Stop curtha san Ard-Chúirt le dúshlán dlí Aer Arann Islands maidir le haersheirbhís Árann

Dúirt urlabhraí thar ceann an chomhlachta go bhfuil achomharc Aer Arann leis an Ard-Chúirt curtha ar athló chun ‘deis’ a thabhairt do Roinn na Gaeltachta próiseas tairisceana nua a chur ar bun agus ‘cúrsaí a chur ina gceart’

Padraig O Ceidigh CEO Foinse announces the winners of Foinse sa Rang O2 Ireland Essay Competition. 10/5/2004 Photo: RollingNews.ie
Pádraig Ó Céidigh, Úinéir Aer Arann Islands. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá an dúshlán dlí a bhí á thabhairt ag Aer Arann Islands maidir leis an bpróiseas tairisceana d’aersheirbhís curtha ar athló san Ard-Chúirt ar maidin go ceann seachtaine.

Ba ar an 24 Meán Fómhair a chuir an comhlacht tús san Ard-Chúirt lena ndúshlán dlí maidir leis an bpróiseas tairisceana conspóideach a bhfuil deireadh curtha leis ó shin.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh an dlíodóir atá ag feidhmiú thar Aer Arann Islands san Ard-Chúirt ar maidin, áit ar chuir sé in iúl gurb é mian an chomhlachta go gcuirfí a n-achomharc i dtaobh an phróisis tairisceana ar athló.

Idir an dá linn, níl aon chonradh nua sínithe fós ag Aer Arann Islands le Roinn na Gaeltachta le haghaidh seirbhís aeir go hOileáin Árann as seo go ceann bliana.

Dúirt urlabhraí thar ceann an chomhlachta le Tuairisc.ie, áfach, go bhfuiltear dóchasach go síneofar é roimh dheireadh na seachtaine seo agus nach bhfuil “aon cheo a choinneodh siar é”.

Tá conradh bliana tairgthe ag Roinn na Gaeltachta d’Aer Arann Islands leis an tseirbhís aeir a chur ar fáil an fhaid is atá próiseas tairisceana nua á chur ar bun.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana maidir leis an gconradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann.

Dúirt an tAire an lá sin go rachadh Roinn na Gaeltachta “i mbun comhráití” le Aer Arann Islands d’fhonn teacht ar chomhaontú leo maidir le seirbhís aeir a chur ar fáil do na hoileáin fad is atá an próiseas tairisceana nua á chur i gcrích.

Is ar an 26 Lúnasa a d’fhógair an tAire McHugh gurb iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Ó rinne an tAire an fógra sin, tá feachtas ar bun ag muintir Árann chun go leanfaí leis an tseirbhís eitleáin ó Aerfort na Minne in Indreabhán go hÁrainn mar mhalairt ar an seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór i nGaillimh a bhí beartaithe ag Executive Helicopters Ltd.

Theastaigh ó mhuintir Árann go dtarraingeofaí siar an tairiscint a bhí déanta leis an gcomhlacht héileacaptair agus go dtosófaí ar phróiseas úrnua tairisceana don aersheirbhís go hÁrainn.

Níor chuir Roinn na Gaeltachta tús riamh leis an bpróiseas idirbheartaíochta maidir le conradh a aontú leis an gcomhlacht ar éirigh leo sa phróiseas tairisceana, is iadsan Executive Helicopters Ltd.

Tá ráite ag Executive Helicopters Ltd. go raibh ‘an-díomá’ orthu faoin gcinneadh deireadh a chur leis an bpróiseas tairisceana agus gan conradh a aontú leosan.

Tá ráite ag an gcomhlacht héileacaptair freisin go bhfuil an scéal á bhreithniú acu agus tuairiscítear go bhfuil comhairle dlí faighte acu.