‘Mar ghnó, ní fhéadfaimis gan na héarlaisí a thógaint isteach’ – lucht na gcoláistí samhraidh

Thug Roinn na Gaeltachta rabhadh do choláistí samhraidh sé mhí ó shin gan glacadh le héarlaisí i mbliana

‘Mar ghnó, ní fhéadfaimis gan na héarlaisí a thógaint isteach’ – lucht na gcoláistí samhraidh

Tá sé ráite ag roinnt úinéirí coláistí samhraidh nach mbeadh siad in ann feidhmiú gan éarlaisí a ghlacadh, cé gur mhol Roinn na Gaeltachta gan é sin sin a dhéanamh.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, thug Roinn na Gaeltachta rabhadh do choláistí samhraidh sé mhí ó shin gan a bheith ag brath ar an chúiteamh céanna a fuair siad anuraidh a fháil i mbliana.

Is chun éarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí a cuireadh formhór den mhaoiniú speisialta ar fáil don earnáil anuraidh.

Dúradh sa litir a chuir an Roinn chuig na coláistí gur ar a bpriacal féin a bheadh sé dá nglacfaidís le héarlaisí ó thuismitheoirí.

Dúirt Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, le Tuairisc.ie gurbh éigean do Choláiste Chorcha Dhuibhne agus neart coláistí samhraidh eile glacadh le héarlaisí i mbliana toisc go ndearnadh cinneadh “déanach sa lá” faoi chúrsaí 2021 a chur ceal.

“Bhí na coláistí Gaeilge ag teacht agus ag imeacht ag fanacht ar scéal ón Roinn agus thógamar éarlaisí mar bhíomar i mbun obair phleanála do na cúrsaí.

“Cuid de na coláistí, mar atá againne, tá daoine fostaithe go lánaimseartha ó cheann ceann na bliana. Tá costais reatha, costais foirgnimh ar gá cothabháil a dhéanamh orthu, agus árachas mar a bheadh ag aon ghnó i gceist.”

Dúirt Ó Sé nach raibh “ciste mór” airgid ag na coláistí samhraidh le costais na bliana a íoc.

“Mar ghnó, ní fhéadfaimis agus ní fhéadfadh coláistí eile gan na héarlaisí a thógaint isteach mar go mbraitheamar ar an airgead sin chun costaisí a dhíol.”

Measann Ó Sé gur chuir an Roinn comhairle ar na coláistí samhraidh gan glacadh le héarlaisí i mbliana toisc “an-bhrú” a bheith ag baint leis na haisíocaíochtaí anuraidh agus nach raibh “aon rud mailíseach” i gceist.

“Próiseas an-mhall” atá sna haisíocaíochtaí a dúirt Ó Sé agus dúirt go raibh duine fostaithe go lán-aimseartha aige le trí mhí anuas ag plé leo.

Dúirt úinéirí coláistí eile i gConamara agus i nGaeltacht Dhún na nGall le Tuairisc.ie go raibh siad sa “bhád céanna” agus cinneadh déanta acu fómhar na bliana seo caite glacadh le héarlaisí do chúrsaí 2021, i bhfad sular tháinig comhairle na Roinne.

Cé gur fógraíodh ciste cúitimh €2.2 milliún do na mná agus fir tí an tseachtain seo, níl aon scéal faighte ag lucht na gcoláistí samhraidh féin faoin chineál tacaíochta a bheas ar fáil i mbliana.

Dúirt Cóilín Ó Domhnaill, duine de stiúrthóirí Choláiste Chiaráin ar an Cheathrú Rua, go raibh “díomá” air nach raibh aon scéal faighte acu faoi chiste cúitimh na bliana seo go fóill.

“Cuireann muid fáilte roimh an bpacáiste cúitimh a fógraíodh an tseachtain seo do na mná tí agus ceapaim go ’speánannn sé sin meas ar na mná tí agus ar thithe lóistín. Ach tá díomá orm nár tháinig scéal faoin gcineál cúitimh atá le cur ar fáil do choláistí samhraidh.”

Cé go raibh “amhras mór ann” faoi reáchtáil na gcúrsaí i mbliana, dúirt Ó Domhnaill go raibh tuismitheoirí fós ag iarraidh “cinnteacht” ó thaobh áiteanna a bheith curtha in áirithe do chúrsaí 2021.

Chinn muid ag an tús gan glacadh le héarlaisí toisc éiginnteacht a bheith ann faoi na cúrsaí ach faoi mhí na Samhna bhí sé an-soiléir go raibh tuismitheoirí ag iarraidh cinnteacht maidir le háiteanna ar na cúrsaí a bheith curtha in áirithe acu.

“Tá tuismitheoirí curtha ar an eolas againn anois go bhfuil muid ag súil go mbeidh muid ar ais chucu maidir le haisíoc iomlán a dhéanamh ar aon phingineacha atá coinnithe siar uathu go dtí seo,” arsa Ó Domhnaill.

Dúirt sé chomh maith go mbíonn “go leor costaisí” ar choláistí samhraidh le linn na bliana agus cothabháil le déanamh ar threalamh spóirt, ar fhoirgnimh agus áiseanna teagaisc i measc cúraimí eile.

“Ní féidir tosú ag eagrú cúrsaí fiúntacha mí sula mbíonn na scoláirí ag teacht. Bíonn costais reatha ar na coláistí le linn na bliana ar fad,” a dúirt sé.

Mheas Ó Domhnaill, atá ag plé le coláistí samhraidh ó 1971, nach raibh cothrom na Féinne á thabhairt do choláistí samhraidh le blianta anuas.

“Ní thagann pingin ná leathphingin chuig na coláistí samhraidh ó Roinn na Gaeltachta ná ón Roinn Oideachais do na scoláirí a bhíonn ag freastal ar na coláistí samhraidh.”

Nuair a thosaigh Ó Domhnaill ag obair le coláistí samhraidh, d’íocadh an Roinn Oideachais £5 in aghaidh an scoláire leis na coláistí, 25% den táillí £20 a bhíodh le híoc ag scoláirí.  Chlúdaigh sé sin páigh na múinteoirí agus na gcúntóirí, a dúirt sé.

“Diaidh ar ndiaidh, gearradh siar ar an méid sin agus cuireadh deireadh ar fad leis nuair a tharla an gearradh siar in 2008. Ó thaobh luach an airgid is ionann liúntas na mban tí i mbliana agus a raibh á fháil acu sna 1970idí ach níl aon tacaíocht á fáil ag na coláistí samhraidh níos mó,” a dúirt Cóilín Ó Domhnaill.

Fág freagra ar '‘Mar ghnó, ní fhéadfaimis gan na héarlaisí a thógaint isteach’ – lucht na gcoláistí samhraidh'