‘Cuirtear deireadh le Gaeilge ‘Google translate’ agus bunaítear Cúrsaí feasachta teanga do státseirbhísigh do Bhliain na Gaeilge’

Deir stiúrthóir Gaelchultúr, Éamonn Ó Dónaill, go bhfuil ciall le cúrsaí sa ghlanBhéarla a chur ar fáil do státseirbhísigh ach gur práinní i gcás na Gaeilge feachtas feasachta a chur ar bun

‘Cuirtear deireadh le Gaeilge ‘Google translate’ agus bunaítear Cúrsaí feasachta teanga do státseirbhísigh do Bhliain na Gaeilge’

Ba cheart feachtas feasachta teanga a chur ar bun do na ranna rialtais agus do chomhlachtaí poiblí eile le linn Bhliain na Gaeilge, dar le stiúrthóir Gaelchultúr, Éamonn Ó Dónaill.

Dúirt Ó Dónaill le Tuairisc.ie go bhfuil ciall leis an gcinneadh a rinne an Roinn Leasa Shóisialaigh le déanaí cúrsaí sa ghlanBhéarla a chur ar fáil dá fostaithe ach gur práinní i gcás na Gaeilge feachtas feasachta a chur ar bun faoi sheirbhísí Gaeilge.

Maítear go minic go mbíonn an teanga a bhíonn i gcáipéisí stáit róchasta don ghnáthdhuine agus féachtar leis an deacracht sin a shárú trí chúrsaí sa ghlanBhéarla a chur ar fáil do státseirbhísigh.

“An rud atá beartaithe acu don Bhéarla tá sé ciallmhar, ach sa Ghaeilge tá tábhacht ag baint le seirbhísí ó bhéal, rud nach mbíonn ar fáil.

“Ba cheart go mbeadh feachtas ann faoi úsáid Google Translate, mar shampla. Tá sé in úsáid go forleathan ag eagraíochtaí stáit, an OPW mar shampla. Tá tábhacht ag baint leis an bhfocal Gaeilge scríofa a bheith cruinn, agus an príomhrud atá ag teastáil sna Ranna ná cúrsaí feasachta teanga,” a dúirt Ó Dónaill.

Dúirt sé gur cheart a chur ina luí ar na hoifigigh go bhfuil tábhacht ag baint le “seirbhís ghairmiúil ar ardchaighdeán” a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge, agus gur léir nach dtuigtear é sin in áiteanna éagsúla ar fud na seirbhíse poiblí agus na státseirbhíse.

Cuireadh tús le Bliain na Gaeilge i gCorca Dhuibhne Oíche Chinn Bhliana agus tá súil ag lucht a heagraithe an teanga a cheiliúradh agus aird a tharraingt ar na dúshláin atá roimh phobal na Gaeilge i gcaitheamh na bliana atá romhainn.

Is minic a cháintear eagraíochtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha as mí-úsáid a bhaint as an tseirbhís uathaistriúcháin Google Translate, agus innill eile dá leithéid, le cáipéisí oifigiúla nó fógraíocht phoiblí a chur i nGaeilge. Molann Google féin gur cheart dul i gcomhairle le haistritheoir gairmiúil faoi théacs ar bith a aistrítear leis an tseirbhís sin.

Fág freagra ar '‘Cuirtear deireadh le Gaeilge ‘Google translate’ agus bunaítear Cúrsaí feasachta teanga do státseirbhísigh do Bhliain na Gaeilge’'

  • Éamonn Ó Floinn

    Tá 10% de na státseirbhisigh sa Bhreatain Bheag ag foghlaim na Breatnaise agus tá Breatnais líofa ag 10% eile cheana féin. Tá cáilíocht sa Bhascais ag chuile fhostaí sa tseirbhís phoiblí. Cén difríocht atá ann eatarthu agus Éirinn?

  • Colm Ó Cinnseala

    Tá géarghá le sheirbhís aistriúcháin a bheit ar fail go pras agus go cruinn do chuile dhuine, oifigí san státchóras agys lucht gnó san áireamh.