Má thiteann an spéir dáiríre, tá a fhios agam cá bhfaighidh mise post

Mearbhall, giodam, ach sa deireadh, suaimhneas aisteach a chuir cuairt ar sheastán na bpéinteanna in ollsiopa ‘déan tú féin é’ ar ár gcolúnaí

Má thiteann an spéir dáiríre, tá a fhios agam cá bhfaighidh mise post

Faoi dheireadh, tá a fhios agam cén post ba mhaith liom a bheith agam nuair a bheidh mé fásta suas.

An lá cheana agus mé in ollsiopa den chineál ‘déan tú féin é’, mheall seastán na bpéinteanna m’aird. Seastán mór leathchiorclach a bhí ann ina raibh boscaí do na céadta cártaí, a dhath féin ar gach ceann acu sin, agus gan ach oiread na fríde de dhifríocht idir na himreacha éagsúla.

Mar sin féin bhí ainm dá chuid féin ag chuile dhath.

‘Caife’ a bhí ar dhath donn dorcha, ‘Dufair’ a bhí ar dhath glas a mheabhródh crainn mhóra mhaorga duit, agus ‘Clóbh’ a bhí ar dhath éigin idir eatarthu. Togha, dathanna péinte a bhí iontu sin, mar a déarfadh fear an Bhéarla, ‘a dhéanann mar a ndeirtear ar an gcanna’.

Ach de réir mar a léigh mé na hainmneacha a bhí tugtha ag lucht an tsiopa ar na dathanna éagsúla, tháinig mearbhall orm ar dtús, giodam ansin, ach sa deireadh, suaimhneas aisteach.

Tosaímis leis an mearbhall.

‘Dé Máirt’ a bhí baiste acu ar dhath fannuaine éigin a mheabhródh cóta máinlia duit agus ‘Ardteist’ ar imir den dath céanna a bhí oiread na fríde níos éadroime.

‘Ardteist’? Ar mhaith leatsa dath darbh ainm ‘Ardteist’ a bheith ar na ballaí i do sheomra suí?

Ach ní raibh ansin ach an tús.

‘Fondúireacht’ a bhí ar imir níos éadroime fós den uaine, ‘Fabhrach’ a bhí ar dhath liathchorcra éigin, agus ‘Díbholaíoch’ – is ea, an stuif sin a spraeálann tú faoi do chuid ascaillí – ‘Díbholaíoch’ a bhí baiste acu ar dhath a bhí leathbhealach idir liath agus dath an uachtair.

Phléasc rud éigin i m’aigne nuair a chonaic mé an t-ainm ‘Níos Áille’ ar imir den chré-umha. ‘Níos Áille’ ná céard in ainm an diabhail? Go gairid ina dhiaidh sin tháinig mé ar imir den liath darb ainm ‘Séid’. Is ea, an modh ordaitheach den bhriathar sin. Níor chuala mise riamh faoi éinne a thug ordú don ghaoth. Ar chuala tusa?

In áiféise fós a chuaigh rudaí nuair a tháinig mé chomh fada le dath geal uaine darb ainm ‘Orgán Bairille’. Ní fhaca mé orgán bairille ar an dath sin riamh i mo shaol.

Ach ba bheag nár thit mé as mo sheasamh nuair a chonaic mé gurbh ‘Éire’ an t-ainm a bhí baiste acu ar imir an-an-éadrom den liathchorcra.

‘Éire’ mar ainm ar dhath ar bith eile seachas imir den ghlas? An raibh tuiscint ar bith ar an gcultúr agus ar an stair ag an dream a chum na hainmneacha sin?

Faraor géar, ba léir nach raibh. Gan mhoill tháinig mé ar dhath a mheabhródh feoil an bhradáin duit darb ainm ‘Crosáid’. Crosáid, tá a fhios agat: na feachtais mhíleata sin a d’eagraigh Críostaithe iarthar na hEorpa thart ar mhíle bliain ó shin chun an talamh naofa a shaoradh, mar dhea, agus go leor Moslamach a mharú.

‘Crosáid?’ a dúirt cara liom nuair a chuir mé téacs chuici ar an bpointe boise chun an scéal a phlé léi, ‘cén fáth,’ a dúirt sí, ‘nach dtabharfaidís ‘Cinedhíothú’ ar an dath sin agus a bheith réidh leis?’

Saoithín teanga í an cara sin chomh maith agus ní raibh neart againn orainn féin: an chéad rud eile thosaigh muid ag cumadh ainmneacha péinte dár gcuid féin. Bhí ‘Staidéar Féidearthachta’ – meascán den bhéas agus den bhradán – agus ‘Forbairt Pobail’ – dath uaine éadrom a shamhlófá ar bhallaí oifige – ar chuid de na hainmneacha ar tháinig muid aníos leo.

Ag magadh a bhí muid gan dabht, ach ar bhealach aisteach éigin chuir an chuairt sin ar an siopa ‘déan tú féin é’ ar mo shuaimhneas mé, agus thug sólás dom.

Tá sléacht agus ár i ngach ceird agus tá olltubaiste aeráide ag druidim linn. Ach i gcúinne ciúin éigin i bhfoirgneamh oifige mór millteach, ag bun pasáiste an-an-fhada, samhlaím, tá rannóg leathdhearmadta, beag beann ar an saol mór, rannóg nach mbíonn rud ar bith le déanamh ag na feidhmeannaigh ann ach ainmneacha a chumadh do na himreacha nua de sheandathanna a chruthaíonn na leaids sa tsaotharlann.

Agus má thiteann an spéir dáiríre, gheobhaidh mise post sa rannóg sin.

Fág freagra ar 'Má thiteann an spéir dáiríre, tá a fhios agam cá bhfaighidh mise post'