Máirín de Brún insealbhaithe ina hUachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2022

Ceapadh Máirín de Brún, iarstiúrthóir Gaeleagras, ar Choiste Náisiúnta an Oireachtais in 2003 agus ceapadh ina Cathaoirleach ar Bhord Stiúrtha an Oireachtais í ina dhiaidh sin

Máirín de Brún insealbhaithe ina hUachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2022

Insealbhaíodh i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné Máirín de Brún ina hUachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2022.

Chuir an tUachtarán nuathofa tús lena téarma oifige nuair a bronnadh Slabhra an Uachtaráin uirthi ag ócáid in Óstán an Gresham.

“Seirbhís dhílis, dhíograiseach atá tugtha ag Máirín de Brún don Oireachtas thar na mblianta”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais.  “Tréaslaím a gradam léi inniu agus í tofa mar Uachtarán ar an Oireachtas don bhliain stairiúil seo, 125 ár mbunaithe. Guím rath agus gach sonas uirthi i mbun na hoifige seo.”

Ceapadh Máirín de Brún ar Choiste Náisiúnta an Oireachtais in 2003 agus ceapadh ina Cathaoirleach ar Bhord Stiúrtha an Oireachtais í ina dhiaidh sin.

Is i gCaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin a rugadh agus a tógadh Uachtarán nua an Oireachtais. Bhain sí céim amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, theagasc sí  i Scoil na gCailíní, Dún Droma agus sa bhliain 1976 ceapadh í ina múinteoir Gaeilge i nGaeleagras na Seirbhíse Poiblí. Is le Gaeleagras a chaith Máirín an chuid eile dá saol gairmiúil – ag múineadh ar feadh scór bliain, agus mar Stiúrthóir ar an eagraíocht ar feadh cúig bliana déag.

Tá sí ina ball de go leor coistí eile, ina measc, Coiste na Gaeilge Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus Coiste Cumann Gníomhaíochta Lucht Scoir Bhaile an tSaoir.

Ina paróiste féin tá sí i bhfeighil an Chóir d’Aosaigh, tá sí ina ball den Choiste Tréadach agus ina rúnaí ar an gCumann Áitritheoirí .  Is iarbhall í de Bord Ard-Mhúsaem na hÉireann agus den Coiste Comhairleach um Athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil.

Tá An tOireachtas 125 bliain ar an bhfód i mbliana.

 

Fág freagra ar 'Máirín de Brún insealbhaithe ina hUachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2022'

  • alan titley

    Comhghairdeachas le Máirín. Is maith mar a shaothraigh sí an gradam. Treise léi, agus gach rath ar an Oireachtas.

  • Eimear Ní Chonaola

    Comhgháirdeas ó chroí a Mháirín. Seans maith go gcasfar ar a chéile muid roimh dheireadh na bliana. Tug aire agus ádh mór.

  • Tadhg Ó Duigneáin

    Comhghairdeachas a Mháirín. Ros Comáin abú.

  • Seán Ó Tuairisg

    Ba mhaioth liom treaslú leat a Mháirín ar do ghradam nua. Is maith atá sé tuilte agat. Níor rinne tú dearmad ariamh ar chúlra.

  • Seán Mag Leannáin

    Comhghairdeas, a Mháirín, agus go n-éirí go geal leat mar Uachtarán.

  • Mary O’Grady

    Máirín, we send you our warmest wishes and we congratulate you on your recent appointment. Frank and Mary O’Grady, Quin, Co Clare