Lucht feachtais sa Bhreatain Bheag ag cur i gcoinne éilimh go ndéanfaí aithris ar fhotheidil TG4

‘Tá siad ann díreach le cur i gcuimhne do lucht na mionteanga go bhfuil siad faoi chois ag lucht an Bhéarla’ - gníomhaí Breatnaise ar cheist na bhfotheideal

S4C

Tá lucht feachtais sa Bhreatain Bheag ag impí ar lucht ceannais an stáisiúin Breatnaise S4C neamhaird a dhéanamh ar éileamh iar-Phríomhfheidhmeannach an stáisiúin fotheidil loiscthe a chur ar na cláir uile a chraoltar.

Roimh an Nollaig, dúirt Tweli Griffiths, a chaith dhá bhliain ina choimisiúnaí clár faisnéise do S4C, go mba cheart don stáisiún aithris a dhéanamh ar TG4 agus fotheidil loiscthe Bhéarla a chur ar chláir le daoine nach bhfuil aon Bhreatnais acu a mhealladh.

Dúirt Griffiths gur cheart déanamh amhlaidh toisc líon na gcainteoirí Breatnaise a bheith ag dul i léig.

Bhí fotheidil Bhéarla ar 78% de na cláir a craoladh ar S4C le linn na mblianta 2014 agus 2015. Thug Rachel Evans, leas-stiúrthóir S4C, le fios don BBC nach bhfuil aon phlean ag an stáisiún fotheidil loiscthe a chur i bhfeidhm faoi láthair agus nach ndearna aon dream a leithéid d’éileamh go dtí seo.

Dúirt an Dr Simon Brooks, gníomhaí Breatnaise agus iar-eagarthóir na hirise Barn,

go gcaithfí cur in aghaidh aon iarrachta a dhéanfaí polasaí fotheidealaithe an stáisiúin a athrú.

Simon Brooks
An Dr Simon Brooks. Pictiúr: GáidhligTV

Mhol an Dr Brooks iarrachtaí an ghrúpa feachtais GáidhligTV in Albain, grúpa atá ag cur i gcoinne fhotheidil Bhéarla agus ró-úsáid an Bhéarla ar an stáisiún BBC Alba.

“Léiriú eile a bhí sa mholadh a rinneadh le déanaí gur cheart fotheidil loiscthe Bhéarla a bheith ar chláir Bhreatnaise ar na hiarrachtaí atá ar bun an cultúr Breatnach a dhéanamh Gallda, dátheangach. D’fhágfadh sé go mb’ionann an Bhreatnais agus rud beag breise leis an mBéarla, rud a dhéanfadh dochar mór, nach bhféadfaí a leigheas, ar fhéinmheas cainteoirí Breatnaise.

“Má tá gach focal Breatnaise ar fáil go comhuaineach i mBéarla, cén feidhm atá ag an mBreatnais? Caithfimid troid in aghaidh seo. Féadfaimis foghlaim ó mhionteangacha eile, leithéidí an fheachtais in aghaidh na bhfotheideal loiscthe Béarla ar BBC Alba. Mo bheannacht ar na feachtasóirí,” a dúirt Brooks.

Dúirt sé gur chóir gur ‘tearmainn’ a bheadh sa Bhreatnais, sa Gháidhlig agus sa Ghaeilge.

“Caithfidh stáisiúin teilifíse na mionteangacha cuid de na tearmainn seo a thabhairt dúinn. Má tá fotheidil loiscthe Bhéarla ar an scáileán, ní uirlisí éifeachtacha iad na stáisiúin teilifíse do phobail na mionteangacha. Go deimhin, is mó dochar ná sochar a dhéanfaidh siad. Bheidís ann díreach ar mhaithe le cur i gcuimhne do lucht na mionteanga go bhfuil siad faoi chois ag lucht an Bhéarla,” a dúirt an Dr Brooks.

Fág freagra ar 'Lucht feachtais sa Bhreatain Bheag ag cur i gcoinne éilimh go ndéanfaí aithris ar fhotheidil TG4'