MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH @ 90: ‘Rinne sé níos mó don Ghaeilge ná aon duine eile’

Agus an tráchtaire agus an Gael iomráiteach as Dún Síon ag ceiliúradh nócha bliain inniu, labhair Tuairisc.ie le daoine aitheanta faoi

MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH @ 90: ‘Rinne sé níos mó don Ghaeilge ná aon duine eile’

Micheál Ó Sé – Iarthráchtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ceann des na chéad uaireanta a chuathas ina theannta, bhí sé ag dul go Dún Dealgan, bhí cú ag rith aige ansin. Is dóigh liom gur Fiat 124 Sport a bhí aige, ceann bán, agus bhí sé ag imeacht leis.

An chéad rud eile, bhí ceann de na cúinní nár thug sé leis in aon chor é agus bhuail sé peilt mhór air. Níor stop sé in aon chor. “Bhfuil tú chun féachaint air?” arsa mise. “Níl. Pé rud atá déanta anois, tá sé déanta,” a dúirt Micheál.

Bhaineamar amach an track thuas agus níor fhéach sé ar an ngluaisteáin mar go raibh deifir cheart air go dtí go bhfeicfeadh sé an cú ag rith. Nuair a tháinig sé amach ansin d’fhéach sé ar an gcairt agus bhí an cliathán ar fad buailte.

Ba bhreá leat bheith ina theannta ag taisteal i ngluaisteán. Ó bhogadh sé ó cheann ceann na tíre, bheadh scéal aige ar gach aon áit, na haon bhaile, agus scéal an-suimiúil ar fad.

Bhí an-spéis aige i gcomhluadar agus an-spéis aige i ndaoine. Bheadh a fhios aige na himreoirí ar fad, na mionúir nuair a bhíodh sé ag plé leo. Bheadh a fhios aige cad a bheadh acu don bhricfeasta ar maidin, bheadh sé ag bualadh leo roimh ré san óstán. Bheadh aithne aige ar a ngaolta. Dá mbeadh duine acu sé troithe ar airde, déarfadh sé go raibh sin-seanuncail aige a bhí seacht dtroithe.

Tá bua aige chun abairtí a chumadh chun geit a bhaint as daoine. Ní lucht spóirt amháin a bhíodh ag éisteacht leis, bhaineadh na mná tí agus gach duine taitneamh as na rudaí a bhíodh aige. An casadh a bhaineadh sé as an eachtra a bhí ag tarlú os a chomhair amach.

An phearsantacht atá aige. Aon áit a thagann sé, lasann siad suas. Tar éis chaon chluiche, nuair a shiúladh sé amach as Páirc Uí Chaoimh, Páirc an Chrócaigh nó aon áit, bheadh ar a laghad cúpla céad duine amuigh agus labhraíodh sé leo ar fad agus bheadh am aige dóibh ar fad. Bheadh a chlann ag feitheamh go foighneach ach dá dtógfadh sé uair an chloig, d’fhanfadh sé go dtí go raibh gach aon duine déanta aige agus gach aon duine sásta.

Fear iontach. É fhéin agus Micheál Ó hEithir, ní raibh aon tráchtaire chomh mór leo lena linn.

 

Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

Liam Ó Néill – IarUachtarán Chumann Lúthchleas Gael

Aisteach go leor, ní bhaineann an chuimhne is mó atá agam ar Mhicheál le cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael.

D’athraigh mise mo scoil, Gaelscoil Throimera, ó Bhéarla go Gaeilge ag deireadh na n-ochtóidí. Bhí Micheál ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge ag an am agus tháinig sé chugainn agus thug sé an-chabhair dúinn.

Bhíomar páirteach i nGlór na nGael agus baint againn le Conradh na Gaeilge agus mar sin de, ach nuair a chuala daoine go raibh Micheál Ó Muircheartaigh sásta teacht chuig scoil bheag i lár na tíre, agus ní raibh aon bhaint mhór agamsa le Cumann Lúthchleas Gael ag an am, chuir sé go mór le rudaí.

Thug sé spreagadh do gach duine agus thug sé tacaíocht dúinn nach raibh ar fáil in aon áit eile mar cheap gach duine go raibh an rud a bhí ar siúl agam craiceáilte.

Scaip an scéal go raibh sé le teacht. Bhí na páistí ag caint faoi. Agus tháinig sé cúpla uair. Ba mhór an rud é go raibh duine a raibh an oiread sin clú air sásta teacht go dtí áit bheag taobh amuigh de Mhaighean Rátha i gcontae Laoise.

Tháinig daoine eile ó RTÉ chugainn ansin. Tháinig an clár Iris síos chugainn chun féachaint céard a bhí ar siúl againn.

Is í an t-aon scoil sa tír a d’athraigh ó Bhéarla go Gaeilge agus a lean leis an Ghaeilge. Bhí ceann eile i gcontae an Chláir ach d’éirigh siad as, bhí sé ródheacair. Mar gheall ar an spreagadh a thug Micheál dúinn, bhíomar in ann leanúint leis.

D’fhéadfá a bheith ag caint an lá ar fad faoi Mhicheál agus cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael ach rinne sé níos mó ar son na Gaeilge ná aon duine eile, ceapaim.

Rinne sé éasca do dhaoine í. Ní raibh sé deacair ag daoine é a thuiscint. Chuir sé eochairfhocail isteach anseo is ansiúd chun go mbeadh daoine in ann é a leanúint.

 

Jim Carney – Iriseoir, iarthráchtaire agus iarláithreoir The Sunday Game

I 1978, bhí mise le tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche ceannais iomána na hÉireann agus bhí mé sách neirbhíseach roimhe. Ba é sin an chéad uair go raibh mé chun tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche i m’aonar agus mé ag tráchtaireacht ar chluiche ceannais na hÉireann ar an raidió, rud nach raibh déanta ag mórán daoine eile ag an am.

Bhí drochbhail orm roimh an gcluiche, níor chodail mé rómhaith agus bhí mé an-imníoch maidin an chluiche.

Is cuimhin liom ansin a bheith thuas sna boscaí tráchtaireachta beaga a bhí i sean-Ardán Uí Ógáin agus, mar a tharla sé, bhí Micheál sa bhosca in aice liom.

Tháinig sé isteach chugam chun gach rath a ghuí orm. Dúirt mé leis go raibh mé neirbhíseach go maith ach dúirt sé, ‘Ná bíodh aon eagla ort anois, beidh tú togha. Fear óg tagtha suas ón nGaillimh, beidh tú go diail.’

Dúirt sé liom suaimhneas a ghlacadh agus taitneamh a bhaint as an ócáid. Dúirt sé liom ansin, “Beidh mise sa bhosca sin in aice leat agus má théann tada mícheart, cuir do cheann isteach agus beidh mise ann chun cabhrú leat.”

Bhí aithne mhór ar Mhicheál ag an am agus bhí mise chomh sásta gur thug sé an tairiscint sin dom. Theastaigh uaim é sin a chloisteáil, chuir sé ar mo chompord mé. Ba léir go raibh sé macánta faoi chomh maith, bhí sé lánsásta aon chúnamh a thabhairt.

D’fhan an scéal sin liom i gcónaí. Léirigh sé an cineál fir atá i Micheál.

Fág freagra ar 'MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH @ 90: ‘Rinne sé níos mó don Ghaeilge ná aon duine eile’'

  • Bríd

    An Piarsach, Ó Cadhain, Ó Conaire, Mac an tSaoi, Ó Ríordáin, Ó Direáin, Ó Flaithearta, C. Maude, Ní Dhómhnaill, Ó Fiannachta…………………

  • Poraic o'hEipicín

    Lá breithe shona Dhuit, a Mhícheál.