‘Masla do phobal na Gaeilge é an úsáid a bhaineann comhlachtaí poiblí as Google Translate’ – An Coimisinéir Teanga

Tá teagmháil déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga le Comhairle Contae Chorcaí mar gheall gur bhain siad leas as ‘Google Translate’ chun ábhar a chur ar fáil i nGaeilge ar a suíomh idirlín

‘Masla do phobal na Gaeilge é an úsáid a bhaineann comhlachtaí poiblí as Google Translate’  – An Coimisinéir Teanga

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill “nach féidir glacadh ar chor ar bith le ‘Gaeilge Google Translate’ ó chomhlachtaí poiblí a bhfuil dualgas reachtúil orthu ábhar a chur ar fáil i nGaeilge”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Coimisinéir Teanga gur “masla don Ghaeilge agus do lucht a labhartha” é go mbeadh comhlachtaí poiblí ag úsáid ‘Google Translate’ chun ábhar i mBéarla a aistriú go Gaeilge.

“Níl i gceist lena leithéid ach an Ghaeilge a bheith á himeallú arís agus léiríonn sé drochmheas ar dhaoine a bhíonn ag iarraidh a ngnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge agus léiríonn sé drochmheas ar chearta teanga phobal na Gaeilge.

“Ba chóir go mbeadh an t-ábhar a chuirtear ar fáil i nGaeilge ar chomhchaighdeán leis an ábhar i mBéarla. Má bhaintear úsáid as ‘Google Translate’ ní hamhlaidh a bhíonn agus tugtar teachtaireacht shoiléir nach bhfuiltear dáiríre faoi sheirbhís a chur ar fáil i nGaeilge agus nach bhfuil fáilte roimh dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Tá teagmháil déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga le Comhairle Contae Chorcaí toisc leas a bheith bainte acu as ‘Google Translate’ chun ábhar a chur ar fáil i nGaeilge ar a suíomh idirlín.

Faoi scéim teanga Chomhairle Contae Chorcaí tá dualgas orthu buanábhar a suímh a chur ar fáil i nGaeilge agus dúirt urlabhraí de chuid na comhairle leis an Irish Examiner inné nach raibh a ndulagais i leith na scéime á sárú acu.

Dúirt Ó Domhnaill go raibh “an iomarca” úsáide á baint ag comhlachtaí poiblí as ‘Google Translate’ chun ábhar a chur ar fáil i nGaeilge agus nach bhféadfaí “glacadh lena leithéid de mhasla ar chainteoirí Gaeilge”.

Is minic a cháintear eagraíochtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha as mí-úsáid a bhaint as an tseirbhís uathaistriúcháin Google Translate, agus innill eile dá leithéid, le cáipéisí oifigiúla nó fógraíocht phoiblí a chur ar fáil i nGaeilge. Molann Google féin gur cheart dul i gcomhairle le haistritheoir gairmiúil faoi théacs ar bith a aistrítear leis an tseirbhís sin.

Mhol stiúrthóir Gaelchultúr, Éamonn Ó Dónaill níos túisce i mbliana go mbunófaí feachtas feasachta teanga do na ranna rialtais agus do chomhlachtaí poiblí eile le linn Bhliain na Gaeilge 2018.

“Ba cheart go mbeadh feachtas ann faoi úsáid Google Translate, mar shampla. Tá sé in úsáid go forleathan ag eagraíochtaí stáit, an OPW mar shampla. Tá tábhacht ag baint leis an bhfocal Gaeilge scríofa a bheith cruinn, agus an príomhrud atá ag teastáil sna Ranna ná cúrsaí feasachta teanga,” a dúirt Ó Dónaill.

Bhain conspóid mhór in 2014 leis an scéala gur úsáideadh ‘Google Translate’ chun Gaeilge a chur ar shleachta Béarla www.ireland.ie, suíomh idirlín Éire 2016, sliocht as Forógra na Poblachta féin san áireamh.

Thug an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios gur bhotún a rinne dearthóirí idirlín ba chúis leis an drochaistriúchán Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Masla do phobal na Gaeilge é an úsáid a bhaineann comhlachtaí poiblí as Google Translate’ – An Coimisinéir Teanga'

  • wtf

    ‘Béarla Margadh’ (The English Market) a bhí ar an gcomharthaíocht ní fada ó shin ach baineadh anuas é agus ceartaíodh é. Bíonn an bocht buíoch. Tá an tír trí chéile foirgthe ó bhun go barr leis an sórt sin cacamais. Tá glacadh forleathan ag Éireannaigh le cacamas… Cacamasóirí sinn….siar go heireaball.

  • Pól Ó Braoin

    Is bocht an t-aitheantas a thugtar do na ‘taw shays’ faraor. Rud ar bith lena mbéal a choinneáil dúnta, déanfaidh sin cúis. Is rómhinic a fheicim a leithéid, go háirithe sna háiteanna nach gcloistear focal Gaeilge á labhairt iontu agus is beag an fháilte a fheartar roimh lucht labhartha na teanga.