Mí Iúil ‘ar a luaithe’ a chuirfear tús le craobhacha idirchontae CLG

Deir Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil sé i gceist acu na cluichí sraithe atá fós le himirt a imirt amach anseo

Mí Iúil ‘ar a luaithe’ a chuirfear tús le craobhacha idirchontae CLG

Tá ráite ag Cumann Lúthchleas Gael tráthnóna gur drochsheans go gcuirfear tús leis na craobhacha sinsir idirchontae roimh thús mhí Iúil agus gur dócha gurb in an uair “ar a luaithe” a chuirfear tús leis na craobhacha.

Cuireadh stop le cluichí agus imeachtaí uile CLG mí an Mhárta de bharr an ghalair Covid-19 agus deimhníodh inniu go mbeidh an cosc sin i bhfeidhm go dtí an 5 Bealtaine ar a laghad, tráth a ndéanfaidh an Rialtas athbhreithniú ar na srianta atá i bhfeidhm ar fud na tíre.

Bhí Craobh Shinsir Peile na hÉireann agus Craobh Shinsir Iomána na hÉireann le tosú ag tús mhí Bealtaine ach tá na comórtais sin anois curtha ar athlá ag CLG go dtí go mbeidh tuairim níos fearr ann dá bhfuil i ndán don tír.

Tá ráite ag CLG chomh maith go bhfuil sé i gceist acu na cluichí atá fós le himirt sna sraitheanna náisiúnta peile agus iomána a imirt amach anseo.

Níor cuireadh críoch leis na comórtais sraithe sular cuireadh stop le cluichí mhí an Mhárta agus tá cúrsaí idir dhá cheann na meá ó shin.

Agus nasc déanta i mbliana idir na comórtais sraithe agus na comórtais chraoibhe, tá éiginnteacht ann d’fhoirne ó thaobh cén comórtas ina mbeidh siad ag glacadh páirte.

Deir CLG go ndéanfaidh siad iarracht na cluichí sraithe a imirt nuair is féidir, go háirithe na cluichí a mbeidh tionchar acu ar ardú céime nó ísliú céime.

Reáchtálfar Comhdháil Speisialta Dé hAoine seo chun deis a thabhairt do CLG struchtúr na gcraobhacha agus na gcomórtas eile a athrú más gá.

Deir CLG go mbeidh na cinntí uile a dhéanfar bunaithe ar chomhairle lucht leighis agus ar chomhairle an Rialtais.

Fág freagra ar 'Mí Iúil ‘ar a luaithe’ a chuirfear tús le craobhacha idirchontae CLG'