Méadú i rith na Nollag ar líon na ndaoine a bhíonn ag féachaint ar TG4

Deir an stáisiún Gaeilge go raibh an Nollaig ab fhearr acu ó bhí 2011 ann de réir na bhfigiúirí féachana

Méadú i rith na Nollag ar líon na ndaoine a bhíonn ag féachaint ar TG4

Chinntigh cluichí rugbaí, cláir cheoil tíre agus cláir ómóis go raibh sciar níos mó den lucht féachana ag TG4 aimsir na Nollag ná mar a bhíonn go hiondúil.

Dar leis an stáisiún Gaeilge, bhí an Nollaig ab fhearr ag TG4 ó bhí 2011 ann de réir na bhfigiúirí féachana.

Léirigh figiúirí TAM Ireland/Nielsen go raibh sciar de 3.2% ag TG4 le linn thréimhse na Nollag, ardú 14% ar lucht féachana na Nollag in 2021. Méansciar féachana 1.89% a bhí ag TG4 le linn 2021 ar fad, an seachtú cainéal is mó in Éirinn.

Ba é Lá Fhéile Stiofáin an lá ab airde féachana ag TG4 le linn na Nollag agus sciar 5.6% den lucht féachana a bhí ag faire ar an teilifís an lá sin ag féachaint ar an gcainéal.

Rugbaí is mó a mheall lucht féachana an lá sin agus craoladh á dhéanamh ar an gcluiche idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean. Mheall an cluiche idir Cúige Uladh agus Cúige Mumhan lucht féachana mór Lá Caille freisin agus 106,200 duine ar an meán ag féachaint ar Rugbaí Beo an lá sin.

D’fhéach 96,000 ar an meán ar Opry le Daniel – Joe Dolan, clár ómóis ag Daniel O’Donnell don amhránaí a cailleadh ar Lá Fhéile Stiofáin 2007. Bhí clár eile faoin amhránaí, Seo é Joe Dolan, i measc na gclár is mó féachana ag TG4 le linn Nollaig 2021 freisin.

126,000 duine a bhreathnaigh ar an gclár faisnéise faoin amhránaí Dessie O’Halloran, Dessie: Glór na Bó Finne Lá Nollag. D’fhéach 60,000 ar an meán ar chlár ómóis do Liam Reilly, Bagatelle, Oíche Chinn Bhliana agus 55,000 duine ar an meán a d’fhéach ar an gclár faisnéise faoin aisteoir Cyril Cusack: Lár an Stáitse Lá Nollag.

Oíche Chinn Bhliana d’fhéach 50,000 ar an meán ar Fáilte 2023, a bhí á chur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin as Baile Bhuirne.

Rinne Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont comhghairdeachas leo siúd a léirigh na cláir agus dúirt sé go dtugann na figiúirí féachana “misneach dúinn agus muid ag tabhairt aghaidh ar an mbliain nua”.

Fág freagra ar 'Méadú i rith na Nollag ar líon na ndaoine a bhíonn ag féachaint ar TG4'