Mic Léinn ag vótáil ar son na Gaeilge agus páipéir mhóra bhallóide lasmuigh den Dáil acu

Bhí baill d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn os comhair Theach Laighean inniu agus iad ag iarraidh aird a tharraingt ar thábhacht cheist na Gaeilge agus na Gaeltachta san olltoghchán

*** NO REPRODUCTION FEE ** DUBLIN : 7/10/2015 : Union of Students in Ireland (USI) and Conradh na Gaeilge brought a giant ballot box and giant ballot papers to Dáil Éireann today to highlight the importance of Irish-language and Gaeltacht issues for third level students in the upcoming general elections. This show of support by third level students takes place one day after Conradh na Gaeilge, USI, and over 70 other groups launched an Irish-language and Gaeltacht investment plan in the Mansion House, Dublin, and USI is calling on all political parties to show their support for the plan in their general election manifestos. Pictured was Aengus O'Snodaigh, TD with third level students Maria Schäler and Colm Ó Néill. Picture Conor McCabe Photography. MEDIA CONTACT : Síne Nic an Ailí, sine@cnag.ie mobile 087 6546673
Cuid de na mic léinn lasmuigh de Dháil Éireann le hAengus O’Snodaigh, TD: Pictiúr: Conor McCabe Photography.

Thug Aontas na Mac Léinn in Éirinn (an USI) páipéir mhóra bhallóide agus bosca mór ballóide chomh fada le Teach Laighean inniu agus teachtaireacht láidir acu: ‘Nílimid sásta leis an ‘béalghrá’ a thugann an t-aos polaitiúil don teanga.’

Tá an tAontas ag iarraidh aird a tharraingt ar an dtábhacht, dar leo, a bhaineann le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta san olltoghchán romhainn agus iad ag impí ar dhaoine vóta a chaitheamh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Screen Shot 2015-10-07 at 13.16.49

Níl na mic léinn sásta fanacht ina dtost a thuilleadh faoi chás na teanga, a dúirt Aedraen Ó Dubhghaill, Leas-Uachtarán don Ghaeilge san Aontas.

“Tuigeann Aontas na Mac Léinn in Éirinn á thábhachtaí is a bheidh na chéad chúig bliana eile i leith fhorbairt agus fhás na teanga. Níl mic léinn na hÉireann sásta níos mó, fanacht ar an taobhlíne, agus páirtithe polaitiúla a ligean le ‘béalghrá’ nó ‘lip service’ a thabhairt don teanga.

 

Screen Shot 2015-10-07 at 13.18.54
Mic Léinn lasmuigh de Dháil Éireann inniu

“Is é sin an fáth go bhfuil muid ag éileamh gníomhaíochta chomhtháite ó na hionadaithe polaitiúla agus ó na hiarrthóirí olltoghcháin ar fad, ” a dúirt Aedraen Ó Dubhghaill, Leas-Uachtarán don Ghaeilge san Aontas.

I ráiteas a d’eisigh Aontas na Mac Léinn dúradh go raibh eachtraí éagsúla ann le sé mhí anuas a spreag mic léinn Ghaeilge agus Ghaeltachta chun gnímh.

I measc na n-eachtraí a luaigh an tAontas bhí conspóid na haersheirbhíse go hoileáin Árann; cás Eircode agus na 50,000 logainmn Gaeilge a fágadh ar lár; agus scéal bhéaltriail na Gaeilge don Teastas Sóisearach. Deir Aontas na Mac Léinn gur chuir na conspóidí sin ar fad “as do dhaoine go mór”.

Idir an dá linn, tá Aontas na Mac Léinn ag éileamh ar gach páirtí polaitiúil a dtacaíocht a thabhairt don phlean infheistíochta a sheol Conradh na Gaeilge i dTeach an Ard-Mhéara inné.

 

Fág freagra ar 'Mic Léinn ag vótáil ar son na Gaeilge agus páipéir mhóra bhallóide lasmuigh den Dáil acu'

  • Fearn

    Agus shíl mise go mbeadh siad ag éileamh teagasc sa chúrsaí acu i nGaeilge!