Maoiniú á chur ag Rialtas na hÉireann i gCiste Gaeilge an Tuaiscirt den chéad uair

Mar chuid den idirbheartaíocht a rinneadh i leith an chomhaontaithe faoinar athbhunaíodh Stormont, déanfaidh Roinn na Gaeltachta infheistíocht i bhfeachtas feasachta teanga, in ionaid phobail, i gcúrsaí craoltóireachta agus i líonraí Gaeilge sa Tuaisceart

Maoiniú á chur ag Rialtas na hÉireann i gCiste Gaeilge an Tuaiscirt den chéad uair

Tá Rialtas na hÉireann le hairgead a chur i gCiste Infheistíochta Gaeilge an Tuaiscirt den chéad uair.

Mar chuid den idirbheartaíocht a rinneadh i leith an chomhaontaithe New Decade, New Approach, déanfaidh Roinn na Gaeltachta infheistíocht i bhfeachtas feasachta teanga, in ionaid phobail, i gcúrsaí craoltóireachta agus i líonraí Gaeilge sa Tuaisceart.

Mar chuid den socrú tá €1 milliún sa bhliain le cur ar fáil ag an Roinn do Northern Ireland Screen le 17 uair an chloig breise de chláir Ghaeilge a chur ar fáil.

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go mbeidh €400,000 eile á infheistiú ag a Roinn i bhforbairt na Gaeilge idir 2021-2023. Cuirfear €250,000 den mhaoiniú sin ar fáil don chiste infheistíochta Gaeilge sa Tuaisceart “le margaíocht a dhéanamh ar ionaid de chuid an chiste agus leis na hionaid a neartú agus a bhuanú mar ionaid phobail”.

Caithfear €50,000 ar fheachtas feasachta teanga a dhíreoidh ar an nGaeilge a dhéanamh “níos feiceálaí i measc an phobail” agus €100,000 a chuirfear ar fáil “le líonraí Gaeilge nó Gaeltachta a fhorbairt, comhionann leis na líonraí Gaeilge sa Deisceart”. Beidh baint ag Glór na nGael agus an scéim Gaelbhratach leis an bhfeachtas feasachta teanga agus trí Fhoras na Gaeilge a íocfar an maoiniú leis na líonraí Gaeilge.

Chomh maith leis sin tá €100,000 eile sa bhliain á chur ar fáil do TG4 agus RTÉ “leis an nGaeilge a fhorbairt i réimse na craoltóireachta i dTuaisceart na hÉireann”.

Beidh an t-airgead seo a dháileadh roimh dheireadh na bliana.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers chomh maith go raibh sé ag súil go dtabharfaí an reachtaíocht teanga atá geallta don Tuaisceart isteach go luath.

“Maidir le teanga agus cultúir, tá soláthar sa chomhaontú [New Decade, New Approach] maidir le reachtaíocht don Ghaeilge, ag tabhairt aitheantais don ilghnéitheacht cultúir agus féiniúlachta i dTuaisceart na hÉireann.

“Mar chuid den tiomantas ar chur i bhfeidhm iomlán an chomhaontaithe, tá an Rialtas ag súil go mbeifear in ann an reachtaíocht seo a thabhairt isteach chomh luath in Éirinn agus is féidir. Tá oifigigh mo Roinne ag comhoibriú go leanúnach le páirtithe leasmhara mar a bhaineann sé le spriocanna an Rialtais ó thaobh na teanga de sa Tuaisceart a bhaint amach, go háirithe ag leibhéal an phobail.”

Tá an reachtaíocht Ghaeilge ina hábhar mór aighnis ó thuaidh le tamall.

Bhí éirí amach sa DUP in aghaidh a n-iarcheannaire Edwin Poots mar gheall ar mhargadh a rinneadh le Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht teanga agus cultúir isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura mbeadh an beart déanta ag lucht Stormont faoin tráth sin.

Bhí Jeffrey Donaldson, ceannaire nua an DUP, ar dhuine de na daoine a d’éirigh amach in aghaidh Poots mar gheall ar chás na Gaeilge, ach níl mórán ráite go poiblí ag Donaldson faoin reachtaíocht go fóill.

Fág freagra ar 'Maoiniú á chur ag Rialtas na hÉireann i gCiste Gaeilge an Tuaiscirt den chéad uair'