhí uaireanta a’ chloig de spórt ar TG4 ar an Satharn mar a raibh craoladh beo ar chluichí ceathrú ceannais sinsear pheil na mban agus na cluichí leathcheannais iomána faoi 21. Ar an nDomhnach, bhí craoladh ar chluiche leathcheannais na hÉireann idir Tír Eoghain agus Ciarraí (RTÉ 2, The Sunday Game Live and The Sunday Game).

Is iad Ger Canning, Darragh Ó Sé agus Mark Harte a bhí fara an Chinnéidigh an tseachtain seo. Seo an tarna clár is fiche i mbliana agus tá moladh tuillte ag meitheal an chláir as aíonnna deisbhéalacha éagsúla a earcú don chúits ghlas i gcaitheamh an tséasúir. Ba í an chaint ar obair an réiteora, ról na teicneolaíochta agus seó bóthar na smachtbhannaí an chuid ba speisiúla den chlár. Agus Mark Harte ag cur de go mothúchánach faoin ndrochíde a tugadh do Tiernan McCann, d’fhógair fear Ard a’ Bhóthair go raibh sé oiriúnach ar thosnú ag gol!

Tá a dtraidisiún agus a ndianiomaíocht féin cothaithe ag Ciarraí agus Tír Eoghain le breis agus deich mbliana anuas agus cuireadh ana-bhéim air seo ar tháirge RTÉ, agus ar choimhlint 2003 go háirithe.

Cé go mbíonn gach éinne deas béasach agus moltach lena chéile ar chláracha allagair den saghas seo, ar uairibh, tá an tseanachloch le feiscint sa tseanamhuinchillie. Ar an gclár céanna bhí mír dheas faoi Kieran O’Leary atá ag teacht chuige féin tar éis drochghortú.

Tháinig deireadh leis an allagar ar an nDomhnach mar a dtug fir na Ríochta aghaidh ar mháistrí an chúldorais. Ba chomhrac an bhradáin é gan aon agó agus cluiche na bliana go dtí seo. Thaispeáin buachaillí Thír Eoghain go bhfuil an-mhianach iontu agus go bhfuilid anois i measc na bpiardaí móra in athuair.

Tharraing cinntí an réiteora go leor achrainn, éileamh ar chic éirice i dtreo an deiridh go háirithe. Bhí an triúr a bhí ar an gclár beo ar aon intinn gur cic éirice a bhí ann agus an triúr ar an gclár oíche ar aon intinn nárbh ea. Ábhar díomá dom nach raibh Joe Brolly sásta oiread agus focal moltach amháin a rá faoi na Ciarraígh ag aon phointe sa chlár.

Is iad Tomás Ó Sé agus Brian McGuigan a bhí ar chlár na hoíche agus Kevin McStay bocht istigh eatarthu. Ba léir an brú a bhí ar McGuigan agus é ag iarraidh an fód a sheasamh dá chontae a raibh íde na muc agus na madraí tugtha dóibh i rith na seachtaine. Cé go gcuaigh sé amach ón gcairt ábhairín le meon na híospairte i dtreo an deiridh, labhair sé go tomhaiste agus go móraigeanta.

Scéal thairis ach tá an blaisín fógraíochta do tháirge mór drámaíochta an Fhómhair ó TG4 ar fud na mball le roinnt laethanta anuas. Tá cuma na maitheasa air gan aon agó. Snasta ag féachaint, cliar cumasach agus tírdhreach Chonamara in áit iarthuisceart Cheanada. Uisce le fiacla cheana féin.

Fág freagra ar 'Moladh tuillte ag Seó Spóirt, breall ar Bhrolly agus McGuigan móraigeanta'