Fuair coláistí samhraidh rabhadh gan glacadh le héarlaisí i mbliana

Tá ceist an chúitimh do na coláistí samhraidh Gaeltachta níos casta i mbliana ná mar a bhí in 2020 agus an plé fós ag dul ar aghaidh faoin tacaíocht a chuirfear ar fáil don earnáil

Fuair coláistí samhraidh rabhadh gan glacadh le héarlaisí i mbliana

Tugadh rabhadh do choláistí samhraidh sé mhí ó shin gan a bheith ag brath ar an gcúiteamh céanna a fháil i mbliana is a fuair siad anuraidh.

Tá ceist an chúitimh do na coláistí samhraidh Gaeltachta níos casta i mbliana ná mar a bhí in 2020 agus an plé fós ag dul ar aghaidh faoin tacaíocht a chuirfear ar fáil don earnáil.

Is chun éarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí a cuireadh formhór den mhaoiniú speisialta ar fáil don earnáil anuraidh ach tuigtear do Tuairisc.ie gur tugadh rabhadh do na coláistí samhraidh sé mhí ó shin nach mbeadh cúiteamh ar fáil i dtaobh éarlaisí.

Dúradh sa litir rabhaidh a chuir an Roinn chuig na coláistí gur ar a bpriacal féin a bheadh sé dá nglacfaidís le héarlaisí ó thuismitheoirí i mbliana.

Chinn coláistí áirithe glacadh le héarlaisí agus shocraigh coláistí eile gan sin a dhéanamh.

Tá cás á dhéanamh ag na coláistí samhraidh go raibh costais reatha éagsúla eile orthu i mbliana fad is a bhí siad ag fanacht le cinneadh Roinn na Gaeltachta cé acu an mbeadh nó nach mbeadh na cúrsaí samhraidh ar siúl i mbliana.

Ar an 7 Bealtaine a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta nach mbeadh na coláistí Gaeltachta á reáchtáil don dara bliain as a chéile de dheasca na paindéime agus deir na coláistí go raibh go leor ullmhúcháin le déanamh faoin tráth  sin.

Le húdaráis na gcoláistí samhraidh a íocadh €3.1 milliún den €4.7 milliún d’airgead cúitimh a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil don earnáil nuair a cuireadh cúrsaí an tsamhraidh seo caite de dheasca na paindéime.

Na mná agus fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí a fuair €1.6 milliún den chiste cúitimh sin.

Íocfar cúiteamh arís leis na mná tí i mbliana agus, murab ionann agus anuraidh, tuigtear go gcuirfear tacaíocht ar fáil chomh maith do na hallaí pobail Gaeltachta a mbaineann na coláistí úsáid astu.

Tá gnéithe den chúiteamh, ceist an chúitimh do na coláistí féin san áireamh, fós á bplé le CONCAS, a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh.

Bhí cruinnithe ag an Aire Stáit Jack Chambers agus oifigigh a roinne le CONCOS, le mná tí agus le grúpa atá ag déanamh cás ar son cúitimh do na hallaí pobail Gaeltachta a bhíonn á n-úsáid ag na coláistí.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an mhí seo caite go raibh sé “déistineach” nach bhfuil aon soiléiriú faighte ón Rialtas fós faoi cheist an chúitimh d’earnáil na gcoláistí samhraidh i mbliana.

Táthar ag súil le fógra ón Roinn faoin scéal faoi cheann cúpla seachtain.

Fág freagra ar 'Fuair coláistí samhraidh rabhadh gan glacadh le héarlaisí i mbliana'