“Tá Meiriceá ar ais,” a d’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden. Ach ní fógra síochána a bhí ann is cosúil; bhí sé níos gaire d’fhógra cogaidh.
Tá dhá long chogaidh curtha isteach ag Biden sa Muir Dhubh, le bheith ar patról taobh le cósta na Rúise. Tá bagairtí breise ann go nglacfar leis an Úcráin mar bhall de NATO agus go gcuirfear ionaid mhíleata díreach ar an teorainn leis an Rúis.
Mar sin féin, deir na meáin san Iarthar gurb í an Rúis atá ag bagairt ar stáit eile.
San Áise, tá an teannas míleata idir Meiriceá agus an tSín ag dul in olcas mar gheall ar an Téaváin (an limistéar Síneach nach bhfuil faoi riail na Síne féin), díreach agus Biden ag dearbhú go leanfar leis an teannas eacnamúil a chothaigh Trump ansin.
Ní léir, ámh, go mbeadh ‘comhghuaillithe’ Mheiriceá sásta seasamh le Biden dá dtiocfadh an crú ar an tairne – i gcás na Rúise san Eoraip nó i gcás na Síne san Áise.
Sea, tá maidrín lathaí Mheiriceá, an Bhreatain, i ndiaidh dhá long chogaidh dá gcuid féin a chur go dtí an Mhuir Dhubh freisin. Tá na tíortha Eorpacha eile ag fanacht ar an taobhlíne: ag labhairt go borb, más gá, ach iad drogallach aon ghníomh a dhéanamh.
San Áise, d’fhógair an tSeapáin go raibh siad báúil le cás na Téaváine, ach níor gheall siad aon chúnamh, agus níor gheall aon tír Áiseach eile a leithéid ach an oiread. Ar aon chuma, mar fhreagra air seo, rinne an tSín cleachtadh buamála taobh leis an oileán.
De réir mar atá dúshlán na Rúise is na Síne á thabhairt ag Joe Biden, tá siad á mbrú le chéile iad sa gcaoi gurb é Meiriceá atá á sháinniú eatarthu.
Bíonn cruinnithe rialta ann anois idir oifigigh shinsearacha an tSín agus an Rúis le plé a dhéanamh faoin Úcráin agus faoin Téaváin. Agus is cosúil gurb é freagra ag na Rúisigh ar an mbrú ón Iarthar, na bagairtí agus smachtbhannaí is eile, ná cúl a thabhairt le SAM.
Tá ambasadóir na Rúise chuig na Stáit Aontaithe imithe abhaile agus ambasadóir Mheiriceá sa Rúis curtha abhaile freisin. Tá Biden ag iarraidh cruinniú mullaigh a bheith aige le huachtarán na Rúise, Vladimir Putin, –agus an Putin céanna á mhaslú aige ag an am céanna – ach ní léir go bhfuil aon spéis ag ceannaire na Rúise sa gcruinniú.
Cá bhfágann sé sin straitéis Biden? An seasfaidh a chomhghuaillithe leis?
Cibé rud atá siad sásta a gheallúint, níl aon chosúlacht ann go bhfuil siad sásta aon ghníomh a dhéanamh.
Tá an Fhrainc i gcónaí ag iarraidh nach scriosfaí na droichid leis an Rúis, agus tá an Ghearmáin ag cloí leis an bhfiontar Nordstróm 2 (an phíblíne a thugann gás nádúrtha ón Rúis díreach go dtí an Ghearmáin).
Agus má tá aon bhagairt ann dó sin, is ó na Glasaigh sa nGearmáin féin atá sí ag teacht. Tá siadsan in ainm is a bheith buartha faoi bhreosla neamh-inbhuanaithe ar nós gáis a úsáid. Ach, ag an bpointe seo, an t-aon rogha atá ann seachas an gás Rúiseach ná an gás leachtaithe ó Mheiriceá, atá, ar ndóigh, i bhfad níos costasaí.
Seasamh prionsabálta, nó an é go bhfuil idé-eolaíocht fhrithRúiseach taobh thiar de?
Tá sé á admháil ag eacnamaithe, ar nós Ruchir Sharma, comhairleoir eacnamaíochta le Morgan Stanley Investment Management, gur beag drochthionchar a bhíonn ag smachtbhannaí ar an Rúis, is gur féidir leis an tír sin gan ligean dá leithéid cur isteach orthu beag nó mór.
Maidir leis an tSín, déanann na geilleagair is láidre san Áise 40% níos mó dá gcuid trádála leis an tSín ná mar a dhéanann siad le Meiriceá.
Mar sin, má tá Meiriceá ‘ar ais’ mar a mhaígh Biden, is cosúil nach sa domhan céanna é.
Tá an chaoi a bhfuil ar Mheiriceá imeacht go maolchluasach as an Afganastáin feicthe ag an saol mór. I ndáiríre an mbeadh Meiriceá sásta cogadh te a bhrú chun cinn in iarracht in aisce ceacht éigin a mhúineadh don Rúis nó don tSín?
Go deimhin sé an t-aon ábhar dóchais atá ann dó ná go bhfuil an tSín buartha faoi bhua na jiohádach san Afganastáin. Seans go gcuirfeadh an Taliban ionaid traenála is dídine ar fáil do na sceimhlitheoirí Uigiúracha. Tá caint ann fiú go rachadh an tSín isteach ansin.
Ach i bhfianaise ar tharla do shean-impireacht na Síne, do na Sasanaigh sa 19ú haois, don Aontas Sóivéadach sa gcéad seo caite, agus anois do Mheiriceá, ba chóir athsmaoineamh a dhéanamh faoina leithéid.
Ag deireadh thiar, má tá na Stáit Aontaithe i gcoimhlint leis an tSín, leis an Rúis, leis an Iaráin, leis an Tuirc agus leis an bPacastáin, bheadh sé ciallmhar do na tíortha sin teacht le chéile agus seasamh le chéile.
Agus sin é atá ar siúl acu faoi láthair.
Fág freagra ar 'Más fíor go bhfuil Meiriceá ‘ar ais’, ní sa domhan céanna é'