Má éiríonn leis an taobh ‘Níl’ sa reifreann beidh am againn machnamh a dhéanamh ar cad is comhbhá ann dáiríre

An reifreann é seo ar ghinmhilleadh nó an reifreann é faoin gcumhacht ina thaobh a bhronnadh go huile is go hiomlán ar an rialtas?

Má éiríonn leis an taobh ‘Níl’ sa reifreann beidh am againn machnamh a dhéanamh ar cad is comhbhá ann dáiríre

‘C’est fait?’ ‘Tá sé déanta?’.

B’in a dúirt cailíní sa seomra feistis sa bhialann le Joelle nuair a d’fhill sí ar an obair  tar éis di ginmhilleadh a bheith aici.

Bhí sí suite ar bhinse, ag caitheamh toitín agus ag stánadh chun tosaigh, a dhá súil gan aon bheocht iontu.

Bheadh orm filleadh ar Éirinn le haghaidh coinne fiaclóra go gairid ina dhiaidh sin, agus bhí níos mó suime á cur ag na cailíní i m’fhiacail thinn ná mar a léirigh siad i gcás Joelle.

An rabhadar chun ainéistéiseach láidir a thabhairt dom? An mbeadh sé pianmhar? Cathain a bheinn ar ais? A mhalairt mar a chaitheadar le Joelle bhocht. Bhí ‘tinneas’ ormsa agus ba cheart dom aire a thabhairt dom féin.

Bhí mé 20 bliain d’aois agus mé i mo mhac léinn i bPáras. B’in é an chéad uair a bhuail mé le bean a raibh ginmhilleadh aici (bhí cosc nach mór labhairt faoina leithéid in Éirinn) agus bhí ionadh an domhain orm gur chuir m’fhiacail thinn isteach níos mó ar mo chairde sa bhialann ná mar a chuir an scéal a bhí ag an gcailín bocht a bhí tar éis deireadh a chur le beatha a páiste lá nó dhó roimhe sin.

Ba dhóigh leat nuair a tháinig sí ar ais go dtí an obair, ag déanamh burgar do na turasóirí ar an Champs Elysées, nach raibh aon rud tarlaithe di.

Thart ar 10 mbliana ó shin thuig mé den chéad uair an phian a bhíonn á fulaingt ag na mílte ban sa tír seo mar gheall ar an toircheas. Ní ó thaobh toirchis neamh-inmhianaithe de, ach a mhalairt. Na mná ar fad (agus tá na mílte acu ann) a mbíonn fadhbanna torthúlachta acu. Na mná sin nach féidir leo éirí torrach. B’in an chéad uair ar fhoghlaim mé faoin neamhthorthúlacht thánaisteach agus gur thug mé cuairt ar chlinic. Ní féidir cur síos ar an uafás a bhain leis an scéal – an t-anbhá, an dóchas bréagach, na tástálacha diúltacha le haghaidh toirchis, ceann i ndiaidh a chéile, an easpa reachtaíochta, an saol mar a bhí ina stad, na deora, an cosc ar thaisteal rófhada mar gheall ar an ngá instealltaí a choimeád sa chuisneoir sa bhaile, an lá leagtha amach duit bunaithe ar na hamanna ba ghá duit na hinstealltaí sin a ghlacadh. Ach ba é an ní ba chruálaí ar fad an dóchas bréagach a thug foireann an chlinic dom go raibh seans go mbeadh cúpla agam. Is é an droch-eispéireas seo ba chúis liomsa cinneadh a dhéanamh gan tacú le foirceannadh toirchis.

Ó shin i leith choinnigh mé mo thuairimí chugam féin.

Is mar gheall ar na hargóintí a chuala mé le cúpla  seachtain anuas ón taobh ‘TÁ’ sa bhfeachtas reifrinn seo a shocraigh mé labhairt amach.

Léigh mé an leabhar ón gCoimisiún Reifrinn agus rith an cheist seo liom. ‘An reifreann é seo ar ghinmhilleadh nó an reifreann é faoin gcumhacht ina thaobh a bhronnadh go huile is go hiomlán ar an rialtas?’

Cén fáth a bhfuil drogall ar roinnt dochtúirí teaghlaigh tacaíocht a thabhairt d’othar a bheas ag lorg ginmhillte? Cén fáth nach bhfuil an Rialtas tar éis dul i gcomhairle leo?

Cad faoin easpa measa ar dhiúltóirí coinsiasacha san earnáil leighis?

Cad í an difríocht idir dochtúir teaghlaigh a bheith ag tabhairt piolla ginmhillte do chailín agus í a chur abhaile agus an cailín céanna a bheith ag fáil an phiolla céanna ar líne?

Cén fáth a bhfuilimid ag baint úsáide as íospartaigh éignithe mar leithscéal sa reifreann seo nuair nach bhfuil reachtaíocht ar bith ann chun monatóireacht leictreonach a dhéanamh ar chiontóirí gnéis, nuair nach bhfuil dóthain ionaid éigeandála um éigniú againn agus nuair atá téarmaí príosúin róghairid á ngearradh ar chiontóirí gnéis sna cúirteanna?

Cén fáth a bhfuilimid ag úsáid páistí atá faoi mhíchumas mar leithscéal nuair is gá do thuismitheoirí páistí le riachtanais speisialta troid i gcoinne an chórais go rialta chun nithe bunúsacha a fháil.

Smaoiním siar go 1987 agus Joelle bhocht. Bheadh an páiste sin 30 bliain d’aois anois.

Agus mé ag féachaint chun tosaigh ar reifreann an 25 Bealtaine cuimhním ar na leasuithe go léir a d’fhéadfaí a dhéanamh chun breis cúraim agus tacaíochta a thabhairt do mhná, ina measc seirbhís scagthástála ceirbheacs níos fearr a chur ar fáil, níos mó ionaid a oscailt a dhéanfadh freastal ar dhaoine a ndearnadh ionsaí gnéis orthu agus fíorthacaíocht a chur ar fáil do thuismitheoirí páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu.  Má éiríonn leis an taobh ‘Níl’ sa reifreann seo beidh am againn machnamh a dhéanamh ar cad is comhbhá ann dáiríre agus beidh seans againn iarracht a dhéanamh na leasuithe sin a chur i bhfeidhm. Más ‘Tá’ an toradh, beimid i ndiaidh cumhacht an phobail a bhronnadh ar ghrúpa beag polaiteoirí. Más ‘Tá’ an toradh, dúiseoimid Dé Domhnaigh agus cinneadh críochnúil déanta againn, agus ráiteas déanta againn dá réir, ‘Tá sé déanta. C’est fait!’.

– Is comhairleoir neamhspleách í Deirdre Donnelly do cheantar Dhún Laoghaire

Fág freagra ar 'Má éiríonn leis an taobh ‘Níl’ sa reifreann beidh am againn machnamh a dhéanamh ar cad is comhbhá ann dáiríre'

  • Mick

    An ceart ar fad agat a Dheirdre – Cad chuige an chluas bhodhar á thabhairt do na Gaeil a raibh cónaí orthu thar sáile (sa Bhreatain, sa Fhrainc) i dtíortha go raibh an ginmhilleadh mar “fast food”?
    Cad chuige a laghad díospóireachta atá ann (cinsireacht arís nach ea abraimis an fhírinne) agus an fuadar atá faoi leithéidí Varadkar, Harris agus lucht “Tá” an rud seo a bhrú orainn chomh tapa agus is féidir? Scaremongering, bagairtí (“mura vótálann sibh don rud seo”) agus an “fake news” go léir –
    “ní bheidh tionchar ar bith aige seo ar pháistí beaga le míchumas etc….!”
    An síleann na polaiteoirí gur aineolaigh is amadáin iad muintir na hÉireann?
    Tá sé dochreidte. Ní tharlódh a leithéid in aon Phoblacht cheart eile ar domhan.
    An tír saor neamhspleách í Éire i ndáiríre?
    Ag iarraidh an dallamullóg a chur ar phobal na hÉireann arís eile…Tá an fhírinne searbh agus garbh…