Maoiniú fógartha ag TG4, an BBC, agus an CCG d’fhadscannáin Ghaeilge

Beidh an deis ag déantóirí scannán “léiriúcháin shuntasacha uaillmhianacha” a chruthú a bheidh á gcraoladh ar BBC Northern Ireland agus ar TG4 agus in amharclanna

Maoiniú fógartha ag TG4, an BBC, agus an CCG d’fhadscannáin Ghaeilge

Tá ciste £150,000 fógartha ag TG4, an BBC agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann do scéim darb ainm ‘Amharc’. Is scéim nuabhunaithe é ‘Amharc’ a thacóidh le mórscannáin Ghaeilge a dhéanamh ó thuaidh.

Táthar ag súil go dtabharfaidh an scéim deis do dhéantóirí scannán “léiriúcháin shuntasacha uaillmhianacha” a dhéanamh le craoladh ar BBC Northern Ireland agus ar TG4, chomh maith le bheith á dtaispeáint i bpictiúrlanna. 

Beidh £75,000 an ceann ar fáil do na tograí scannánaíochta agus beifear ag súil le scannán a mhairfidh tuairim is uair an chloig. Tá ráite ag TG4, an BBC agus an Ciste Craoltóireachta, áfach, go bhféadfaí maoiniú a chur ar fáil do thograí a bheidh “níos uaillmhianaí” ná sin ach airgead breise a bheith ar fáil do na tograí sin ó fhoinsí eile airgid.

Is do scannáin Ghaeilge nó dhátheangacha amháin a bheidh an t-airgead á chur ar fáil ach beidh fotheidil Ghaeilge orthu freisin. Beidh siad á gcraoladh ar TG4 agus BBC Northern Ireland go luath sa bhliain 2019.

Níos luaithe i mbliana d’fhógair TG4 scéim mhaoinithe nua i gcomhar le Bord Scannán Éireann agus an BAI le €1.2 milliún a chur ar fáil d’fhadscannáin Ghaeilge. Beidh ciste suas le €25,000 in aghaidh an togra á chur ar fáil ag an stáisiún Gaeilge faoin scéim ‘Cine4’.

Is í an sprioc an scéim a reáchtáil ar bhonn bliantúil amach anseo, rud a d’fhágfadh go léireofaí dhá fhadscannán Gaeilge sa bhliain ar feadh na gceithre bliana atá amach romhainn.

Fág freagra ar 'Maoiniú fógartha ag TG4, an BBC, agus an CCG d’fhadscannáin Ghaeilge'