Há! Cupán caife te le mo thaobh … anois éireoidh liom an colún seo a scríobh!
Ní haon rún é gur andúiligh chaiféine go leor scríbhneoirí agus ealaíontóirí eile; creideann go leor againn go gcabhraíonn idir bholadh agus bhlas leis an bpróiseas cruthaitheach. Ní hamháin sin, ach táthar ann (mé féin san áireamh) a mhothaíonn go bhfuil rud éigin in easnamh nuair nach mbíonn gal ag éirí ó chupán den leacht dubh in aice linn agus muid ag obair, easnamh a dhéanann an obair níos deacra.
Ach an bhfuil bunús eolaíoch leis an mbraistint sin?
Léiríonn taighde a rinne Ollscoil Arkansas go bhfuil tionchar dearfach ag an gcaiféin ar ár gcumas machnamh a dhéanamh, cinnte, ach go bhfuil an tionchar sin teoranta don chineál machnaimh ar a dtugann eolaithe an ‘smaointeoireacht aontreoch’ – is é sin le rá, an cineál smaointeoireachta a bhfuil sé mar aidhm aici teacht ar réiteach d’fhadhb éigin.
D’éirigh leis na daoine a ghlac páirt i dtaighde Ollscoil Arkansas agus ar tugadh 200mg caiféine (sin muga mór caife) dóibh roimh an tástáil líon i bhfad níos mó fadhbanna a réiteach ná leis na rannpháirtithe ar tugadh placebo dóibh.
Ach léirigh an taighde céanna nach bhfuil tionchar ar fiú trácht a dhéanamh air ag an gcaiféin ar ár gcumas sa ‘smaointeoireacht iltreoch’, an cineál machnaimh a bhfuil sé mar aidhm aici smaointe úra a chruthú as an nua.
Maidir leis an scríbhneoireacht chruthaitheach, is é an tátal a bhainfeá as taighde Ollscoil Arkansas, mar sin, ná gur mhó an chabhair an chaiféin sa phróiseas eagarthóireachta – nuair a bhíonn fadhbanna scríbhneoireachta a chruthaigh tú cheana féin le réiteach – ná nuair a bhíonn smaointe úra ag teastáil, mar a bhíonn nuair a bhíonn an chéad dréacht de shaothar éigin á scríobh agat.
Ach mar scríbhneoir, mothaím nach bhfuil an tuairim sin go hiomlán cruinn ach oiread. B’fhéidir gur dheacra an méid seo a thástáil i dtaighde eolaíoch, ach tá tábhacht ar leith, mothaím, leis an gcupán caife sin in aice leis an méarchlár nó cóipleabhar mar dheasghnáth. Fiú mura mbíonn tionchar fisiciúil ag an gcaiféin ar an smaointeoireacht iltreoch, mar a léirigh taighde na n-eolaithe, feictear dom gur nod láidir don inchinn a bhíonn sa chupán sin le mo thaobh agus mé ag scríobh: gabh i leith, a Alex, méara ar an méarchlár anois, nó éireoidh an caife fuar.
An rud is aistí ná gur minic a ligim do chuid mhaith den chaife éirí fuar, dáiríre, agus mé ag scríobh liom – léiriú, b’fhéidir, nach í an chaiféin, ach an tionchar síceolaíoch a bhaineann leis an deasghnáth is tábhachtaí.
Fág freagra ar 'Méara an mhéarchláir agus cupán caife te lena thaobh'