Lucht na hardchathrach ar an mbóthar siar tráthnóna buí gréine agus iad sa tóir ar an sean-splanc

Beidh Gaillimh ag súil nach bhfaighidh tosaithe Átha Cliath oiread deiseanna is a fuair Maigh Eo coicíos ó shin i gCaisleán an Bharraigh

Lucht na hardchathrach ar an mbóthar siar tráthnóna buí gréine agus iad sa tóir ar an sean-splanc

Con O'Callaghan. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Nach anois a bhí an fhíorchraobh in ainm is tosnú? Ná dúramar linn féin i dtús na craoibhe an mhí seo caite go bhféadfaimis a bheith ag máinneáil linn go neafaiseach tríd na craobhacha cúige agus nuair a bheadh deireadh le cogaí na mba maola, go bhféadfaimis tús a chur i gceart leis an iomaíocht?  

Anois, áfach, braitheann an uile dhuine atá ag faire ar chluichí caide go bhfuil gá le sánas éigin chun anáil a tharrac sara dtabharfar fé chraobh uileÉireann. N’fheadar an leor an méid a thit amach i bPáirc a’ Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite agus i gCluain Eois an lá roimis chun na craobhacha cúige a shlánú ach ar chuma éigin, braithim go bhfuil rud éigin bunúsach athraithe ó bhonn ins na cúigí agus aiséirí agus athmhúscailt éigin tarlaithe nach féidir dul siar air. 

Tá baint, gan dabht, ag na leasuithe atá déanta ar rialacha na gcluichí leis an athrú seo ach, nach ait é, is dóigh liom go bhfuil seasamh nua bainte amach ag cluiche na caide féin de dheasca an mheatha atá tagtha ar Áth Cliath agus go mbeadh an áirithe sin de bhorradh tagtha ar spéis na muintire inti beag beann ar na rialacha. B’fhéidir gurb é a bhí i ndán in 2025 mar ní fhéadfadh rudaí éirí níos measa ná mar a bhí anuraidh.   

Tugann san go dtí cluiche an tráthnóna i mBóthar na Trá sinn agus luath-éachtaint á lorg againn ar an dteacht aniar, más ann in aon chor dó, atá i ndán do Dessie Farrel agus a chriú. 

Is é seo an chéad chluiche craoibhe lasmuigh de Pháirc a’ Chrócaigh idir Áth Cliath agus Gaillimh ón mbliain 1933 agus is chuige seo agus laethanta mar seo a cruthaíodh an córas craoibhe atá i réim anois – lucht na hardchathrach ar an mbóthar siar, tráthnóna buí gréine agus iad sa tóir ar bhlaiseadh den seanadhraíocht agus den seanasplanc atá ag éalú uathu i ngan fhios dóibh féin. Más aon slat tomhais gnéithe áirithe dtaispeántas in aghaidh na Mí trí seachtaine ó shin i bPort Laoise, tá Áth Cliath i bponc.  

Beidh Gaillimh ag súil nach bhfaighidh tosaithe Átha Cliath oiread deiseanna is a fuair Maigh Eo coicíos ó shin i gCaisleán an Bharraigh. B’fhéidir nach bhfuil Seán Bugler ar fáil d’Áth Cliath ach tá Con OCallaghan agus Ciarán Kilkenny fós aibí agus ní gá an dara cuireadh i mbéal an bháide a thabhairt ach an oiread do Niall Scully, Paddy Small agus Colm Basquel. Bhí rud éigin anashocair agus anadhiongbhilte faoin tslí a sheas cosantóirí na Gaillimhe an fód i mbéal na gaoithe i gcluiche ceannais Chonnacht, áfach, agus taibhsítear dom gur foireann iad atá anamhór istigh leo féin agus lena múnla imeartha.  

Má imríonn Shane Walsh sa ról atá ceaptha dó ar an ndaichead slat, beidh anachoimhlint idir é féin agus John Small ach nílid ag brath ar Walsh amháin chun tosaigh a thuilleadh. Bhí Cillian McDaid agus Céin Darcy thar barr in aghaidh Mhaigh Eo agus má fhanann sé saor ó ghortuithe, ní dóigh liom go gceansóidh aoinne i líne lánchúil Átha Cliath Rob Finnerty. Is beirt anadhifriúil iad Paul Conroy agus John Maher i gcomparáid le Peadar Ó Cofaigh Byrne agus Tom Lahiff ach is ó lár a ghoirt siar atá an feabhas is mó tagtha ar Ghaillimh. Léirigh an bhlocáil dhéanach a dhein Dylan McHugh i gcluiche ceannais Chonnacht, an fonn agus an scamhadh chun imeartha atá ar chosantóirí na Gaillimhe mar aonad agus is cosúil go bhfuil Pádraic Joyce ag coimeád imreoirí maithe ar nós Sheán Fitzgerald ar tinneall, d’fhonn an leibhéal cuí iomaíochta a chruthú i measc a chuid imreoirí.  Ainneoin a bhfuil scríte agus ráite ag iarimreoirí de chuid Átha Cliath agus iad ag iarraidh a seanachomhrádaithe a spreagadh chun gnímh aon bhabhta amháin eile, ní féidir aon ní ach an bua a shamhlú don nGaillmh tráthnóna.  

Is deacair cás a dhéanamh do Ros Comáin i gCill Airne inniu. Cé gur cailliúint é Paudie Clifford do Chiarraí, tá Joe O’Connor ag imirt san áit ar mhaith leo é a bheith arís le filleadh Dhiarmuda Uí Chonchúir agus bhí tréimhsí ins an chéad 20 nóimeat in aghaidh chontae an Chláir go dtug Ciarraí léaspairtí beaga solais uathu a thabharfadh le tuiscint go bhfuil níos mó le teacht uathu. Is deacair, áfach, éalú ón dtuairim go mbeidh ar Chiarraí saothrú leo go ciúin ar chúl an stáitse an fhaid is atá foirne eile ag bláthú agus ag cruachtaint os ár gcomhair amach. Is furaist don leathfhonn leithscéal a fháil ach níor cheart go mbeadh Ciarraí leathfhonnmhar ná leithscéalach inniu. Má tá aon fhonn in aon chor inniu ar Chiarraí agus má bhíonn an meon is an cur chuige ceart, ní bheidh Ros Comáin ag gabháil geataí Staid an Ghearaltaigh amach leis an mbua.  

Is deacra íochtarán agus uachtarán a dhealú glan amach óna chéile i gcluichí an lae amáirigh in Inis agus i gCaisleán an Bharraigh ach beifear ag faire amach i gcásanna an Chláir agus Mhaigh Eo do chomharthaí sóirt den tnáitheadh agus den gcrá croí a ghabhann le cluiche ceannais cúige a chailliúint. Tá mórán oibre le déanamh ag Peter Keane agus Kevin McStay chun sprid a athmhúscailt agus chun a dteachtaireachtaí dóchais is sóláis a chur ina luí gaidhte ar a mbuíonta imreoirí.  Fiú má éiríonn leo an méid sin féin a dhéanamh agus má éiríonn contae an Chláir agus Maigh Eo nglúine, an gcuirfeadh sé iontas ort dá mba leis na foirne Ultacha, an Dún agus an Cabhán, a thitfeadh an lá?    

Fág freagra ar 'Lucht na hardchathrach ar an mbóthar siar tráthnóna buí gréine agus iad sa tóir ar an sean-splanc'