Máirtín Tom Sheáinín, an sagart, Joe Brolly agus an bhiaiste chaide le teacht…

DARA Ó CINNÉIDE: Bainfidh Áth Cliath súp go cluasa as na laethanta is na seachtainí amach romhainn ach is gearr go dtosnóidh an fiach arís

Máirtín Tom Sheáinín, an sagart, Joe Brolly agus an bhiaiste chaide le teacht…

Cheapas go raibh an uile ní cloiste agam fén mbiaiste chaide atá díreach thart nó go dtugas cluas don gclár Ardtráthnóna le Máirtín Tom Sheáinín ar an Raidió Dé Luain.

Bhí MTS ag tabhairt freagra ar théacs a fuair sé ó fhear óg le linn an chláir Togha agus Rogha ar an nDomhnach. Níor chreid an fear óg seo a raibh cloiste aige tamall roimis sin agus Aifreann an Lae á chraoladh ó Shéipéal Chríost Rí i nGort a’ Choirce agus scaoil sé an téacs uaidh le teann fiosrachta agus iontais. Ar chuala a gcuala, má thuigeann tú leat mé.

Bhí, de réir dealraimh, an tAthair Seán Ó Gallchóir ag tabhairt seanmóine uaidh fén Athair Grámhar agus an Mac Drabhlásach nuair a tharraing sé cás Dhiarmuid Connolly chuige féin agus é ag tagairt do chluiche an tSathairn. Thagair an tAthair Ó Gallchóir dóibh siúd ar phainéal Átha Cliath an oíche roimis sin ná raibh ainmnithe i measc an tseisir is fiche a bhí tofa chun imeartha i gcluiche ceannais na hÉireann agus a bhraith leathcheal, b’fhéidir, toisc Connolly féin bheith ar an bhfód arís.

“Amanaí, síleann muid uilig go mbíonn leathcheal á dhéanamh orainn,” a dúirt an tAthair Ó Gallchóir agus dúirt sé chomh maith go bhféadfadh Joe Brolly an leathcheal céanna a mhothú tar éis dó “sult agus pléisiúr” bheith tugtha aige dúinn leis na “tuairimí conspóideacha a bhíonn aige agus lena dheislabhartha…”.

“Agus ansin fuair sé bata is bóthar roimis an gcluiche mór, agus arís creidim, ár ndálta uilig, go mbíonn daoine gortaithe agus sin mar a bhí an deartháir ba shine agus lig sé a racht amach,” arsa an sagart.    

Ábhar machnaimh a bhí sa mhéid sin ón Athair Ó Gallchóir, ábhar suainseáin agus caibidil le cur leis an stór mór atá curtha ag biaiste na caide cheana féin leis an mbliain.

Cad a dhéanfaimid gan cluichí craoibhe caide idirchontae chun an geimhreadh a chiorrú?

An dtaca seo anuraidh bhí an uile dhuine ag caint ar bhliain éachtach iomána ach, dar liom, i mbliana, tá an cúinne casta ag cluiche na caide agus cúlú déanta ó aicíd na pasála sall is anall, siar is aniar a bhí ag bagairt an bháis ar an gcluiche ársa.

Bhí tréimhsí i gcaitheamh an dara leath Dé Sathairn go raibh lucht leanúna Chiarraí ag búirthigh agus gan iad róthógtha leis an fhaid a chaith Áth Cliath i seilbh na caide.

Seachas é a cháineadh, ba cheart dúinn an fhorbairt atá tagtha ar an gcluiche a aithint agus bímis buíoch, chomh maith, d’Áth Cliath as bunéirim an chluiche a chaomhnú le linn dhubhthréimhse na himeartha ina mbíodh imirt dhiúltach agus síorphlúchadh le feiscint coitianta.

Cé go raibh sé ríshoiléir ó imirt an tSathairn go bhfuil paiste maith de bhóthar le cur díobh ag Ciarraí má tá sé i ndán dóibh Áth Cliath a stop an bhliain seo chughainn, is dóigh liom go bhfuil dóthain fianaise ann go bhfuil an bhearna ag cúngú beagán ar bheagán.

Tá Corcaigh, leis, ag teacht go tréan agus murach roinnt gortuithe a bhí míthráthúil agus cinniúnach, is dóigh liom go n-éireodh le Dún na nGall rian níos buaine a fhágaint ar chraobh na bliana seo. Aisteach go leor, beidh dhá roinn sraithe idir Chorcaigh is Dún na nGall i dtús na bliana 2020 tar éis dos na Conallaigh an t-ardú céime go Roinn 1 a bhaint amach san earrach agus Corcaigh in íochtar na hainnise leathbhliain ó shin ag titim go Roinn 3 don mbliain seo chughainn.

Cad eile atá romhainn amach agus cad leis ar cheart dúinn bheith ag súil ach a dtosnóidh an tsraith náisiúnta caide i ndeireadh mhí Eanáir?

Bhuel, beidh an Ghaillimh i dtaobh le bainistíocht nua agus le Cora Fine ina máistrí ar chluiche na gclub agus na mionúir ag sroichint cluichí ceannais uile Éireann trí bliana as na ceithre cinn atá caite, ba chóir go mbeadh bunchloch éigin le tógaint air. Cuimhnigh ar líon na n-imreoirí (Kilkenny, Mannion, McCaffrey srl) a fuair Áth Cliath as foireann mhionúir amháin a chaill craobh na hÉireann ocht mbliana ó shin agus tá cúis dóchais ansan féin.

Beidh Maigh Eo mar a bhíonn Maigh Eo – righin, réfhiáin agus tiarnúil ach ainneoin a bhfuil d’imreoirí á nochtadh acu, is deacair a shamhlú ná fuil a ndeis caillte acu.

Cad fé Thír Eoghain? Déanfaidh sé geimhreadh suaite i gcontae Uí Néill tar éis do Peter Donnelly, an fear is mó a bhí aitheanta lena ndul chun cinn le dhá bhliain anuas, iad a fhágaint chun tabhairt fé ról nua i gcúrsaí rugbaí i gCúige Uladh. Ní thaitneoidh agus ní thaitníonn san le lucht an traidisiúin. Is measa ná san é nuair a fhógraíonn Dia beag na caide ó thuaidh, Peter Canavan, gur de bharr cúrsaí airgid a bheag nó a mhór, a theitheadh. Beidh an chéad chor eile sa chontae ana-spéisiúil.

Ainneoin a ndíomá tar éis na craoibhe a chailliúint, tuigfidh Ciarraí go bhfuil dul chun cinn déanta ach beidh scóladh agus dó geirbe ag baint leis na botúin bhunúsacha a deineadh i rith na bliana. Ní hualach dóibh na ceachtanna a foghlaimíodh go daor agus iad ag tabhairt fén ngeimhreadh.

Trí chomhartha ar bhainisteoir maith foirne a deirtí riamh; ceansacht, ceannasaíocht agus cumas. Tá na tréithe sin go léir i Peter Keane ach tar éis a chéad chluiche craoibhe a chailliúint i mbliana (agus a chéad chluiche craoibhe riamh mar bhainisteoir tar éis trí bliana in uachtar leis an mionúir) raghaidh treascairt an tSathairn go dtí’n mbeo ann. Bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha ach ní dócha, dála Jim Gavin, go gcloisfear mórán ó Keane i gcaitheamh an gheimhridh. 

Ní thuigeann an sách don seang ná níor cheart go mbeifí ag súil go dtuigfeadh. Bainfidh Áth Cliath súp go cluasa as na laethanta is na seachtainí amach romhainn ach is gearr go dtosnóidh an fiach arís.

Is fada le cuid againn a thosnú.

Fág freagra ar 'Máirtín Tom Sheáinín, an sagart, Joe Brolly agus an bhiaiste chaide le teacht…'