Laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcúig cinn de na seacht gcontae Gaeltachta – daonáireamh

Tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht idir 2016-2022 agus laghdú 12.6% atá i gceist ó 2011

Laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcúig cinn de na seacht gcontae Gaeltachta – daonáireamh

Tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcúig cinn de na seacht gcontae Gaeltachta, de réir na bhfigiúirí nua daonáirimh a foilsíodh inniu.

Tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht – ó 20,586 in 2016 go dtí 20,261 in 2022.

Fágann sin go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht laghdaithe 12.6% ó 2011 nuair a thug 23,175 duine le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

Is é seo an dara daonáireamh as a chéile inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.

Laghdú 11% a bhí i gceist idir 2011-2016.

Ceantair Ghaeltachta Chiarraí (+ 4%) agus Phort Láirge (+8.8%) an t-aon dá áit inar tháinig méadú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais idir 2016-2022.

I Maigh Eo ba mhó a tháinig meath ar labhairt na teanga agus laghdú 18.8% a tháinig ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht ansin.

Laghdú 38% atá tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla i Maigh Eo idir 2011-2022 agus gan ach 7.1% de dhaonra Ghaeltacht Mhaigh Eo ag labhairt na Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais.

Laghdú ar líon na gcainteoirí a bhí i gceist chomh maith i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Dhún na nGall, an dá cheantar Gaeltachta is láidre sa stát. Laghdú 3% a bhí i gceist i gcás Ghaeltacht Dhún na nGall agus laghdú 0.7% a bhí i gceist sa Ghaillimh.

Tá an céatadán de dhaonra Ghaeltacht na Gaillimhe a labhraíonn an Ghaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais tite faoi bhun 20% agus 19.1% ina gcainteoirí laethúla ansin.

Nuair a fhágtar ceantair Ghaeltachta chathair na Gaillimhe as an áireamh, 26.4% den daonra atá ina gcainteoirí laethúla.

I gcás cheantair Ghaeltachta Chiarraí ba mhór an difríocht idir an t-ardú 4% ar líon na gcainteoirí laethúla a tuairiscíodh i nDaonáireamh 2022 agus an laghdú 18% idir 2011-2016.

Mórán mar a chéile a bhí an céatadán de dhaonra Ghaeltacht Chiarraí a thug le fios in 2016 agus in 2022 go labhraíonn siad Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

Laghdú 2.9% ar líon na gcainteoirí Gaeltachta a bhí i gceist i nGaeltacht Chorcaí agus laghdú 2.5% a bhí ann i nGaeltacht na Mí.

Sa daonáireamh deireanach in 2016 ba é Gaeltacht Phort Láirge an t-aon áit ar tháinig méadú ar líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais agus bhí méadú eile i gceist in 2022. Ardú 6.6% a bhí i gceist in 2016 agus ardú 8.8% a bhí i gceist in 2022.

Ardú 16% atá tagtha ar líon na gcainteoirí i nGaeltacht Phort Láirge ó 2011.

D’fhág an t-ardú ar dhaonra na Gaeltachta i bPort Láirge idir 2016-2022 gur tháinig laghdú ar an gcéatadán den daonra ar cainteoirí laethúla lasmuigh de chóras oideachais iad –  ó 26.9% go dtí 25.4% in 2022.

Daonra +3 2022 Cainteoirí Laethúla 2022 % den Daonra atá ina gCainteoirí Laethúla 2022
Gaillimh
(Cathair)
(Contae)
52,469
16,993
35,476
10,019
646
9,373
-0.7%
0.0%
-0.8%
19.1%
3.8%
26.4%
Dún na nGall 23,554 5,753 -3.0% 24.4%
Maigh Eo 10,196 727 -18.8% 7.1%
Ciarraí 8,791 2,131 4.0% 24.2%
Corcaigh 3,972 847 -2.9% 21.3%
Port Láirge 2,002 508 8.8% 25.4%
An Mhí 1,989 276 -2.5% 13.9%

 

Fág freagra ar 'Laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcúig cinn de na seacht gcontae Gaeltachta – daonáireamh'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Spéisiúil gur ag féachaint soir Bhóthar Loch an Iolra atá an pictiúr a théann leis an alt seo mar is cinnte go gcuirfeadh na figiúirí seo soir duine ar bith beo!

  • Peadar McGiollarna

    Nil iontas ar bith orm faoi na bhfiguri do Condae Maigh Eo. Chuaigh me ann le deanai ag suil chun buaileadh le cainteoiri chun mo gaeilge a feabhsu ach seachas fear amhain ni raibh suim ag na daoine aituil bheith ag caint i ngaeilge. Ni bheidh me ag filleadh ann aris choiche chun gaeilge a labhairt ar aon nos!

  • Colm

    Don duine a scríobh an t-alt, cén t-ionadh agus fuadar curtha ar mhuintir na Gaeltachta amach as a gceantair dúchasacha de bharr diúltiú pleanála, easpa fostaíochta, caighdeán oideachais…..

  • Daithi Mac Carthaigh

    Mura labhraíonn tú Gaeilge sa mbaile le do chlann a léitheoir dhil, is cuid den fhadhb thú.

  • Tuairisg

    An gciallaíonn sé seo nach bhfuil na comharthaí seafóideacha atá á gcrocha a thaobh na bóithrí ag na coistí pleanála teanga ag cur le líon na gcainteoirí Gaeilge? Nach aisteach… 🙄 Níl aon rud fiúntach á dhéanamh ag na coistí pleanála teanga ná ag Údarás na Gaeltachta. Tá sé in am acu an fhírinne a inseacht, níl ann ach airgead á chaitheamh ar sheafóid.

  • An Sléibhteoir

    Tá na ceantair tuaithe ar fad á mbánú fé láthair, an Ghaeltacht agus an Ghalltacht araon. Titim suntasach aríst ar líon na bhfeirmeoirí. An-chuid daoine óga ag dul go Ceanada srl. Níl sna figiúirí teangan ach iarmhairt ar an scrios atá á dhéanamh ar phobail tuaithe na tíre seo. Cá bhfuil Fianna Fáil? An páirtí a bhí riamh in ainm is a bhí ar son na bhfeirmeoirí beaga? Níl i gceannaireacht Fianna Fáil anois ach lucht leanúna Fhine Gael. Táimid tréigthe,
    gan againn mar ghuth sa pholaitíocht ach cúpla TD neamhspleách anso is ansiúd.

    Beidh roinnt Ghaeil ag canadh ‘ochón, ochón’ fé na figiúir seo ach vótáilfidh siad don dream céanna aríst is aríst. Bíodh páirtí tuaithe againn. Na teachtaí neamhspleácha tuaithe go léir fé bhrat amháin.

    Céard atá ag tarlúint i Maigh Eo? Cá bhfuil an coiste éigeandála? Cá bhfuil an tascfórsa? An binse fiosrúcháin? Cá bhfuil na leasuithe ar an gcóras pleanála?

    Tá lucht na pleanála teangan ag snámh in aghaidh easa. Tá breis chumhachtaí ag teastáilt, an lámh láidir. Níl an rialtas reatha chun faic a dhéanamh a chuirfeadh aon stró orthu.

    Hup na Déise is Ciarraí abú! “Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim!”

  • Giorria

    Ba cheart go mbeadh aon fhorbairt nua tithíochta sa Ghaeltacht do dhaoine le Gaeilge amháin. Neartaigh an teanga b’fhéidir.