Mí le sos a thabhairt don pheann agus don intinn is ea mí Lúnasa

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tagann lag trá Lúnasa orm fós. Agus ní ormsa amháin…

Mí le sos a thabhairt don pheann agus don intinn is ea mí Lúnasa

Fadó fadó, nuair a bhí teach caife á rith agam i nGaillimh agus mé ag iarraidh tús a chur le slí bheatha mar scríbhneoir ficsin ag an am céanna, bhíodh an ghráin shíoraí agam ar mhí Lúnasa.

Teach caife saghas ailtéarnach a bhí ann agus tóir mhór ag lucht na hOllscoile air i rith na bliana acadúla. Ach ag deireadh an earraigh d’imíodh mórchuid mac léinn abhaile go Rann na Feirste, go Trá Lí nó go Port Omna, nó thar lear go Barcelona, Nua-Eabhrac nó San Fran. Cá bhfios céard a bhíodh ar bun ag léachtóirí agus feidhmeannaigh eile na hOllscoile ach ní ag ól caife ar Shráid Dhoiminic a bhíodh a bhformhór le linn an tsamhraidh.

Mí Iúil, cúiteamh de chineál éigin a bhíodh sna turasóirí a mhealladh an Fhleadh Scannán agus an Fhéile Ealaíon go Cathair na dTreabh.

Bheadh iomrá cloiste ag cuid mhór de na cuairteoirí cultúir sin ar an gcaifé beag sin ar bhruach thiar na Coiribe a bhféadfá tráthnóna iomlán a mheilt ann ag stánadh isteach sa chupán caife céanna, nó isteach i d’imleacán pollta féin, fad is a bheadh na freastalaithe ag cogarnaíl eatarthu féin i nGaeilge.

D’fhéadfá a bhfeicfeá ag bun do chupáin chaife nó d’imleacáin a bhreacadh síos i leabhar nótaí, fiú amháin, agus cá bhfios nach mbeadh ábhar do chéad scannáin, dáin nó dráma eile agat! Nach mbíodh úinéir an chaifé ar an ealaín chéanna?

Ach le teacht mhí Lúnasa, thiteadh an tóin as an bhfreastal agus thosaíodh an fhadálacht. Mhealladh Seachtain na Rásaí an saghas mícheart cuairteoirí – mícheart don teach caife beag ar bhruach thiar na Coiribe, pé scéal é. Thiar ag na cláir thumadóireachta ag bun an Prom a bhíodh a mbíodh fágtha de na custaiméirí rialta agus ba ann a bhíodh úinéir an chaifé ag déanamh bolg le gréin nuair nach mbíodh sé ag obair, bailiúchán de na gearrscéalta is fearr ag Tennessee Williams á léamh aige, féachaint an spreagfadh ceann acu sin a pheann féin – cá bhfios nach bhféadfaí príomhcharachtar a bhunú ar dhuine de na héin chorra sprionlaithe, imleacánstánacha a thaithíodh an caifé.

Sna hoícheanta meirbhe bhíodh an teach caife beag chomh bánaithe céanna agus a bhíodh i rith an lae – neart ama ag an úinéir chun gearrscéal nó dhó a scríobh idir ordú custaiméara amháin agus ordú an chéad chustaiméara eile; bhíodh spás fairsing ag an gcuntar fada adhmaid a shín feadh an bhalla agus bhí an t-inneall caife ab fhearr sa chathair in aice láimhe.

Ach thagadh leisce saghas maoithneach ar an úinéir ar a dtugadh sé ‘lag trá Lúnasa’: fonn air teacht i dtír ar an bhflúirse ama ach gan ar a chumas, ar chaoi éigin, ach stánadh isteach i muga caife fuaraithe.

Breis agus deich mbliana ina dhiaidh sin agus cónaí orm ar an taobh eile den domhan (sa Bhrasaíl, áit a mbíonn sé ina gheimhreadh mí Lúnasa) tagann lag trá Lúnasa orm fós. Agus ní ormsa amháin: agosto, o mês do desgosto a thugtar ar an ochtú mí sa Phortaingéilis – ‘Lúnasa, an mhí a fhágann drochbhlas sa bhéal’. Mí a bhfuil mí-ádh agus míshuaimnheas ag baint léi.

Cé mise le hamhras a tharraingt ar ghaois na nglúnta agus go deimhin ar mo thaithí scríbhneoireachta féin? Mí le sos a thabhairt don pheann agus don intinn is ea mí Lúnasa; ní fada uainn fuadar an Fhómhair.

Fág freagra ar 'Mí le sos a thabhairt don pheann agus don intinn is ea mí Lúnasa'