Máirtín Tom Sheáinín réidh le dul i mbun ‘Comhrá’ arís agus athbheochan ar a chlár cainte ar TG4 á beartú

Cuireadh deireadh le Comhrá agus gach clár stiúideo eile a bhíodh á ndéanamh ag TG4 féin i mBaile na hAbhann anuraidh

Máirtín Tom Sheáinín réidh le dul i mbun ‘Comhrá’ arís agus athbheochan ar a chlár cainte ar TG4 á beartú

D’fhéadfadh go bhfuil aiséirí i ndán don chlár cainte aitheanta ar TG4 Comhrá ar cuireadh deireadh leis anuraidh.

Dheimhnigh Máirtín Tom Sheáinín, an craoltóir aitheanta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, do Tuairisc.ie aréir gur cuireadh ceist air le déanaí an mbeadh spéis aige an chár a chur i láthair arís, ach dúirt sé nach raibh aon eolas eile aige go fóill faoin scéal. Dúirt sé, áfach, go mbeadh suim aige Comhrá thabhairt ar ais.

Tháinig deireadh anuraidh leis an tsraith fhadbhunaithe ina gcuireadh Máirtín Tom Sheáinín faoi agallamh Gaeil as gach cúlra, ach tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuiltear ag beartú athbheochan a dhéanamh ar an gclár mar chuid de shocrú nua idir TG4 agus RTÉ.

Faoin socrú nua, is comhlacht léirithe  a dhéanfadh an clár cainte do RTÉ mar chuid dá sholáthar do TG4.

Faoin reachtaíocht, ní foláir do RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4 in aghaidh na bliana.

Bhí roinnt plé idir an dá stáisiún faoin soláthar sin le tamall, agus faoi chúrsaí nuachta go háirithe, agus is mar chuid den phlé sin a tháinig an smaoineamh chun tosaigh go dtabharfaí ar ais Comhrá.

Cuireadh deireadh le Comhrá agus le gach clár stiúideo eile a bhíodh á ndéanamh ag TG4 féin i mBaile na hAbhann anuraidh. Ba mar chuid den chur chuige nua a d’fhógair Ardstiúrthóir nua TG4, Alan Esslemont, ag tús na bliana seo caite a socraíodh go gcuirfí deireadh le cláir amhail Comhrá, Róisín, Béaloideas Beo agus Seó Spóirt.

Bhain conspóid mhór go háirithe leis an gcinneadh deireadh a chur le Seó Spóirt, cinneadh a raibh go leor gearán faoi ar na meáin shóisialta agus ar na nuachtáin.

Tháinig ceann eile de na cláir stiúideo a bhíodh á ndéanamh ag TG4 féin slán ón tua chomh maith – Seacht Lá. D’fhill an clár cúrsaí reatha i mbliana agus leagan amach nua air. Is iad RTÉ a chuireann Seacht Lá ar fáil do TG4 chomh maith.

Fág freagra ar 'Máirtín Tom Sheáinín réidh le dul i mbun ‘Comhrá’ arís agus athbheochan ar a chlár cainte ar TG4 á beartú'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Thaithin an clár seo liom agus é ag dul ar ais le fada an lá – agus ba bhreá liom é dá bpillfeadh sé cinnte!

  • Cluain Sceach

    Ar fheabhas!

  • Aine Ni Fhiannusa

    Fáilteofar roimh Comhrá má fhillean an clár iontach seo. Ba mhór an trua deire a chur leis.

  • Carraig

    Clár den scoth á láimhseáil ag Máirtín ar bhealach tuisceanach réchúiseach gairmiúil ag Máirtín. Ba léir go raibh na haíonna ar a suaimhneas ina láthair. An rud ba shuntasaí faoi go raibh siad sásta rudaí pearsanta a nochtadh dhó amhail is go raibh dearmad déanta acu den cheamara! Tair ar ais a Mháirtín a stór.