Más i Meiriceá, in Albain nó in Éirinn é, tá cath na feamainne á throid go géar

Tá a gcuid cearta traidisiúnta bainte feamainne á gcosaint go tréan agus go hachrannach i gcónaí ag daoine

Ba mhinic an leagan cainte ‘spiteanna feamainne’ ag Breandán Ó hEithir. Faltanais a bhíodh idir daoine a mbíodh sé ag scríobh fúthu a bhíodh i gceist aige ach ba mhaith a thuig sé gur as achrann faoi chearta bainte feamainne a tháinig an ráiteas i dtosach.

Chosnaíodh lucht bainte na feamainne a gcuid cearta traidisiúnta go tréan agus go hachrannach. Caolseans a bheadh ag duine a théadh thar teorainn teacht slán ar chor ar bith.

“M’anam gur maith dórainneach atá tú ag gabháil isteach ansin,” a deirtí le duine a bheadh ag gabháil róghar d’fheamainn duine eile sa gcladach.

Tá cur síos thar a bheith soiléir ar an scliúchas a d’fhéadfadh teacht as sa ngearrscéal ‘Fios’ a scríobh Máirtín Ó Cadhain.

“Ní mórán ceartais a bhí ann nó gur chuir mise an píce báite sa mbréidín feamainne ag a ucht. Dheamhan a fhios agam anois ná an uair sin tuige nach trasna thrína phutóig a thiomáin mé é.”

Ní comharsana atá in árach a chéile ar na saolta sé ach pobail cois cósta agus comhlachtaí a bhíonn ag próiseáil na feamainne. Tá an cath sin á throid i Meiriceá agus anseo in Éirinn. Tá agus in Albain de réir mar a cuireadh ar mo shúile dhom an lá faoi dheireadh.

Feamainn a dtugtar scothach uirthi, laminaria hyperborea, atá ag tarraingt an achrainn ansin. Seo í an fheamainn a dtagann na slata mara i dtír aisti.

De réir mar a d’inis an scríbhneoir as Maínis Séamas Mac an Iomaire dhúinn ina leabhar Cladaí Chonamara bhíodh an-tóir ar na slata mara i gConamara lena linn féin. Ní raibh cinneadh ar bith leo le ceilp a dhéanamh astu. Go deimhin bhí siad luaite in amhrán a chastaí i Mainís ag an am:

’S nach éard a dúirt a’ mac seo Maitias gur deas an baile é Maínis,

A bhfuil neart de thogha na talúna agus an leasú teacht i dtír ann,

Nach mór i gceist Coill na Garman, nó coillte Bhaile na hInse,

Is gur mór is fiú a bhfuil de shlata mara teacht isteach faoi thóin mo thíse.

Slata mara is mó a bhí Arramara Teoranta a phróiseáil i gCill Chiaráin i dtús aimsire. D’iompaigh siad ar an bhfeamainn bhuí ó shin.

Ach ar ais linn go hAlbain aríst.

Comhlacht darbh ainm Marine Biopolymers a bhí ag iarraidh cead a fháil an scothach a bhaint ansin. Inneall a chuirfidís ag obair. ‘Kelp dredge’ a thugtar air. As an Iorua a tugadh é. Tá inneall den chineál céanna acu sa bhFrainc a dtugann siad an scoubidou air.

Bhíodh muintir na hÉireann ag baint choirlí (laminaria digitata) le croisín fadó. Seo é an cur síos a rinne Colm Ó Gaora ina leabhar Obair Is Luadhainn ar an gcroisín: ‘Cleith fhada chaol, timpeall cheithre troithe déag ar fad sea an croisín. moirtís ina bharr, agus tuairim troigh de staic adhmaid trasna inti. Sánn na fir na croisíní síos sa gcoirligh, agus tosaíonn siad ag cur fuinnimh iontu ar fhastó na coirlí dhóibh. Leis an teann fuinnimh seo casann siad meall mór den choirleach ar cheann na croisín. Tarraingíonn siad na croisíní aníos ó thóin poill go dtuga siad an slám isteach sa mbád.’

Nuair a thiteadh an scothach i bpoill chineálta dhoimhne thógtaí le crúcaí iarainn í a mbíodh deich dtroithe fichead de chosa péine dhearg astu.

Maidir leis an ‘kelp dredge’ d’fhéadfá a rá gur leagan nua-aimseartha den chroisín é.

Deir an Marine Biopolymers nach ndéanfaidís aon dochar don choill fheamainne seo atá ag fás amuigh ar an domhain mar gur feamainn í a fhásann go sciobtha. Ní mar sin a fheiceann pobail cois cósta ná lucht timpeallachta é.

Chuir os cionn 80 eagraíocht iascaireachta agus turasóireachta litir oscailte chuig rialtas na hAlban ag iarraidh orthu gan ceadúnas a thabhairt don chomhlacht.

Bhí an nádúraí cáiliúil David Attenborough ar duine acu siúd a thacaigh leo.

Más i Meiriceá, in Albain nó in Éirinn é, tá cath na feamainne á throid go géar i gcónaí agus spiteanna feamainne ina gcuid den saol fós.

Fág freagra ar 'Más i Meiriceá, in Albain nó in Éirinn é, tá cath na feamainne á throid go géar'