Máirtín Tom Sheáinín agus ‘Comhrá’ ag filleadh ar TG4 i sceideal nua an earraigh

Deir lucht TG4 go bhfuil ‘tionchar’ na straitéise coimisiúnaithe nua a tugadh isteach sa stáisiún in 2016 ‘follasach’ i sceideal nua an earraigh

Máirtín Tom Sheáinín agus ‘Comhrá’ ag filleadh ar TG4 i sceideal nua an earraigh

Tá Máirtín Tom Sheáinín ag filleadh ar TG4 agus athbheochan á déanamh ar a chlár cainte Comhrá.

Comhrá, ar cuireadh deireadh leis in 2017, i measc na gclár a bheidh i sceideal an earraigh ag an gcraoltóir Gaeilge.

Tá roinnt cláracha nua le craoladh ar an stáisiún sa tréimhse amach romhainn agus deir lucht TG4 go bhfuil “tionchar” na straitéise coimisiúnaithe nua a tugadh isteach in 2016 “follasach” anois.

Faoin gcur chuige nua sin, ar chuir Ard-Stiúrthóir TG4 tús leis nuair a ceapadh é in 2016, bronnadh conarthaí ollsoláthair ilbhliana ar ocht gcomhlacht léiriúcháin neamhspleácha.

I measc na gclár nua a bheidh le feiceáil i sceideal nua TG4 tá Bailte, sraith faoi bhailte fearainn na Gaeltachta a gcuirfear tús anocht leis, Bádóirí, sraith ceithre chlár faoi thraidisiúin na mbád seoil i gConamara agus Truckers na hÉireann  ina dtugtar léargas ar shaol thiománaithe leoraí na hÉireann. 

Sa tsraith Síolscéalta tugann Aonghus Eoin Ó Coistealbha faoina chruthú dúinn gur féidir mórathrú domhanda a chur i gcrích ach glasraí orgánacha a fhás ar scála beag agus sa chlár Taoide/Tide déantar na scéalta agus an eolaíocht a bhaineann leis an taoide a chíoradh.

Sraith trí chlár is ea Mianach na mBan  ina ndéanann Aoife Ní Chasaide cur síos ar ghaiscí spóirt leithéidí Dame Mary Peters, Katie Taylor, Sonia O’Sullivan agus Derval O’Rourke.

Dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4 go raibh thart ar €62 milliún á infheistiú ag TG4 sna comhlachtaí ollsoláthair thar tréimhse ceithre bliana. 

Dúirt sé nach raibh aon amhras ach go raibh “toradh na hoibre sin le feiceáil go follasach sna cláir nua a bheidh le craoladh i sceideal an earraigh”. 

“Tá forbairt na gcomhlachtaí sin ríthábhachtach do thodhchaí na hearnála agus tá sé tábhachtach chomh maith go leagtar béim ar fhostaíocht d’ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu mar gheall go bhfuil lear mór den infheistíocht sin le déanamh i réigiúin agus i gceantair Ghaeltachta. 

“Is cláir don phobal iad seo atá déanta ag an bpobal. Léiriú iontach arís ar ‘Súil Eile’ TG4 atá anseo, measaim,” arsa Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.

Bhain roinnt conspóide le cur chuige nua Alan Esslemont nuair a ceapadh é in 2016.

In 2017, cuireadh deireadh le Comhrá agus le gach clár stiúideo eile a bhíodh á ndéanamh ag TG4 féin i mBaile na hAbhann. Ba mar chuid den chur chuige nua coimisiúnaithe a d’fhógair Esslemont, ag tús na bliana a socraíodh go gcuirfí deireadh le cláir amhail ComhráRóisín, Béaloideas Beo agus Seó Spóirt.

Bhain conspóid mhór go háirithe leis an gcinneadh deireadh a chur le Seó Spóirt, cinneadh a raibh go leor gearán faoi ar na meáin shóisialta agus ar na nuachtáin.

Fág freagra ar 'Máirtín Tom Sheáinín agus ‘Comhrá’ ag filleadh ar TG4 i sceideal nua an earraigh'

  • Anna Ni Fhiannusa

    Beidh fíor chaoin fáilte roimh ‘Comhrá’ agus Máirtín Tom Sheáinín ar sceideal an earraigh ar TG4. Ba cheann des na cláracha a bh’fearr ar feadh i bhfad. Bíonn daoine spéisiúla mar aoíanna leis agus rogha canúint Gaolainne le cloisteál.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Ba mhaith liom féin mar fhear foghlaim na Gaeilge abhus i nAlbainn go raibh “Comhrá” an-luachmhar agus úsáideach cionn agus – mar a deir Anna shuas – go bhfuil na haoíonna uafásach lách 7 spéisiúil agus na canúintí uilig le cloisteáil. Beidh mé ar bís lena gcloisteáil – bydad! :-)

  • Pól Ó Braoin

    Breathnóidh mé níos minice ar TG4 anois…
    … i bhfad níos fearr ná leithéid The Weakest Link a fheiceáil nuair a chasfas tú air an stáisiún teilifíse Gaeilge anseo…