Mná ag déanamh dochar dá gcosa toisc náire a bheith orthu bróga ‘rómhór’ a chaitheamh

Damáiste á dhéanamh dá gcosa acusan a roghnaíonn bróga atá róbheag dóibh agus iad ar thóir ‘faisean agus stíl’

Cinderella

Is cosúil go gcreideann cuid mhór ban gur fearr agus gur faiseanta a bhreathnaíonn bróga beaga orainn agus go ndéanann muid gach iarracht ár gcuid cos a bhrú isteach sa bpéire is lú den stíl atá roghnaithe againn.

Ach ’sí fírinne an scéil go bhfuil, ar an meán, cosa na mban níos mó anois ná mar a bhíodar céad bliain ó shin de bharr athruithe ar an aiste bia a bhíonn againn agus ar an stíl mhaireachtála a chleachtann muid. Tá muid ag méadú ó thaobh airde agus meáchain de, glúin i ndiaidh glúine, agus is ar an gcúis sin freisin atá meánmhéid ár gcos níos mó ná riamh. Mar thoradh air sin, tá bróga níos mó ag teastáil ó go leor againn ná mar a bhíodh á gcaitheamh ag ár sinsir.

Tugadh le fios i suirbhé a rinne an comhlacht díolta bróg Cinderella Shoes, atá lonnaithe i gCill Dara, go ndéanann 68% de na mná a dteastaíonn bróga níos mó ná an meán uathu damáiste dá gcosa trí bhróga atá róbheag dóibh a chaitheamh. Go deimhin, dúirt beagnach gach bean (96%) a ghlac páirt sa suirbhé agus a chaitheann bróga os cionn tomhas 8 go mbíonn siad ‘buailte le héadóchas’ mar go bhfuil sé ionann agus dodhéanta acu bróga feiliúnacha a fháil sna gnáthshiopaí. Dúirt 17% acu go raibh an ghráin acu ar shiopadóireacht do bhróga mar go raibh náire orthu faoina gcosa móra agus dúirt beagnach gach duine acusan go seachnaíonn siad dul ag ceannach bróg nua ach amháin nuair nach bhfuil aon rogha eile acu.

Tá eolas tugtha faoin suirbhé seo ag Cinderella Shoes mar chuid d’fheachtas margaíochta le daoine a mhealladh chuig an suíomh gréasáin atá acusan a thugann tús áite do bhróga a sholáthar do mhná a bhfuil bróga ar thomhas 8 nó os a chionn ag teastáil uathu.

Luaitear sa suirbhé mná cáiliúla a bhfuil cosa móra orthu agus a dteastaíonn bróga ar thomhas mór uatha; Angelina Jolie (9), Michelle Obama (9), Elle McPherson (9.5), agus Paris Hilton (9). Ach is ceart a chur san áireamh go bhfuil difríochtaí idir tomhais na mbróg i Meiriceá agus anseo; is ionann tomhas 8 i Meiriceá agus 6 againne agus is ionann tomhas 9 acusan agus 7 againne agus an tomhas 10 acusan 8 againne.

Ach más chun daoine breise a mhealladh chun bróga a cheannach ar líne atá Cinderella Shoes níor mhiste fíric eile a chur san áireamh. Tá saineolaithe áirithe den tuairim gur mó dochar ná maitheas a dhéanann sé do dhaoine bróga a cheannach ar líne mar gur mó seans go gcoinneofar agus go gcaithfear bróga atá róbheag dúinn seachas an stró a chur orainn féin iad a sheoladh ar ais chuig an díoltóir.

Is cosúil go bhfuil mná ann a mbeadh an oiread náire orthu bróga móra a lorg i siopa ar eagla gur bróga ‘fearúla’ a thabharfaí dóibh gurbh fhearr leo bróga róbheag a roghnú leis an “náire” sin a sheachaint.  Ach is cinnte gur buinneáin, ceapladhracha, ladhracha brúite, ingne sa bhfeoil agus fadhbanna eile nach iad a fhágann bróga róbheag orainn.

Creidtear anois freisin nach bhfuil ann ach seafóid a chreidiúint go bhfairsingeoidh an bhróg ach í a chaitheamh ar feadh tamaill. Is mó seans gur pian agus dochar fadtéarmach a bheidh déanta faoin am a mbeadh oiread na fríde de mhéadú tagtha ar an mbróg.

Maíonn Cinderella Shoes gur féidir leo na bróga ‘móra’ cearta a aimsiú d’aon bhean agus d’aon ócáid ar leith. Deir siad go bhfuil custaiméirí acu i Meiriceá, sa Phacastáin, in Dubai, sa tSeapáin agus san India.

I ndeireadh an lae, áfach, is cuma bróga móra ná beaga atá ag teastáil ó dhuine mura bhfuil siad compordach. Is tábhachtaí compord i gcónaí ná faisean agus stíl.

Fág freagra ar 'Mná ag déanamh dochar dá gcosa toisc náire a bheith orthu bróga ‘rómhór’ a chaitheamh'