Mapaí fánaíochta Ghaeltacht Dhún na nGall ar fáil go digiteach anois

Tá na mapaí a rinne EastWest Mapping de Ghaeltacht Dhún na nGall ar fáil anois go digiteach ar an aip Hiiker

Mapaí fánaíochta Ghaeltacht Dhún na nGall ar fáil go digiteach anois

Tá na léarscáileanna nua de Ghaeltacht Dhún na nGall a rinne EastWest Mapping níos luaithe i mbliana anois ar fáil ar an aip léarscáileanna Hiiker, ardán a cuireadh ar fáil i nGaeilge san earrach.  

Chruthaigh an léarscáilí aitheanta Barry Dalby dhá léarscáil de cheantair Ghaeltachta an iarthuaiscirt an samhradh seo – an ceantar timpeall ar Ghleann Bheatha i nGaeltacht Ghaoth Dobhair agus an sliabhraon Na Cruacha Gorma sa Ghaeltacht Láir.  

Foilsíodh an dá bhileog ar pháipéar speisialta uiscedhíonach cúpla mí ó shin agus tá an-fháilte curtha ag lucht siúl sléibhte rompu. Tá comhpháirtíocht ann idir comhlacht Dalby, EastWest Mapping, agus an aip do shiúlóirí Hiiker agus tá leaganacha digiteacha den dá léarscáil ar fáil anois ar an aip.  

Tá na leaganacha digiteacha seo ruainne beag níos mó ná na leaganacha páipéir a foilsíodh i mí Iúil. Tá na léarscáileanna nua ar fáil dóibh siúd a bhfuil síntiús acu le Hiiker agus ní bheidh teacht ag daoine a úsáideann an leagan saor in aisce den aip orthu. Tá an aip ar fáil ar sheirbhísí Android agus iOS. Tá na leaganacha páipéir de léarscáileanna Dhún na nGall ar fáil i siopa Uí Rabhartaigh i nDún Lúiche, in A Novel Idea i mBéal Átha an Seanaidh agus i siopaí leabhar agus eachtraíochta ar fud na tíre.  

Tá Barry Dalby anois i mbun uasdátú a dhéanamh ar na léarscáileanna eile de cheantair Ghaeltachta atá aige. Tá 22 bileog ar fad curtha amach ag EastWest Mapping agus clúdaítear sléibhte Chonamara, Corca Dhuibhne agus na Blascaodaí, agus Acaill i measc ceantair shléibhe eile in Éirinn. Tá súil ag Dalby go mbeidh na leaganacha uasdátaithe de na léarscáileanna digiteacha ar fáil ar Hiiker faoi dheireadh na míosa seo. Tá iarrtha aige ar lucht úsáide na mapaí aon leid a bheadh acu faoi athruithe ar an tírdhreach nó botúin ar na leaganacha reatha a chur a chur ar a shúile dó agus é i mbun na hoibre ar an uasdátú sin.  

Cuireadh an aip Hiiker ar fáil i nGaeilge níos luaithe i mbliana agus dúirt bunaitheoir na haipe gur “ceist ómóis agus bhróid” a bhí ann an t-ardán a chur ar fáil sa chéad teanga náisiúnta.  

“Ba thosaíocht é an t-aistriúchán Gaeilge ón gcéad lá riamh, bhí sé thar a bheith tábhachtach dúinn go mbeadh Hiiker ar fáil i nGaeilge, mar gheall ar an áit as a dtagann muid. Is ceist ómóis agus bhróid atá ann. 

Is éard atá i gceist le Hiiker ná aip ar a bhfuil fáil ar réimse leathan léarscáileanna i bhfoirm dhigiteach. Tá bunleagan na léarscáileanna, atá bunaithe ar Open Street Map, ar fáil saor in aisce do dhuine ar bith a íoslódálfaidh an aip. Tá léarscáileanna náisiúnta ‘Sraith an Eolais’ de chuid Thailte Éireann agus na léarscáileanna fánaíochta de chuid EastWest Mapping ar fáil do shíntiúsóirí na haipe. Tá fáil freisin ar an aip ar léarscáileanna stairiúla de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis a rinneadh san 19ú haois.  

Fág freagra ar 'Mapaí fánaíochta Ghaeltacht Dhún na nGall ar fáil go digiteach anois'