Tháinig méadú ar an daonra i 23 den 26 Limistéar Pleanála Gaeltachta ar fud na tíre idir 2016 agus 2022, de réir torthaí an daonáirimh.
Tá eolas nua ó Dhaonáireamh 2022 foilsithe ag an bPríomhoifig Staidrimh maidir le dáileadh agus gluaiseachtaí daonra in Éirinn agus léargas tugtha ar an athrú daonra a tháinig ar na ceantair Ghaeltachta.
De réir na bhfigiúirí nua, ní raibh laghdú daonra i gceist ach i dtrí cinn den 26 Limistéar Pleanála Teanga – Cléire, Maigh Eo Thiar agus Dún na nGall Theas.
Thit daonra Chléire 25% idir an dá dhaonáireamh, ó 147 duine in 2016 go dtí 110 in 2022, an titim is mó in aon LPT ó thaobh céatadáin de.
I Maigh Eo Thiar a bhí an titim is mó ó thaobh líon daoine agus laghdú 2% ar an daonra sa cheantar sin, ó 2,141 duine in 2016 go dtí 2,102 in 2022.
Laghdú a bhí i gceist i nDún na nGall Theas freisin ach is titim thar a bheith beag a bhí ansin, ó 3,036 in 2016 go dtí 3,033 in 2022.
Cé gur ar oileán a tháinig an titim daonra is mó ó thaobh céatadáin de i measc na LPT, is ar oileán eile a tháinig an méadú is mó. Tháinig ardú 18% ar an daonra ar Thoraigh idir 2016-2022, ó 119 go dtí 141.
Ba é LPT Bhearna agus Chnoc na Cathrach i nGaillimh an limistéar is mó ó thaobh daonra de agus is ann a tháinig an méadú is mó idir 2016-2022. Bhí 13,043 duine ar fad ina gcónaí ann in 2022, 1,347 níos mó ná mar a bhí ann sé bliana roimhe sin.
Tháinig ardú ar dhaonra na LPT uile i nGaillimh – bhí ardú 14% i Maigh Cuilinn (daonra 5,088 in 2022), 12% i gCois Fharraige (7,490), 10% ar Oileáin Árann (1,347) agus 8% ar an gCeathrú Rua (2,472).
Tháinig ardú 14% ar dhaonra Ghaeltacht na nDéise, ó 1,816 in 2016 go dtí 2,063 in 2022 agus ardú 13% a bhí i gceist i nGaeltacht na Mí, ó 1,857 go dtí 2,093.
Idir 2-6% de mhéadú a bhí ar an daonra sna LPT eile i nDún na nGall, Ciarraí, Corcaigh agus Maigh Eo.
Léirigh anailís Tuairisc roimhe seo gur tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 16 den 26 LPT ar fud na tíre, de réir torthaí Dhaonáireamh 2022.
De réir Dhaonáireamh 2022, daonra 106,220 a bhí sa Ghaeltacht trí chéile, ardú 7% ó 2016.
Tugadh léargas chomh maith sna torthaí a foilsíodh inniu ar mheánaois dhaonra na mbailte ar fud na tíre.
I measc na mbailte ina raibh idr 1,500 – 10,000 duine ina gcónaí, bhí an Daingean i gCiarraí ar cheann de na bailte ‘ba shine’ sa tír. 44.4 bliain an mheánaois sa bhaile i gCorca Dhuibhne. Ba 38.8 bliain an mheánaois a bhí sa bhreis agus 860 baile a aithníodh sa Daonáireamh.
Tá cuma na hóige ar phobal an Daingin nuair a chuirtear i gcomparáid iad le bailte Gaeltachta eile, áfach. Is i nGob an Choire a bhí an mheánaois ba shine sa stát agus meánaois 52.4 bliain sa bhaile, de réir na dtorthaí. Ní raibh meánaois níos sine ach sa Chaol – Dumha Acha in Acaill (53 bliain) agus Droichead na Sionainne (52.5 bliain) in Uíbh Fhailí
Ní raibh ach trí bhaile Gaeltachta ina raibh meánaois an phobail níos óige ná an mheánaois náisiúnta – Baile Mhic Íre (38 bliain) i gCorcaigh agus Maigh Cuilinn (37.9 bliain) agus Baile Chláir (31.9) i nGaillimh.
Bhí meánaois 42.1 bliain ar an gCeathrú Rua, 39.2 ar an Spidéal, 44.3 ar Chill Rónáin, 41 i mBéal an Mhuirthead, 44.4 ar an bhFál Carrach, 43.9 i nGort an Choirce, 46.1 sna Doirí Beaga, 45.5 i Rann na Feirste agus 46.1 i nGleann Cholm Cille.
LPT | Daonra 2022 | Athrú Daonra 2016-2022 |
---|---|---|
Iomlán | 106,220 | 7% |
Ráth Chairn agus Baile Ghib | 2,093 | 13% |
Ciarraí Thiar | 7,162 | 3% |
Ciarraí Theas | 1,874 | 4% |
Cléire | 110 | -25% |
Múscraí | 4,000 | 6% |
Toraigh | 141 | 18% |
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir | 6,151 | 4% |
Árainn Mhór | 478 | 2% |
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh | 4,236 | 5% |
An Ghaeltacht Láir | 1,643 | 3% |
Dún na nGall Theas | 3,033 | 0% |
Tuaisceart Dhún na nGall | 2,967 | 5% |
Na Rosa | 5,571 | 4% |
Ceantar na nOileán | 2,207 | 4% |
An Cheathrú Rua | 2,665 | 8% |
Oileáin Árann | 1,347 | 10% |
Conamara Láir | 3,087 | 5% |
Cois Fharraige | 7,490 | 12% |
Maigh Cuilinn | 5,088 | 14% |
Bearna agus Cnoc na Cathrach | 13,043 | 12% |
Oirthear Chathair na Gaillimhe | 8,310 | 7% |
An tEachréidh | 8,683 | 9% |
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh | 3,346 | 5% |
Maigh Eo Thiar | 2,102 | -2% |
Maigh Eo Thuaidh | 7,330 | 2% |
Na Déise | 2,063 | 14% |
Fág freagra ar 'Méadú ar an daonra i 23 den 26 Limistéar Pleanála Teanga idir 2016-2022'