‘Mná na hÉireann ag imirt os comhair 80,000 duine, tá muid ag fanacht ar an lá seo le breis is 50 bliain’

D’imir Méabh de Búrca 52 uair d’fhoireann shinsir na hÉireann idir 2006-2017 agus beidh sí ag scríobh do Tuairisc le linn Chorn Domhanda na mBan 2023

‘Mná na hÉireann ag imirt os comhair 80,000 duine, tá muid ag fanacht ar an lá seo le breis is 50 bliain’

Is iontach an t-am é seo do gach duine a bhfuil baint acu le sacar na mban in Éirinn. Tá muid ag fanacht ar an lá seo, nuair a ghlacfaidh Éire páirt i gcomórtas mór, le fada an lá. Caoga bliain, nach mór, ó d’imir foireann ban na hÉireann an chéad chluiche sa bhliain 1973.

Tá forbairt mhór tagtha ar shacar na mban sa tír seo agus timpeall an domhain ó na laethanta sin agus fiú ó thosaigh mé féin ag imirt. Ní raibh aon chlubanna faoi aois do chailíní i nGaillimh nuair a bhí mise ag imirt ar dtús agus mar sin bhí mé an-sásta nuair a thosaigh Salthill Devon foirne do chailíní sa bhliain 2000. D’imir Niamh Fahey agus Heather Payne, beirt a bheidh ag imirt d’Éirinn i gCorn an Domhain, le Salthill Devon freisin. Anois, sa bhliain 2023, tá fiche a trí club faoi aois do chailíní i nGaillimh! Tá dul chun cinn iontach den chineál céanna ag tarlú ina lán contaetha eile ar fud na tíre chomh maith.

Ba chéim mhór i bhforbairt cuid de na himreoirí a bheidh againne san Astráil a bhí i mbunú Shraith Náisiúnta na mBan, nó Príomhroinn na mBan SSE Airtricity mar atá uirthi anois, in 2011. Bhí sé sin ríthábhachtach san fhás atá tagtha ar shacar na mban ó shin agus thug an tSraith Náisiúnta deis d’imreoirí ó cheann ceann na tíre aghaidh a thabhairt ar a chéile. Tagann feabhas mór ar imreoirí nuair a bhíonn deis acu cluichí ar ardchaighdeán a imirt gach seachtain agus d’imir 11 den 23 imreoir i scuad na hÉireann sa tsraith ó bunaíodh í – Katie McCabe, Denise O’Sullivan agus Louise Quinn ina measc.

Tá sraith náisiúnta faoi aois bunaithe anois chomh maith, rud a chiallaíonn go bhfuil conair shoiléir ann do chailíní óga atá ag teacht chun cinn. Feicfidh siad an fhorbairt a rinne imreoirí eile chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann idirnáisiúnta agus spreagfaidh sé iadsan an rud céanna a bhaint amach lá éigin.

Tá cuid de thoradh na hoibre sin againn anois agus an Corn Domhanda ag tosú amárach agus Éire páirteach den chéad uair. Tá Éire i ngrúpa deacair, ach ag an am céanna, tá gach grúpa deacair nuair is Corn Domhanda atá i gceist!

Beidh Éire ag tabhairt aghaidh ar an Astráil, ar Cheanada agus ar an Nigéir i nGrúpa B. Beidh muid inár ‘underdogs’ ceart sa ghrúpa sin toisc go bhfuil an Astráil agus Ceanada linn, foirne atá sa 10ú háit agus sa 7ú háit ar domhan faoi seach, mar rogha na coitiantachta chun teacht amach as an ghrúpa.

Ócáid ollmhór a bheidh sa chéad chluiche againn agus muid ag tabhairt aghaidh ar an Astráil, an fhoireann baile, agus os comhair an bhreis is 80,000 duine a bheidh bailithe isteach i Stadium Australia. Ní bheidh cleachtadh ag foireann na hÉireann a bheith ag imirt os comhair slua chomh mór ach beifear ag iarraidh tús maith chur leis an chluiche, an sárthosach Sam Kerr a choinneáil amach, agus iad ag súil go gcuirfidh an brú a bheidh ar an Astráil mar fhoireann baile as dóibh.

Maidir leis an gcomórtas trí chéile, tá súil agam go mbeidh ardchaighdeán sacair ann. Tá na Stáit Aontaithe mar rogha na coitiantachta, ar ndóigh, tar éis dóibh an dá Chorn Domhanda roimhe seo a bhaint. Tá captaen na foirne, Becky Sauerbrunn, gortaithe agus ní bheidh sí in ann imirt sa chomórtas. Tá Sasana ar cheann eile de na foirne is láidre ach tá a gcaptaen sin Leah Williamson, gortaithe freisin. Creidim go ndéanfaidh an dá thír sin an-mhaith sa chomórtas, mar sin féin. Ní féidir an Spáinn agus an Ghearmáin a chur as an áireamh ach an oiread ach ceapaim go mbeidh seans maith ag an Fhrainc an corn a thabhairt leo. Ceapadh bainisteoir nua ar an bhfoireann ceithre mhí ó shin, agus tá Eugénie Le Sommer, naoscaire na Fraince, ar ais sa scuad. Mar sin, sílim go mbeidh sé deacair do na foirne eile iadsan a stopadh.

Fágann sin uile nach bhfuil aon dabht agam ach go mbeidh an Corn Domhanda seo ar an gceann is fearr fós, is fada liom go dtosóidh sé!

D’imir Méabh de Búrca 52 uair d’fhoireann shinsir na hÉireann idir 2006-2017 agus beidh sí ag scríobh do Tuairisc le linn Chorn Domhanda na mBan 2023

Fág freagra ar '‘Mná na hÉireann ag imirt os comhair 80,000 duine, tá muid ag fanacht ar an lá seo le breis is 50 bliain’'