Má tá cuma dhíchéillí dhainséarach ar an mBreatimeacht, b’fhéidir gur Breatimeacht díchéillí dainséarach atá ann…

Ní haon dochar é mar sin cuimhneamh ar riail na lachan agus tionchar an tsíorghuairneáin ghaoithe pholaitiúil in Westminster ar chúrsaí an oileáin seo á bhreithniú againn

Má tá cuma dhíchéillí dhainséarach ar an mBreatimeacht, b’fhéidir gur Breatimeacht díchéillí dainséarach atá ann…

Mar is eol do dhaoine ar fud na hEorpa faoin tráth seo, tá easaontas agus éidreoir as cuimse i réim i bparlaimint na Breataine. An tuairim is minice a chloistear nuair a iarrtar ar iriseoirí macánta i Londain an chríoch a bheidh ar scéal an Bhreatimeachta a thuar – ‘níl tuairim agam’.

Ní haon dochar é mar sin cuimhneamh ar riail na lachan agus tionchar an tsíorghuairneáin ghaoithe pholaitiúil in Westminster ar chúrsaí an oileáin seo á bhreithniú againn. Más ar nós na lachan a shiúlann, a shnámhann agus a dhéanann vácarnach, is dóigh gur lacha atá ann 

Dá bhrí sin:

Má tá neamhshuim chomh follasach á déanamh de leas eacnamaíochta na Breataine ag rialtas agus ag parlaimint na Breataine agus go gceapfá go raibh go leor airí agus feisirí thall beagnach as a meabhair, b’fhéidir go bhfuil siad beagnach as a meabhair.

Agus…

Má tá an chosúlacht ar a ndeirtear go minic in Westminster nach bhfuil aird mar ba chóir á tabhairt ag an móramh ar an tsíocháin i dTuaisceart Éireann, ar chothrom na Féinne ná ar Chomhaontú Aoine an Chéasta,  b’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil an móramh ar nós cuma leo faoin Tuaisceart.

Agus…

Má tá gach cuma ar an chúrsaí Breatimeachta nó cruaBhreatimeachta nach mbeidh aon dul as ag an rialtas abhus ach teorainn nua a bhunú ar dhóigh éigin, b’fhéidir, ainneoin tost an rialtais, gur teorainn nua atá romhainn,. 

Maidir leis an mbarúil sin faoi cheist na teorann, tá tost an rialtais intuigthe agus roghanna Breatimeachta fós á bplé in Westminster. Nó, ba chirte a rá, agus roghanna Breatimeachta á seachaint ainneoin na díospóireachta go léir, an plé roimh vóta na Céadaoin in aghaidh an Bhreatimeacht gan mhargadh san áireamh.

“Táimid toilteanach labhairt [leo],” a dúirt leas-aire Eorpach na Gearmáine Michael Roth sular fógraíodh toradh na vótála, “ach ní chloistear caint shoiléir ón mBreatain ach ar na rudaí nach dteastaíonn uathu, seachas an rud atá uathu.”

Is léir an chontúirt do gach aire rialtais i mBaile Átha Cliath agus an scéal amhlaidh thall. Ní chun leas na tíre seo a bheadh sé dá dtarraingeofaí ráiteas ró-scaoilte ó aire rialtais as an tír seo isteach i gconspóid an Bhreatimeachta thall. Cuimhnigh, mar shampla, ar an gcáineadh a rinneadh ar an Taoiseach anuraidh tar éis do nuachtáin éagsúla sa Bhreatain tuairisciú míchruinn a dhéanamh ar a ndúirt sé faoi eitiltí Briotanacha in aerspás na hÉireann.

‘AIRHEAD IRISH PM: I’LL BAN BRITISH PLANES’ a dúradh i gceannlíne ar phríomhleathanach an Sun. Ní raibh bagairt dá leithéid i ráiteas an Taoisigh in aon chor – bhí sé ag tagairt do na deacrachtaí ceadúnais a chuirfeadh as d’eitleáin na Breataine ar fud an AE tar éis Breatimeachta crua. 

Is treise an brú a chuirtear ar airí gan labhairt faoi na beartais chustaim agus iniúchta a chuirfear i bhfeidhm in aice na teorann nó in áit éigin eile má fhágann an Bhreatain an tAontas Eorpach gan margadh a dhéanamh roimh ré.

Thug an tAire Talmhaíochta Michael Creed ‘beartais thubaisteacha” ar na taraifí iarBhreatimeachta a d’fhógair rialtas na Breataine inné. Ach freagra dá laghad ní raibh aige ar an gceist shimplí a chuir Audrey Carville air ar Morning Ireland dhá mhí ó shin, ceist a cuireadh air arís inné: cén scrúdú nó iniúchadh a dhéanfar tar éis an Bhreatimeachta ar leoraí bainne a bheas ag taisteal thar teorainn idir contae Dhoire agus contae Dhún na nGall?

Ní féidir faisnéis iomlán a thabhairt fós fad agus atá sonraí an Bhreatimeachta faoi chaibidil i Londain, ach chuirfeadh airí rialtais go leor daoine ar a suaimhneas de bheagán dá n-admhóidís go mbeidh sonraí ar fáil dúinn go luath faoin gcóras agus rialacha a bheadh ann. Is le neamhthoil an rialtais a chuirfí i bhfeidhm iad, ach ní bheadh aon rogha acu. Chuirfeadh an tAontas Eorpach iachall orthu teorainn eacnamaíochta an AE a chosaint.

Idir an dá linn, is fiú cuimhneamh arís ar na lachain agus na taraifí a d’fhógair an Bhreatain Dé Céadaoin á meá:

Má tá an chuma ar na taraifí a d’fhógair an Bhreatain go mb’fhéidir gur d’fhonn brú a chur ar an AE a fógraíodh iad, agus d’fhonn rialtas na hÉireann, go háirithe, a scanrú, b’fhéidir gur bolscaireacht agus buaileam sciath a bhí i gceist seachas córas docht daingean nach bhfuil aon athrú i ndán dó.

Fág freagra ar 'Má tá cuma dhíchéillí dhainséarach ar an mBreatimeacht, b’fhéidir gur Breatimeacht díchéillí dainséarach atá ann…'

  • Seán Mac Bhriain

    Nach aoibhinn Dia do http://www.tuairisc.ie go bhfuil iriseoir mar Chathal acu. Ní raibh aon alt uaidh dár léigh mé ariamh (i nGaeilge nó i mBéarla) nach raibh ciallmhar, stuama agus – seo é is tábhachtaí – bunaithe ar fhíricí a baineadh as taighde chríochnúil, de réir cosúlachta.