‘Mairfidh oidhreacht Paddy Moloney sa gceol a chruthaigh sé agus a roinn sé leis an domhan mór’

Tá Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn ina measc siúd a bhfuil ómós léirithe acu do Paddy Moloney, fathach i saol an cheoil thraidisiúnta a bhásaigh an tseachtain seo.

‘Mairfidh oidhreacht Paddy Moloney sa gceol a chruthaigh sé agus a roinn sé leis an domhan mór’

Tá Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn ina measc siúd a bhfuil ómós léirithe acu do Paddy Moloney, fathach i saol an cheoil thraidisiúnta a bhásaigh an tseachtain seo.

Bhí sé 83 bliain d’aois.

Ba phíobaire, fear feadóige agus bodhránaí é Paddy Moloney, ceannaire an mhórghrúpa The Chieftains, a bhí lárnach in athbheochan an cheoil thraidisiúnta.

Dúirt Uachtarán na hÉireann, gur “mór an t-údar bróin” do phobal an cheoil “ar fud na cruinne” bás an cheoltóra Paddy Moloney.

“Thug saothar bhunaitheoir agus cheannaire na Chieftains inspioráid dóibh ar fad.

“Bhí cumas iontach ag Paddy mar cheoltóir uirlise, go háirithe ar an bpíb uilleann agus an bodhrán agus bhí sé ina cheannródaí san athbheochan ar an spéis i gceol agus i gcultúr dúchais na tíre seo ar fud na cruinne,” a dúirt an tUachtarán.

Fear a bhí ann a chothaigh “meas agus gean” don cheol Gaelach agus “a sháraigh gach aon teorainn cheoil”, a dúirt an tUachtarán.

I nDomhnach Cearna i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath a rugadh Paddy Moloney sa bhliain 1938. D’fhoghlaim sé an phíb uilleann ón máistirphíobaire Leo Rowsome. Ocht mbliana d’aois a bhí sé nuair a d’iarr sé ar a mhuintir seit píob de chuid Rowsome a fháil dó.

Bhí Paddy ag seinm le Ceoltóirí Chualann faoi stiúir Sheáin Uí Riada sula ndeachaigh sé leis na Chieftains i 1963. Ba é Paddy Moloney ceann feadhna an ghrúpa aitheanta sin ar feadh beagnach seasca bliain.

Tá breis agus scór albam curtha amach ag The Chieftains agus tá ceol cumadóireachta agus cóiriú le Paddy Moloney le cloisteáil ar an uile cheann.

Trína gcuid camchuairteanna, taifeadtaí agus fuaimrianta scannán, chuir The Chieftains ceol traidisiúnta na tíre seo i láthair lucht éisteachta nár chuala riamh cheana é ar fud na cruinne.

Thuill na Chieftains aitheantas chomh maith mar gheall ar an cheol a rinne siad i gcomhpháirt le ceoltóirí cáiliúla eile, ina measc Van Morrison, Kate Bush, James Galway, Paul McCartney, Nanci Griffith and Luciano Pavarotti.

Bhí Paddy Moloney lárnach i bhforbairt an cheoil Ghaelaigh agus é bainteach le bunú Cheirníní Cladaigh, an lipéad ar ar taifeadadh na chéad sé albam de chuid The Chieftains. I bpáirt le Breandán Breathnach agus Séamus Ennis bhí Paddy gníomhach i mbunú ‘Na Píobairí Uilleann’ i 1968 agus ba mhór a thionchar ar athbheochan na píbe uilleann.

Dúirt Uachtarán na hÉireann go mairfeadh oidhreacht Paddy Moloney “sa gceol a chruthaigh sé agus a roinn sé leis an domhan mór”.

“Ní hé amháin gur ceoltóir cruthanta ab ea Paddy ach nuair a bhunaigh sé Ceirníní Cladaigh le Garech de Brún, roinn sé an grá sin don cheol Gaelach ar gach ar chuala a chuid ceoil ar fud an domhain chomh maith leis an diaspóra.

“Rinne sé a shaothar mar léiritheoir ar mhaithe leis an gceol féin a chur chun cinn tráth gur bheag a bhí dá bharr mar luach saothair gnó,”  a dúirt an tUachtarán Ó hUigínn.

Tá teachtaireachtaí in ómós do Paddy Moloney á roinnt ar na meáin shóisialta ó fógraíodh scéal a bháis.

Dúirt an fliúiteadóir James Galway go raibh “fís agus paisean” ag Paddy Moloney an ceol a thabhairt os comhair an domhain.

Fág freagra ar '‘Mairfidh oidhreacht Paddy Moloney sa gceol a chruthaigh sé agus a roinn sé leis an domhan mór’'

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé leis laoch iontach a bhí ann agus uacht ar leith fágtha aige againn.