May v Corbyn: Na ceannairí imithe i bhfraoch na ngiotán cainte

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ar an mórgóir bhí an díospóireacht teilifíse do thoghchán Westminster ar fad ábhairín díomách

May v Corbyn: Na ceannairí imithe i bhfraoch na ngiotán cainte

Díospóireacht na gceannairí, cé nach díospóireacht a bhí ann agus nach raibh na ceannairí ar fad ann. Thug na híochtaráin bhochta aghaidh ar a chéile an tseachtain seo caite. Bhí an bheirt cheann feadhna in easnamh mar go raibh an t-eiteach tugtha ag Theresa May don mhúnla seanbhunaithe agus á cheal chinn Jeremy Corbyn a hata a chaitheamh leis an gcúram. Dá bhrí sin ba mheascán mearaí a bhí againn aréir in May v Corbyn Live,  clár a bhí á chraoladh ar ITV agus Sky News.

I dtosach imeartha bhí Faisal Islam againn mar fhear an tí agus ceisteanna á raideadh chuig Jeremy Corbyn ón lucht féachana a bhí roghnaithe go cáiréiseach.

Gan amhras chaith eachtra foréigin Mhanchain scáil dhubh ar an ócáid agus ba cheist faoi ghnóthaí eachtracha agus cúrsaí slándála ba thúisce a caitheadh chuige. Fite fuaite leis an gceist is ea an tuairim nach bhfuil sé dian go leor ina dhearcadh agus ina mheon i leith na slándála. Thug sé na cosa leis.

Ba í an chéad cheist eile is mó a chuir dá bhuille é. Fear ó Thuaisceart Éireann á chur ina leith gur thacaigh sé leis an IRA. Chruthaigh Jeremy go maith agus é ag maíomh gur leis an bpróiseas síochána a bhí sé ag tacú nuair a chuaigh sé chun cainte le Sinn Féin. Tugadh deis eile d’fhear na ceiste agus thagair sé d’ócáid ar thug sé tacaíocht do bhuamadóirí Loch gCál. Baineadh siar as ach chuaigh sé sa bhfraoch.

Ar an iomlán mheasas nach raibh an deis ann dul ceangailte go mion in aon ábhar (Brexit, cáin chorparáide srl.) agus ba leor an giotán cainte rómhinic.

Níor leor na giotáin neafaiseacha, áfach, nuair a dhein Jeremy Paxman na fiacla a dhrannadh. Chuir Paxman i leith Corbyn go raibh cuid de na tuairimí/polasaithe a bhí mar mháithreacha lena shaol polaitiúil caite thar chlaí aige. ‘Cén fáth nach bhfuil sé luaite sa bhforógra toghcháin go bhfuil deireadh le cur leis an monarcacht?‘ a d’fhiafraigh Paxman. ‘Níl sé ann mar nach bhfuilimid chun é a dhéanamh,’ a d’fhreagair Corbyn go deisbhéalach.

Lean Paxman siar amach air faoi bhuamáil drón, dí-armáil núicléach agus a dhearcadh faoi Hamas agus Cogadh Oileáin Fháclainne. Bhí Corbyn corrthónach sa chathaoir ar uairibh ach ní raibh aon bhuille oird ar inneoin.

Don trí cheathrú uaire eile ba í Theresa May a bhí i lár an aonaigh. Arís eile ba chúrsaí sceimhlitheoireachta agus slándála ba thúisce a bhí idir chamáin le ceist faoin leibhéal foirne sna póilíní.

Taibhsíodh dom nach raibh an gearradh nó spleodar céanna sa rud ar fad agus trácht ar chiorruithe oideachais, leighis agus sa liúntas breosla.

Deirtear linn go mbítear ag feachtasaíocht le filíocht agus ag rialú le prós. Chuaigh Theresa bocht in abar sa phrós agus tháinig ábhairín trasnaíle ón lucht féachana.

Dar liom nach raibh Paxman (Vincent Browne an duine bhoicht) os cionn a bhuille; b’fhéidir go bhfuil a stíl ionsaitheach éirithe seanchaite ag an bpointe seo.

Chuaigh sé sa tóir ar May faoina tuairimí féin faoi Brexit agus an scéala go bhfuil sí anois ag iarraidh beartas nach gcreideann sí ann a chur i gcrích. Mheall Paxman bualadh bos ón lucht féachana nuair a chuir sé ina leith go dtéann sí siar ar a focal (a maíomh nach mbeadh olltoghchán ann go 2020 agus a dearcadh ar chúrsaí cánach) agus d’áitigh sé go dtabharfadh sé seo uchtach dá céilithe comhraic san Eoraip.

Bhain sé hap eile aisti faoi chúrsaí imirce ach níor éirigh leis an buille scoir a bhualadh.

Ábhar suntais, agus díomá, do mhuintir na hÉireann ná na tagairtí fánacha do Thuaisceart Éireann.

Thaibhseofaí duit ó bheith ag féachaint air seo nach bhfuil áit faoi leith sa Ríocht Aontaithe a bhfuil teorainn talún aici le tír eile.

Ar an mórgóir bhí an rud ar fad ábhairín díomách. Ceal comhrac beirte le dealramh ní raibh an teas ná gearradh cuí sa rud ar fad. Ar an drochuair d’éirigh leis na hiarrthóirí dul i bhfraoch na ngiotán cainte.

Fág freagra ar 'May v Corbyn: Na ceannairí imithe i bhfraoch na ngiotán cainte'