Mná na hardchathrach sa tóir ar an tríú craobh as a chéile

Imreoidh Gaillimh i gcluiche ceannais peile na mban tráthnóna den chéad ó 2005 ach tá dúshlán ollmhór rompu agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar fhoireann láidir Átha Cliath

Mná na hardchathrach sa tóir ar an tríú craobh as a chéile

Olivia Divilly agus Nicole Owens. Pictiúir: INPHO/Morgan Treacy/Oisin Keniry

Áth Cliath v Gaillimh
Páirc an Chrócaigh, 4.00pm
Beo ar TG4

Seachtain tar éis dóibh a bheith ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh, beidh lucht tacaíochta CLG na Gaillimhe ag súil go mbeidh an lá leo arís ar Bhóthar Mhic Sheoin tráthnóna agus foireann peile ban an chontae ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath.

Ba iad Cill Chainnigh rogha na n-údar i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite ach tháinig Gaillimh aniar aduaidh orthu agus beidh na peileadóirí ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh inniu.

Is mór an dúshlán atá rompu, áfach. Is iad Áth Cliath seaimpíní na hÉireann, tá an-chuid taithí acu agus tá foireann seo Mick Bohan sa tóir ar a dtríú craobh as a chéile tráthnóna.

Thug Baile Átha Cliath na cosa leo as cluiche crua i gcoinne Chorcaí sa bhabhta leathcheannais. Tar éis dóibh slad a dhéanamh ar na foirne a chas orthu níos túisce sa chraobh, ba é an cluiche sin i gcoinne na mban Cois Laoi an chéad deis a bhí acu an mianach atá iontu a thaispeáint don saol.

Bhí na foirne ar comhscór ag leath ama, 0-7 an taobh, ach d’aimsigh Áth Cliath dhá chúl sa dara leath chun a gcéilí comhraic a chur de dhroim seoil. Níor tháinig an bua sin gan íoc go daor as, áfach, mar buaileadh buille trom ar Áth Cliath nuair a bhain gortú glúine do Nicole Owens sa chéad leath.

Bhí ar Owens dul faoi scian agus ar ndóigh ní bheidh sí ag imirt inniu. Cailliúint ollmhór atá inti, go háirithe ó chruthaigh sí go hiontach i gcoinne na Gaillimhe le roinnt blianta anuas.

D’aimsigh sí 1-1 ina gcoinne i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh agus d’aimsigh sí cúl cinniúnach eile i gcoinne mhná an iarthair i gcluiche sraithe níos luaithe an bhliain chéanna.

Beidh fonn díoltais ar Ghaillimh de bharr an chluiche leathcheannais sin anuraidh. Bhí ag éirí go maith leis na Gaillimhigh go dtí sin anuraidh ach tháinig deireadh tubaisteach lena bhfeachtas nuair a bhuaigh Áth Cliath go héasca orthu, 4-8 i gcoinne 1-10.

D’aimsigh Áth Cliath cúil bhoga sa gcluiche sin agus ní fhéadfaidh Gaillimh ligean don rud céanna  tarlú arís i mbliana. Beidh Gaillimh sásta go bhfuil teacht acu ar bheirt chosantóirí, Fabienne agus Charlotte Cooney, nár imir sa gcluiche leathcheannais i gcoinne Mhaigh Eo de bharr gortuithe agus cé nach bhfuil siad ainmnithe ar an bhfoireann a chuirfidh tús le cluiche an lae inniu, gach seans go bhfeicfear iad tráth éigin i rith an chluiche.

Cluiche tábhachtach ab ea an cluiche leathcheannais sin i gcoinne Mhaigh Eo. Bhí teipthe ar Ghaillimh cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach ó 2005 agus chlis siad arís agus arís eile sa bhabhta leathcheannais nó sa bhabhta ceathrú ceannais.

Is iontach an spreagadh do Ghaillimh gur éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo i gcluiche crua. Ba é an cluiche sin an chéad uair ag aon duine d’imreoirí na Gaillimhe a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh agus is iontach an taithí é sin dóibh.

Tá foireann seo na Gaillimhe ag dul i bhfeabhas le blianta beaga anuas ach céim mhór chun cinn a bheadh ann Áth Cliath a bhualadh i gcluiche ceannais na hÉireann.

Chaill mná na hardchathrach ceithre chluiche ceannais as a chéile sular bhuaigh siad a gcéad cheann cúpla bliain ó shin agus tharlódh go bhfuil cuid den bhriseadh croí céanna i ndán do Ghaillimh sula mbeidh siad in ann an beart a dhéanamh.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Mná na hardchathrach sa tóir ar an tríú craobh as a chéile'