MIONLÉIRMHEAS: Fir amháin, gléasta mar an gcéanna, baill de chlub…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, muintir Port Talbot agus muintir West Virginia

MIONLÉIRMHEAS: Fir amháin, gléasta mar an gcéanna, baill de chlub…

Cé hiad na daoine seo? Scrúdaigh iad. Cad atá comónta eatarthu? Cá bhfuil siad? Cad a thug le chéile iad?

Is fir iad, fir amháin. Tá siad ar fad gléasta mar an gcéanna. An carbhat céanna orthu go léir.

Ní gá dhuit a bheith i do Sherlock Holmes chun buille faoi thuairim a thabhairt.

Is baill de chlub iad.

Agus cá bhfuilimid? Port Talbot na Breataine Bige.

Bhí Banksy in Port Talbot cúpla bliain ó shin agus d’fhág sé a rian ar an áit agus ar shamhlaíocht an phobail ann:

Calóga bána sneachta ag iompú ina súiche.

Ball den chlub.

Mura bhfuil a fhios agat cén saghas club é, tá an freagra ar fáil ar chlúdach an leabhair…

Deineadh gual dá gcroí

Robert Le Franc
Gloryland
2023, Setanta Books
Toisí:18.5 x 13 cm,
378 lch.

Nuair a tógadh an gual go léir as an talamh, ní raibh faic fágtha ag muintir West Virginia – ach Dia, agus tírdhreach a bhí breac le dusta guail agus tithe tréigthe. Deineadh gual dá gcroí ach is gaire cabhair Dé ná an nathair nimhe. Chun a gcreideamh i nDia a léiriú, thosaigh siad ag láimhseáil nathracha nimhe faoi stiúir a gceannaire spioradálta, an tUrramach Chris Wolford.

Tabhair cuairt ar an sráidbhaile Squire agus cloisfidh tú na fíréin agus iad ag labhairt i dteangacha aisteacha. Feicfidh tú an tUrramach Wolford agus nathair shligreach á tógáil amach as bosca adhmaid aige agus na focail seo a leanas as Soiscéal Naomh Marcas ag sleamhnú amach as a bhéal: “Caithfidh siad deamhain amach i m’ainmse, labróidh siad i dteangacha nua; tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóibh…” (Marcas: 16: 17).

Tá tuilleadh eolais faoi chultas na nathracha in Appalachia anseo.

 

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Fir amháin, gléasta mar an gcéanna, baill de chlub…'