MIONLÉIRMHEAS: Ainmhithe ó bhreith go bás san Airgintín

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo: ainmhithe san Airgintín agus trioblóid sa Tuirc

MIONLÉIRMHEAS: Ainmhithe ó bhreith go bás san Airgintín

Foilsíodh an leabhar seo sa bhliain 2005 agus tá eagrán méadaithe de ar fáil anois. Samhlaigh feirm bheag san Airgintín. Meastar, dála an scéil, go bhfuil idir leathmhilliún agus milliún Airgintíneach ann ar Éireannaigh iad ó aimsir an Drochshaoil.

Ní ar dhaoine go príomha atá ceamara an ghrianghrafadóra dírithe ach ar ainmhithe – muca, éanlaith chlóis, capaill agus beithígh, ó bhreith go bás.

Foilsithe ag MACK
Grianghraif le Alessandra Sanguinetti
ISBN 978-1-915743-16-9
Luach: €65 [infobox]

 

Trioblóid sa Tuirc

[infobox]Olay
le Emin Özmen
MACK a d’fhoilsigh
160 lch
Toisí:  7x9″

Is é is brí le teideal an leabhair ná ‘eachtra’. Is é seo an chéad leabhar de chuid Özmen agus is ag féachaint siar ar eachtraí suntasacha i saol na Tuirce

atá sé, tubaistí nádúrtha, coup d’état nár éirigh leis, an chosmhuintir ag éirí amach i gcoinne an chórais agus eachtraí míleata éagsúla.

Ach ní teannas agus coimhlint ar fad atá sa leabhar. Tá go leor radharc suaimhneach ann chomh maith. Spreag an radharc thíos mé chun fóta-haiku
a chumadh:

Gabhair

sléibhte á lorg acu

de shíor

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Ainmhithe ó bhreith go bás san Airgintín'

  • jpmorley0@gmail.com

    An-deas!