Mainicín cróga ag seasamh in aghaidh na bulaíochta

Cé go raibh sí gortaithe ag daoine a bhí ag magadh fúithi, thug Gigi Hadid freagra orthu siúd a mhaígh gur gnó do mhná ‘tanaí’ amháin é a bheith ag obair mar mhainicín

rtr4yevj_0

Tá beocht nua curtha sa díospóireacht faoi mhainicíní róthanaí ag teachtaireacht Instagram a sheol , (@gigihadid), le gairid, mar fhreagra orthu siúd a bhí á maslú agus ag magadh fúithi mar go raibh siad den bharúil go raibh sí ró-ramhar.  Agus í ag tagairt do lucht a cáinte, chuir an mainicín aitheanta in iúl don bheagnach 7 milliún duine a leanann í ar na meáin shóisialta nach aon bhréag a bhí ann go raibh sí gortaithe ag an dearcadh diúltach a bhí acusan a bhí á hionsaí.

“I represent a body image that wasn’t accepted in high-fashion before…Yes, I have boobs, I have abs, I have a butt, I have thighs, but I’m not asking for special treatment,” a dúirt sí sa teachtaireacht, a bhfuil os cionn an tríú cuid de mhilliún ‘like’ faighte aige go dtí seo.

Is cuma cén sainmhíniú a thugtar ar an bhfocal ‘ramhar’, ba dheacair é sin a lua le Gigi Hadid. Cinnte, níl sí chomh ‘tanaí’ le cuid de na mainicíní a bhfuil cáil agus tóir mhór orthu i dtionscal an fhaisin ach is léir nach bhfuil fúithi géilleadh don mhagadh ná don cháineadh.

Bhí tacaíocht mhór ann don tuairim gur bulaíocht a bhí ar siúl acu siúd a bhí ag caitheamh anuas uirthi. Dúirt sí féin gur chreid sí nach mbíonn aon tuiscint cheart faoin ábhar ag 99% dóibh siúd a bhí i mbun tráchta ar na meáin shóisialta.

Ach tá brí eile le baint as an seasamh atá tógtha aici – ‘sé sin nach bhfuil a leithéid de rud ann agus cruth nó cuma ‘cheart’ fad is a bhaineann le haon duine agus nár cheart don tionscal faisin a mhalairt a bhrú ar dhaoine.

Tá dul chun cinn an-mhór déanta sa tionscal ag Gigi Hadid nach bhfuil ach 20 bliain d’aois le  tamall gairid anuas. Oibríonn sí mar mhainicín go rialta i seónna móra ag cuid de na dearthóirí is fearr aithne ar domhan – Dolce & Gabbana, Chanel, Marc Jacobs, Versace, Tom Ford agus Victoria’s Secret.

Is iníon í le Yolanda Foster ón tsraith teilifíse ‘Real Housewives of Beverly Hills’ agus an t-ailtire ríshaibhir, Mohammed Hadid. Caitheann sí cuid mhaith ama lena cairde cáiliúla Taylor Swift, Justin Bieber, Lewis Hamilton, Carla Delevingne agus Kendall Jenner.

Ach is é an seasamh láidir atá tógtha aici ar son an chuid sin den phobal nach bhfuil cruth an supermodel orthu is mó atá ag tarraingt meas’ agus cáil uirthi anois.

Tugadh dlí nua i bhfeidhm sa Fhraince níos luaithe i mbliana chun cosc oibre a chur ar mhainicíní atá róthanaí. Is féidir fíneáil €75,000 nó téarma príosúin 6 mhí a ghearradh ar aon ghníomhaireacht mhainicíneachta nó ar lucht fógraíochta ansin a fhostaíonn mainicín a bheadh róthanaí.

Ach is mó tionchar agus éifeacht a bheas ag an teachtaireacht shimplí, shoiléir ó Gigi Hadid chun misneach agus féinmhuinín a spreagadh i measc na mban ná aon bhagairtí dlíthiúla.

Fág freagra ar 'Mainicín cróga ag seasamh in aghaidh na bulaíochta'