MIONLÉIRMHEAS: Is fiú tamall maith a chaitheamh ag breathnú ar íomhánna Koudelka

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, máistrí grianghrafadóireachta

MIONLÉIRMHEAS: Is fiú tamall maith a chaitheamh ag breathnú ar íomhánna Koudelka

Next
A Visual Biography
Grianghraif le Josef Koudelka
Téacs le Melissa Harris
Deartha ag Aleš Najbrt
Foilsithe ag Aperture, Nua-Eabhrac, 2023.
352 lch 
282 íomhá

Éinne a chuireann spéis i gcúrsaí grianghrafadóireachta, beidh ainm Koudelka cloiste go minic aige, go háirithe i gcomhthéacs na Romach. Tríd is tríd, áfach, dá n-iarrfaí ar Éireannach leathdhosaen ealaíontóir a lua, chloisfeá van Gogh, b’fhéidir, nó

Jack B. Yeats, cuir i gcás. Is fíorannamh a luafadh éinne máistir grianghrafadóireachta. Mórealaíontóir ab ea Koudelka. B’fhiú a fháil amach

ina thaobh agus tamall maith a chaitheamh ag breathnú ar a chuid íomhánna suaithinseacha.

Koudelka i measc na Romach

 

Ar sáraíodh riamh é?

Páras, 1932

Interviews Henri Cartier-Bresson
faoi stiúir Agnès Sire
Clúdach bog:
Toisí:14.5 x 21 cm
336 lch
30 grianghraf dubh is bán agus roinnt líníochtaí
ISBN: 978-2-36511-367-0
Luch: €24

Tá bialann i mBaile na Manach, Co. Átha Cliath, darb ainm Bresson. Ainmníodh i ndiaidh an ghrianghrafadóra é, Henri Cartier-Bresson (1908 -2004). Ar sáraíodh riamh é? Ní dóigh liom é. Bhí sé sásta go leor agallamh a dhéanamh i gcaitheamh a shaoil ach choinnigh sé cúpla rún dó féin. Nach ait an cor sa saol é: ba é an chéad ghrianghrafadóir a chuaigh go mór i bhfeidhm orm agus mé sna déaga luatha agus bhí sé i láthair (san India) nuair a cailleadh an gúrú is mó a bhfuil meas agam air, Sri Ramana Maharshi.

Rásaí na gCapall, Currach Chill Dara, 1955

Mar chlabhsúr ar an mionléirmheas seo, samhlaím Victoria, an bhanríon gan trócaire, ag sochraid Gandhi:

Deilí, 1948
sochraid Gandhi
deora bréige á sileadh ag an mBanríon Victoria

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Is fiú tamall maith a chaitheamh ag breathnú ar íomhánna Koudelka'