Is iomaí rud a fheiceann an fóta-iriseoir i gcaitheamh a shaoil agus mheabhraigh iníon an ghrianghrafadóra Éric Bouvet dó go raibh sé in am aige a shaol is a shaothar a thaifeadadh tar éis dó a bheith 40 bliain ar an mbóthar.
Bhí sé gach áit, uaireanta ag an am ceart – mar shampla nuair a phléasc buama i reilig i mBéal Feirste agus sochraid ar siúl. Ní raibh sé ar an ngealach fós ach ba í an tuirlingt ar an ngealach a spreag é le bheith ina fhóta-iriseoir agus gan é ach ocht mbliana d’aois.
Tuilleadh eolais anseo.

Dála an scéil, má spreagann an mionléirmheas seo éinne le bheith ina fhóta-iriseoir, smaoinigh arís. Is jab an-dainséarach é, mar is léir ón scannán ar Netfllix, The Bang Bang Club.
Grianghraif le Phyllis Galembo
Foilsithe ag Datz Press, 2021
72 leathanach
Toisí: 8¾x11¼
Tá áit bheannaithe in Háítí ar a dtugtar Sodo, a chiallaíonn ‘eas’ sa Chriól, agus sa bhliain 1840 fuair feirmeoir radharc ann ar an Maighdean Bheannaithe agus í ag breathnú amach as duilliúr crainn phailme.
Má ba ionad oilithreachta riamh é, chuir an cor nua Caitliceach sa scéal le cáil na háite.
Tagann daoine anseo chun maithiúnas a lorg agus iad féin a ghlanadh in uiscí an easa. Draíocht!
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Is iomaí rud a fheiceann an fóta-iriseoir'