Micheál Mac Liammóir agus George Michael i ndráma fíorspéisiúil sa Taibhdhearc 

Ná bíodh aon imní ort gur dráma tur soiscéalach é ‘Wáltsáil Abhaile’ mar tá abarthacht ghrinn ann chomh maith le ceol na haoise 

Micheál Mac Liammóir agus George Michael i ndráma fíorspéisiúil sa Taibhdhearc 

‘Wáltsáil Abhaile’ sa Taibhdhearc, scríofa ag Antoine Ó Flathartha
Stiúrthóir: Stephen Darcy
Dearthóir: Lulu Tam
Aisteoirí: Caitríona Ní Mhurchú, Dáithí O’Donnell, Caoimhghín Ó hEoghusa agus Ben Morris 

An bhfuil aon Ghaillimheach beo nach bhfuil faoi gheasa ag an ealaíontóir Micheál Mac Liammóir, an chéad stiúrthóir ealaíne a bhí ag an amharclann óg? Cuid den urraim sin ginte ag a chuid cuirtíní stáitse taibhseacha atá fós sa Taibhdhearc agus a shlíoc go leor againn sna drámaí scoile.  

Fear ildánach, ilteangach a rugadh i bpríomhchathair Shasana agus a chinn in aois a ocht mbliana déag go ndéanfadh sé Éireannach de féin. Ag scoil ealaíne dó tamall roimhe sin chuir aiste le Yeats faoi dhraíocht é agus d’oscail “doras mór i m’aigne”. Seo leis go rang le Conradh na Gaeilge agus mar is eol don saol thug sé leis an Ghaeilge níos fearr ná ár bhformhór a raibh sí ón mbroinn linn.  Mar a deir sé i ndráma seo Antoine Ó Flatharta “tá chuile chanúint agam”.  

Dráma ilmheán ab ea a shaol uilig – an scríobh, an dearadh, an phéintéireacht, an aisteoireacht, an léiriú, an phromeneádáil ar fud Bhaile Átha Cliath agus ar ndóigh, amharclann an Gheata. Tráth a mbíodh drisiúir, olagón, seálta is geamaireachtaí coitianta ar ardáin eile bhíodh spleodar, séideán úr idirnáisiúnta agus léiriú ar leith romhat sa nGeata. 

An fear diamhair cumasach sin a thug go dtí an Taibhdhearc mé an oíche cheana go dtí Wáltsáil Abhaile, dráma nua le fear Leitir Mealláin, Antoine ó Flatharta. Romham ansin fuair mé mo Dhiarmuid agus é ina sheanfhear támáilte ag smúrthacht thart ar leithreas poiblí na bhfear ag deireadh oíche i mBaile Átha Cliath. Ach a bhuíochas don scríbhneoir agus don chriú sa Taibhdhearc ní doicheall aisteora roimh an aois agus meanma a bháis amháin atá againn sa léiriú seo ach asamhlú ar an saol a bheadh ag Micheál dá n-éireodh leis a bheith thart tráth éigin eile nó cinniúint eile a bheith i ndán dó.  

An ‘garda’ óg sin as Leitir Mealláin lena leabhar nótaí atá á fhaire ag na leithris, b’fhéidir nach é dlí na tíre in aghaidh chleachtadh na homaighnéasachta ach a urraim don amharclann agus don aisteoir atá á spreagadh. Ar an aistear aislingeach amharclainne seo ina theannta, tá ceist thábhachtach aige don aisteoir faoi ócáid ar an Late Late Show i 1969 – ceist a d’fhiafródh an déagóir a bhí ag breathnú ar an gclár sin i gConamara dá mbeadh tuiscint cheart aige air féin. 

Gliondar is fíor-iontas ar Mhicheál dealbh Oscar Wilde a fheiceáil i gCearnóg Mhuirfean, fiú más tútach leis an stíl, agus éiríonn chuige beo beathach an fear galánta faoina ndearna sé an seó The Importance of being Oscar, fear a bhásaigh agus gan Micheál féin ach bliain d’aois. Agus imní mhór sna meáin le déanaí arís faoi ionsaithe homafóbacha, nár bhreá George Michael agus Mac Liammóir a fheiceáil ag comhrá lena chéile – an mbainfidís aon cheart dá chéile? An t-aisteoir clasaiceach agus Billy Brown? Loinnir phléisiúir i súile an tseanfhir agus na damhsóirí téisiúla ag macnas ina thimpeall. Saol eile, brionglóidí agus féidearthachtaí pheann is meabhair an scríbhneora.  

Níl ach ceathrar aisteoirí ag iompar charachtair uile an dráma seo a mhaireann beagán le cois uair an chloig. Bean óg ar m’aithne is é an Garda a thug isteach í mar go raibh an t-aisteoir Daithí O’Donnell i Ros na Rún! Bhí ar Ben Morris Oscar Wilde agus Hilton Edwards a dhéanamh agus cé nár shantaigh mé a Hilton, tá an radharc deireanach sin an-chumhachtach ar fad agus leigheas ar aon homafóibe an seantaibheoir a fheiceáil ar ais ar a chaise longue lena chara cléibh.  

Mar ab fhearr leis, bhí Micheál féin i lár an aonaigh ar feadh an dráma agus Caitríona Ní Mhurchú chugainn ina chló. Agus é ag aithriseoireacht, bhí an draíodóir ina steillbheatha romham ach an seanfhear sin agus a neart á thréigean, ba dheacair dom a sprid a aimsiú agus é ag síortheitheadh uaim san amharclann. An seit feidheartha agus an chulaith gan iarnáil ag folú ghaige galánta smidte na cuimhne?   

Ná bíodh aon imní ort gur dráma tur soiscéalach é seo mar tá abarthacht ghrinn ann chomh maith le ceol na haoise. 

Dráma é a chaithfeas mé féin a fheiceáil arís mar bhí de mhí-ádh orm a bheith sa Taibhdhearc an oíche chéanna le hUachtarán na tíre seo agus chuir giodam caidreamh poiblí agus ríogú an Uachtaráin de mo bhuille mé. Leis an gceart a thabhairt d’fhear Rathúin ba mhinic ann é agus Saidbhín ar stáitse ansin. Ar a theacht abhaile dom, thosaigh mé ag léamh arís an leabhar aoibhinn sin le Mac Liammóir, Aisteoirí faoi Dhá Sholas, a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill i 1956. Mura bhfuil tú in ann a ghabháil ag an dráma fíorspéisiúil seo, gheobhaidh tú Mac Liammóir amháin sa leabhar sin.   

Tá ‘Wáltsáil Abhaile’ ar stáitse na Taibhdheirce go dtí an 1 Aibreán 

Fág freagra ar 'Micheál Mac Liammóir agus George Michael i ndráma fíorspéisiúil sa Taibhdhearc '