Laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 16 den 26 Limistéar Pleanála Teanga

Bhí cuid de na laghduithe agus na harduithe is mó ar líon na gcainteoirí laethúla le feiceáil sna Limistéir Phleanála Teanga ar na hoileáin Ghaeltachta

Laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 16 den 26 Limistéar Pleanála Teanga

Tá titim tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 16 den 26 Limistéar Pleanála Gaeltachta [LPT], de réir torthaí Dhaonáireamh 2022.

Is i gceantair Ghaeltachta i Maigh Eo, i nDún na nGall agus i nGaillimh is mó a tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais ach bhí ardú suntasach le feiceáil freisin i gceantair eile.

Tharla an titim is mó i LPT Mhaigh Eo Thuaidh, ina bhfuil Béal an Mhuirthead agus ceantar Iorrais. Thit líon na gcainteoirí laethúla sa cheantar ó 563 go dtí 447 idir 2016 agus 2022, laghdú 21%. Bhí laghdú suntasach – 16% – i gceist le LPT Mhaigh Eo Thiar, a chlúdaíonn Acaill, an Corrán agus Dumha Éige, agus líon na gcainteoirí laethúla tite ansin ó 180 go dtí 151.

Bhí an LPT ina bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Mhaigh Eo ar cheann de na cinn ina raibh titim mhór freisin agus líon na gcainteoirí i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh tite ó 426 go dtí 363 idir an dá dhaonáireamh – laghdú 15%.

Léiríodh titim 21% freisin in Árainn Mhór i nDún na nGall – ó 219 go dtí 174 – ach ba iad Oileáin Árann i nGaillimh an LPT a chonaic an méadú is mó ar líon na gcainteoirí laethúla agus 768 cainteoir laethúil ar Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr de réir an Daonáirimh, ardú 13% ón 681 a bhí ansin in 2016.

Bhí oileán Gaeltachta eile, Toraigh, ar cheann de na LPT inar tháinig an t-ardú is mó agus méadú 9% le feiceáil ansin, ó 85 go dtí 93. Titim 14% a bhí i gceist i gCléire amach ó chósta Chorcaí, áit ar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí ó 36 go dtí 31.

Níl figiúirí don daonra na Limistéar Pleanála Teanga ó Dhaonáireamh 2022 curtha ar fáil go fóill ag an bPríomhoifig Staidrimh, rud a fhágann nach féidir measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag aon athrú sa daonra ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna ceantair pleanála teanga uile.

Léirigh na torthaí a foilsíodh inné, áfach, go raibh ardú tagtha ar dhaonra na Gaeltachta i ngach ceann de na seacht gcontae ina bhfuil Gaeltacht.

As na LPT go léir, is i gCois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe atá an líon is mó cainteoirí laethúla agus 3,186 duine ag labhairt na Gaeilge gach lá sa cheantar, de réir an daonáirimh, suas 3% ó 2016.

Ardú 4% a bhí i gceist le Ciarraí Thiar (1,998 cainteoir laethúil Gaeilge) ó fhigiúirí 2016 agus laghdú beag de 1% a bhí le feiceáil i bpéire eile de na LPT is mó ó thaobh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge de – Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir (2,866) i nDún na nGall agus An Cheathrú Rua (1,542) i nGaillimh.

Laghdú a bhí i gceist sna trí LPT eile ina bhfuil breis is 1,000 cainteoir laethúil Gaeilge. Laghdú 5% a bhí i gceist le Conamara Láir (1,529) agus Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh (1,466) agus laghdú 8% a bhí i gceist le Ceantar na nOileán in iarthar Chonamara, ó 1,474 in 2016 go dtí 1,363 in 2022.

Tháinig ardú 10% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gCiarraí Theas idir 2016 agus 2022, ardú 9% a bhí sna Déise agus sna Rosa chomh maith, agus bhí ardú le feiceáil freisin i LPT Bhearna agus Chnoc na Cathrach agus in LTP Oirthear Chathair na Gaillimhe.

Tá pleananna teanga anois i bhfeidhm i ngach ceann den 26 LPT ar fud na tíre agus tá athbhreithniú neamhspleách le déanamh ar an bpróiseas pleanála teanga, ar tugadh feidhm dó ar dtús faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht de réir thorthaí daonáirimh 2022 – ó 20,586 in 2016 go dtí 20,261 anuraidh. Is é seo an dara daonáireamh as a chéile inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.

Ceantair Ghaeltachta Chiarraí (+4%) agus Phort Láirge (+8.8%) an t-aon dá áit inar tháinig méadú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais idir 2016-2022.

Contae LPT Cainteoirí Laethúla 2016 Cainteoirí Laethúla 2022 Athrú idir 2016-2022
Gaillimh Cois Fharraige 3104 3186 3%
Gaillimh An Cheathrú Rua 1558 1542 -1%
Gaillimh Conamara Láir 1603 1529 -5%
Gaillimh Ceantar na nOileán 1474 1363 -8%
Gaillimh Oileáin Árann 681 768 13%
Gaillimh Bearna agus Cnoc na Cathrach 660 686 4%
Gaillimh Maigh Cuilinn 299 290 -3%
Gaillimh Oirthear Chathair na Gaillimhe 215 221 3%
Gaillimh An tEachréidh 223 200 -10%
Gaillimh/Maigh Eo Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic   Éadaigh 426 363 -15%
Maigh Eo Maigh Eo Thuaidh 563 447 -21%
Maigh Eo Maigh Eo Thiar 180 151 -16%
Dún   na nGall Gaoth Dobhair, Rann na Feirste,   Anagaire agus Loch an Iúir 2900 2866 -1%
Dún   na nGall Cloich Chionnaola, Gort an Choirce,   An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh 1546 1466 -5%
Dún   na nGall Na Rosa 274 300 9%
Dún   na nGall An Ghaeltacht Láir 337 298 -12%
Dún   na nGall Dún na nGall Theas 322 298 -7%
Dún na nGall Tuaisceart Dhún na nGall 246 258 5%
Dún   na nGall Árainn Mhór 219 174 -21%
Dún   na nGall Toraigh 85 93 9%
Ciarraí Ciarraí Thiar 1928 1998 4%
Ciarraí Ciarraí Theas 121 133 10%
Corcaigh Múscraí 836 816 -2%
Corcaigh Cléire 36 31 -14%
Port Láirge Na Déise 467 508 9%
An Mhí Ráth Chairn agus Baile Ghib 283 276 -2%

 

Fág freagra ar 'Laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 16 den 26 Limistéar Pleanála Teanga'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Ó mo chur amach ar Cheantar na nOileán, glacaim leis go bhfuil baint nach beag ag an easpa seirbhísí sa cheantar leis an titim de -8% atá tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ó 2016 (1474) go dtí 2022 (1363). Tá siopaí agus oifig poist imithe as an gceantar. Tá bunscoil nó dhó dúnta. Tá sé an-deacair cead pleanála a fháil gan trácht ar chomh deacair is atá sé morgáiste a fháil. Agus is dóigh gur amhlaidh atá an scéal ag na ceantair bheaga eile a bhfuil titim suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla. Cá mbeadh na lánúineacha agus daoine óga ag fanacht?

  • Daithi Mac Carthaigh

    Mura labhraíonn tú Gaeilge sa mbaile le do chlann a léitheoir dhil, is cuid den fhadhb thú.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An bhfuil tuairisc ar bith ar an líon cainteoirí Béarla atá sna LPT? Agus cá mhéad duine sna LPT nach bhfuil an ghaeilg ná an bhéarla mar theanga dúchais acu (ach atá ag foghlaim an bhéarla mar theanga cumarsáide sa ‘ghaeltacht’)?

    Is cinnte go mbeidh tionchar mhór ag na figiúirí seo ar meath na gaeilge sa ‘ghaeltacht’.

  • Tomás de Bhaldraithe

    Ní iontas ar bith é go bhfuil laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí i “nGaeltacht Chonamara”.
    Cé’smoite den cheantar idir an Cnoc agus Cor na Rón ,Béarla is mó a chualathas i ngach siopa,teach ósta,caifé agus garáiste ag na freaslaithe fiú má labhartar Gaeilge leo i dtosach ,d’fhreagair siad thú i mBéarla agus cuid eile a dhiúltaigh Gaeilge a labhairt leat go h-uile agus go h-iomlán.Tá sé thar a bheith go dona níos faide siar chomh fada le Carna.Ina theannta sin Béarlachas a chloistear agus i mBéarla amháin atá in úsáid seasta acu ar na meáin sóisialta. Sin lom na fírinne agus níor cheart é a cheilt.Ní chuidíonn bánú an cheantair leis ach an oiread ná an oiread Béarlachas atá le clos ar TG4 agus sa sobal dhráma Ros na Rún ag aisteoirí áirithe ná ” I know,so,really,like,I suppose ar RnaG go rialta,

  • Siobhán

    Cad go díreach atá á rá agat Cordelia ná cad atá tú ag iarraidh a rá? Mar is eol do chách ón taighde ar fad ar an ilteangachachas, ní haon bhac é an t-ilchultúrachas ar fhoghlaim aon teanga eile, an Ghaeilge san áireamh. Is é go dtacaíonn sé le sealbhú teanga eile. Léigh taighde na dteangeolaithe aitheanta atá sa tír seo againn!! Céad míle fáilte roimh chách.

  • Liam Ó B

    A Thomáis, Seirbhìs uilig trí Ghaeilge ar fáil in Indreabhán de réir mo thaithí-se níl a leithéid d’áit eile i gConamara ó thaobh feasacht teanga de. Tá seirbhís tré Ghaeilge i bhformhór Casla ach má shineann tú siar ó sin Béarla ag dul in uachtar. Abair ar an gCeathrú Rua thart ar 10 gnó ag cur seirbhís ar fáil trí Ghaeilge, 6 cinn seirbhís trí Bhéarla amháin rud atá dochreidte domsa agus dhá gnó eile leath dosna mbaill le Gaeilge leath eile Béarla. Bhí mé i gCarna cúpla uair agus neart Béarla ann. Níl mórán cur amach agam ar Rosamhíl , Ceantar na nOiléain, Ros Muc, Scríbe

    Faraor Siobhán an dóigh leat gur chóir fáilte a chur roimh chách chun chónaí sa Ghaeltacht tá chomhthéacs ann mar is beag an duine a bhoganns chun na Gaeltachta atá sásta Gaeilge a fhoghlaim ar chor ar bith. Níl aon locht ar na hÚcránaigh níl siad anseo thart ar bhliain um an dtaca seo…ach gan amhras tá daoine eile ag teacht chun chónaí anseo sa nGaeltacht as chuile chearn d’Éirinn agus Sasana, Meiriceá, An Pholainn srl agus ní bhacann siad leis an nGaeilge. Tá na daoine sin idir Éireannaigh agus eachtrannaigh ag cur le mheath na teanga déanta na fírinne.

  • Margerita Anne Nohilly

    Nach bhfuiltear ag cur i bhfeidhm coinníollacha maidir le cónaí sna Gaeltachta ar tugadh aird dóibh le linn díospóireachtaí ar phleanáil teanga go bunúsach.